Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Cúigiú Domhnach Déag Saor
(16/7/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Domhnach 11.30rn
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 9.30rn
Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnach 11.30in
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Adhradh Dé hAoine óna 6.00in-7.00in
Domhnach – 11:30rn
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh 55:10-11
Cuireann an bháisteach eascar sa talamh.
Seo mar a deir an Tiarna:
Mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha
agus nach bhfilleann suas ar ais gan an talamh a fhliuchadh, gan fás agus eascar a chur ann, chun go dtuga sé síol don síoladóir agus arán le hithe,
is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann orm gan toradh,
gan an rud a b’áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur I gcrích.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 64
Freagra Thit an síol ar an talamh maith agus thug toradh uaidh.
1. Tugann tú cuairt ar an talamh, á uisciú. Méadaíonn tú a mhaoin.
Sceitheann abhainn Dé thar bruacha d’fhonn arbhar a sholáthar dó. Freagra
2. Is mar sin a ullmhaíonn tú an talamh ag tabhairt uisce dá chlaiseanna.
Déanann tú é a bhogadh Ie ceathanna. Beannaíonn tú a gheamhar. Freagra
3. Cuireann tú barr ar an mbliain le d’fhéile go mbíonn do chéimeanna ag sileadh le méathras
agus féarach an fhásaigh ar sileadh. Freagra
4. Tá na cnoic arna gcrioslú Ie gairdeas, tá na móinéir líonta de thréada.
Tá na gleannta faoi bhrat arbhair: tógann siad gártha agus canann Ie háthas. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 8:18-23
Tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé.
A bhráithre, measaim nach fiú le háireamh pianta na huaire seo le hais na glóire atá le foilsiú dúinn. Mar tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé. Cuireadh an dúlra freisin ó rath, ní dá dheoin féin ach mar gheall ar an té úd a chuir ó rath é, ach i ndóchas; mar fuasclófar an dúlra féin ó dhaoirse na truaillitheachta, chun saoirse ghlórmhar chlann Dé. 22 Is eol dúinn go ráibh an chruthaíocht go léir le chéile go dtí anois ag cneadach le tinneas mar a bheadh sí ar a leaba luí seoil.
Agus ní hé an dúlra amháin atá amhlaidh ach sinne féin chomh maith; cé go bhfuil céadtorthaí an Spioraid againn cheana féin, táimidne ag cneadach freisin inár gcroí istigh agus sinn ag feitheamh le go ndéanfar clann dínn,agus go mbeidh ár gcorp fuascailte.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa 1 Sam 3: 9, Eo 6: 68
Alleluia, Alleluia!
Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht. Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 13:1-23 Glóir duit, a Thiarna.
Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl…
Tháinig Íosa amach as an teach an lá sin agus chuaigh ina shuí cois na farraige, agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach. Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail.
Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. Agus sa síolchur dó, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair, agus tháinig an éanlaith á ithe suas. Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, d’eascair sé gan mhoill. Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus d’fheoigh sé de cheal fréimhe. Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus d’fhás an deilgneach aníos agus phlúch é. Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile. A té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”
Tháinig na deisceabail chuige á rá: “Cén fáth ar i bparabail atá tú ag caint leo?”
Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Is é fáth é, mar tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibh siúd. Óir, duine ar bith a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige; ach duine ar bith a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é. Agus sin é an fáth a bhfuilim ag caint i bparabail leo, mar feiceann siad gan feiceáil agus cluineann siad gan cloisteáil agus gan tuiscint. Agus sin mar atá á comhlíonadh iontu an tairngreacht a rinne Íseáia:
‘Beidh sibh ag cloisteáil go deimhin ach ní thuigfidh sibh,
beidh sibh ag breathnú go deimhin, ach ní fheicfidh sibh,
óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre,
d’éist siad le cluasa bodhránta, d’iaigh siad a súile,
d’eagla go mbeadh radharc na súl acu,
ná clos na gcluas, ná tuiscint an chroí,
agus go n-iompóidís agus go leigheasfainn iad.’ “
Ach is méanar do bhur súilese mar go bhfeiceann said agus do bhur gcluasa mar go n-éisteann siad. Deirim libh go fírinneach, b’é ba mhian le mórán fáithe agus fíréan na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”
“Sibhse mar sin, éistigí le parabal an tsíoladóra. Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair. An duine a ghlac an síol ar na creaga, sin é an duine a chluineann an briathar agus a ghabhann chuige le háthas é láithreach, ach ní bhíonn fréamh aige ann féin, ach é neamhbhuan; an túisce is a thagann trioblóid nó géarleanúint mar gheall ar an mbriathar, cliseann air. An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é. Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
__________________
Soiscéal gearr
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 13:1-23
Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl…
Tháinig Íosa amach as an teach an lá sin agus chuaigh ina shuí cois na farraige, agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach. Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail.
Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. Agus sa síolchur dó, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair, agus tháinig an éanlaith á ithe suas. Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, d’eascair sé gan mhoill. Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus d’fheoigh sé de cheal fréimhe. Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus d’fhás an deilgneach aníos agus phlúch é. Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile. A té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”
Soiscéal Dé.
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Aifreann sa Scrín 9/7/2023
Bhí slua breá ann

Freastalaí Altóra—Altar Servers
Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.
A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.
Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Umhna Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196