Nuacht Litir 9/7/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Ceathrú Domhnach Déag Saor

(9/7/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Domhnach 11.30rn
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 9.30rn
Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine 7ú Iúil —9.30rn – I gcuimhne an that Donal Ó Briain
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnach 11.30in
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Adhradh Dé hAoine óna 6.00in-7.00in
Domhnach – 11:30rn


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí


A fuair bás an tráth seo bhliana

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an dara Leabhar Zachária Fáidh         9:9-10
Féach, tá do rí ag teacht chugat.

Seo mar a deir an Tiarna:palm sunday 1

Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim.

Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán,
agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.
Scuabfaidh sé an carbad chun siúil as Eafráim agus an capall catha as Iarúsailéim;
agus brisfear an bogha cogaidh.
Labhróidh sé leis na náisiúin faoin tsíocháin,
agus beidh sé i réim ó mhuir go muir agus ón Abhainn go himill na cruinne.

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

Salm le Freagra             Sm 144
Freagra                           Beannóidh mé d’ainm de shíor, a Dhia liom, is a Rí.

1. Tabharíaidh mé glóir duit, a Dhia liom, is a Rí; beannóidh mé d’ainm de shíor.
Beannóidh mé thú gach uile lá agus molfaidh mé thú de shíor.                                                                   Freagra

2. Is ceansa trócaireach é an Tiarna, mall chun feirge agus lán de chineáltas.
Is maith é an Tiarna don uile ní, is is trócaireach é dá oibreacha uile.                                                       Freagra

3. Ceiliúriaidh d’oibreacha thú, a Thiarna, agus beannóidh do dhaoine naofa thú.
Canfaidh siad glóir do ríochta, agus foilséoidh siad do chumhacht.                                                            Freagra

4. Is dílis an Tiarna ina bhriathra uile, agus is naofa é ina oibreacha go léir.
Coinníonn an Tiarna gach duine a bhíonn ag titim agus tógann sé suas gach duine a bhíonn ar lár.  Freagra

DARA LÉACHT   

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na  Rómhánaigh           8:9. 11-13
Má bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo.

HS comesA bhráithre, ní faoi réir na colainne atá sibhse, áfach, ach faoi réir an Spioraid más rud é go bhfuil Spiorad Dé lonnaithe ionaibh. Má tá duine gan Spiorad Chríost aige ní le Críost é. Ach má tá Críost ionaibh, más marbh féin bhur gcorp de bharr an pheaca, is beo bhur spiorad de bharr na fíréantachta. Go deimhin má bhíonn Spiorad an té a thóg Críost ó mhairbh lonnaithe ionaibh, déanfaidh an té sin a thóg Críost ó mhairbh bhur gcorp básmhar a bheoú trína Spiorad atá lonnaithe ionaibh.

Ar an ábhar sin, a bhráithre, níl aon cheangal ag an gcolainn orainn go mairfimis dá réir. Más faoi réir na colainne a mhaireann sibh tá an bás i ndán daoibh; ach má bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa               Mt 11:25
Alleluia, Alleluia!
Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún,
de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus
mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad.
Alleluia!

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.               Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha,    11:25-30             Glóir duit, a Thiarna.
Táim ceansa uiríseal ó chroí

San am sin labhair Íosa agus dúirt:

Jesus light of he nationsTugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é. Tá gach aon ní tugtha domsa ag m’Athair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.

Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh. Tógaigí oraibh mo chuing agus tagaigí ar scoil chugamsa, mar táim ceansa uiríseal ó chroí, agus gheobhaidh sibh faoiseamh do bhur n-anamacha; óir tá mo chuing so-iompair agus m’ualach éadrom.”

Soiscéal an Tiarna.             Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Aifreann ag Scrín Ghobnatan

Aifreann bliantúil ag an Scrín Ghobnatan

Dé Domhnaigh 9ú  Iúil ag 3.30 in.

Our annual mass at St Gobnait’s Shrine will take place Sunday 9th July at 3.30pm.

 

 

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.

 A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.

 

Achmhainne Gairmeacha i rith na blianaThinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Umhna Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment