Nuacht Litir 2/7/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Tríú Domhnach Déag Saor

(2/7/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Domhnach 11.30rn
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 9.30rn
Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine 7ú Iúil —9.30rn – I gcuimhne an that Donal Ó Briain
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnach 11.30in
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Adhradh Dé hAoine óna 6.00in-7.00in
Domhnach – 11:30rn


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí


Jamie Ó Liatháin, Cill Áirne agus Londain
A fuair bás an tráth seo bhliana
An tAth. Donal Ó Briain
Michael agus Margaret O’Brien, Árdan Ghobnatan
Seán & Christine Lehane, Sliabh Riabhach
Maureen agus Paddy Lyons, Baile Mhic Íre
Mary O’Mahony Cill Chrocháin
Máire Mac Suibhne, Bóthar Chill Áirne, MagCromtha
Free Lynch, Gort an Imill
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Peter McSweeney, Cluandroichead
John Dineen, St. Colman’s Pk & Cnoc Rua
Denny Ó Laoire, Ath an Chonnaigh
Patrick & Josephine Healy, Cluainte Uí Chárthaigh
Jim Burke, Lios Buí
Nora Ó Drisceoil, Cathair Mor, Béara
Canon Michael P. Harrington, Cill na Mullach agus Cúil a Bhuacaigh
Tom Murphy, Cnoc Rua
William & Ellen Ó Sé Gleannmaighir
Mikey Ó Ríordain, Cathair Daithi

 


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an dara Leabhar Ríthe          4:8-11. 14-16
Féach, táim cinnte gur fear naofa le Dia an fear seo.

Lá dá raibh Eilíseá ar a bhealach go Siúnaem, chuir bean uasal a bhí ina cónaí ann tathant air agus tráth bia a bheith aige ann. As sin amach dhéanadh sé moill I gcónaí le haghaidh béile nuair a thagadh sé an bealach sin. Dúirt sí lena fear céile:
Féach, táim cinnte gur fear naofa le Dia an fear seo a bhíonn ag síorthaisteal an bealach seo againne. Tógaimis seomra beag ar an díon dó agus cuirimis leaba ann faoina choinne agus bord agus cathaoir agus lampa; uair ar bith dá dtagann sé chugainn, is féidir leis a scíste a dhéanamh ann.”

Lá dá dtáinig sé, isteach leis sa seomra in airde agus chuaigh sé a luí.
Cad is féidir a dhéanamh ar a son seo, más ea?” a d’fhiafraigh sé.
D’freagair Géichizí: “Leoga, níl mac ar bith aici, agus tá a fear céile aosta.”
Dúirt Eilíseá: “Cuir fios uirthi.” Ghlaoigh an searbhónta uirthi agus sheas sí ag an doras. “Bliain ón am seo,” ar seisean, beidh mac i do bhaclainn agat.”
“Cuir uait, a thiarna, a ghiolla Dé; ná hinis bréag do d’ionailt.”

Briathar an Tiarna          Buíochas le Dia

Salm le Freagra          Sm 88
Freagra                          Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna.

1. Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna; fógróidh mé do dhílseacht ó glúin go ghlúin.
óir daingníodh do bhuanghrá go síoraí  agus tá do dhílseacht chomh buan leis na flaithis.   Freagra

2. Is aoibhinn don phobal arb eol dóibh thu a mholadh, a shiúlann faoi sholas do ghnúise, a Thiarna,
a dhéanann lúcháir i d’ainm de shíor, a ardaítear le d’fhíréantacht.                                           Freagra

3. Óir is tusa glóir a gcumhachta,agus trí d’fhabhar ardáitear ár neart.
Óir is leis an Tiarna ár sciath,agus is Ie Neach Naofa Isráél ár rí.                                                Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh             6:3-4. 8-11
Gach duine againn a baisteadh in Íosa Críost  creidimid go mbeimid beo mar aon leis chomh maith.

A bhráithre, an é nach dtuigeann sibh, gach duine againn a baisteadh in Íosa Críost, gur ina bhás a baisteadh é. Go deimhin comhadhlacadh sinn sa bhás leis tríd an mbaisteadh i dtreo go siúlóimisne freisin i mbeatha úrnua, faoi mar a tógadh Críost ó mhairbh trí ghlóir an Athar.

Ach má fuaireamar bás mar aon le Críost, creidimid go mbeimid beo mar aon leis chomh maith. Tá a fhios againn ó tógadh Críost ó mhairbh nach bhfaighidh sé bás níos mó. Níl aon cheannas ag an mbás air feasta, mar an bás a fuair sé, ba bhás mar leis an bpeaca é, don aon uair amháin go deo, ach is beatha do Dhia a bheatha feasta. Ar an gcuma chéanná ní mór daoibhse a mheas gur daoine sibh chomh maith atá marbh don pheaca agus beo do Dhia in Íosa Críost.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia.

Alleluia Véarsa                     Gniom 16: 14
Alleluia, Alleluia!

Oscail ár gcroí,A Thiarna,
Cun aird a thabhairt ar bhraithra do Mhic                        
Alleluia!

An Soiscéal                Matha 10:37-42
An té nach nglacann a chros agus mise a leanúint, níl sé diongbhála dom. An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise.

San am sin dúirt Íosa lena aspail
An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac iníon ná mé, níl sé diongbhála dom; agus an té nach nglacann a chros agus mise a leanúint, níl sé diongbhála dom. An té a fhaigheann a anam, caillfidh sé é; ach an té a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é.

An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. An té a ghlacann fáidh as ucht gur fáidh é, is tuarastal fáidh a gheobhaidh; agus an té a ghlacfaidh fíréan as ucht gur fíréan é, is tuarastal fíréin a gheobhaidh.

“Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d’fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”

Soiscéal an Tiarna.               Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Aifreann ag Scrín Ghobnatan

Aifreann bliantúil ag an Scrín Ghobnatan

Dé Domhnaigh 9ú  Iúil ag 3.30 in.

Our annual mass at St Gobnait’s Shrine will take place Sunday 9th July at 3.30pm.

 

 

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.

 A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.

 

Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Umhna Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment