Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Seachtú Domhnach Déag Saor
(30/7/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Domhnach 11.30rn
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 9.30rn
Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnach 11.30in
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Adhradh Dé hAoine óna 6.00in-7.00in
Domhnach – 11:30rn
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí
Vilnis Maurins. Latvia
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Connie Ó hIarfhlaithe, Cill Mic Cranóg
Marguerite O’Sullivan, Cluain Droichid
Mícheál agus Marie Uí Chéilleachair, Gort na Lice
Mary Ó Laoire, Doireach
Timmy agus Nell Uí Chuanaigh, Cill Mic Cranóg
Peter, Julia, Ned agus Máire Morgan-Mac Suibhne, Cathair Céirín.
Paddy agus Síle Uí Iarfhlaithe agus Tomás is Mike Ó hIarfhlaithe an Sciobairín.
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Chéad Leabhar na Rithe 3:5. 7-12
An rud a d’iarr tú ach thú a bheith in ann breith thuisceanach a thabhairt.
I nGibeón nocht an Tiarna é féin i mbrionglóid oíche do Sholamh.
Dúirt Dia: “Cibé rud is mian leat a fháil uaim, iarr orm é.” Agus anois, a Thiarna, a Dhia liom, tá rí déanta agat díomsa, do shearbhónta, mar chomharba ar Dháiví, m’athair. Ach níl ionam ach ógfhear gan oiliúint mar threoraí. Tá do shearbhónta i measc an phobail seo atá tofa agat, pobal atá chomh hiomadúil sin nach féidir a líon a áireamh ná a mheas. Tabhair do do shearbhónta croí tuisceanach le do phobal a rialú, chun an mhaith a aithint thar an olc; óir cé a d’fhéadfadh a bheith i gceannas ar an bpobal seo agat atá chomh líonmhar sin?” Ábhar sásaimh ab ea é don Tiarna gur iarr Solamh a leithéid seo.
Dúirt an Tiarna leis: “Dé bhrí gurb é seo an rud a d’iarr tú agus nach fad saoil duit féin a d’iarr tú, ná saibhreas, ná bás do naimhde, ach thú a bheith in ann breith thuisceanach a thabhairt, déanaim duit ar an toirt mar a d’iarr tú. Bronnaim ort croí ciallmhar tuisceanach, i dtreo nach raibh do leithéid riamh romhat agus nach mbeidh do leithéid i do dhiaidh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 144
Freagra : Á, nach aoibhinn liom do dhlí, a Thiarna.
1. Dúirt mé, a Thiarna: ‘Gurbh í mo chuid do bhriathra a choimeád.’
Is fearr liom go mór fada dlí do bhéilsé ná ór agus airgead. Freagra
2. Bíodh do bhuanghrá láimh liom, do m’fhortacht de réir do ghealltanais do do ghiolla.
Bíodh trua agat dom agus mairfidh mé, óir is aoibhinn liom do dhlí. Freagra
3. Uime sin is ansa liom d’aitheanta ná an t-ór is glaine.
Is uimé a chloígh mé le do phroiceapta uile toisc gur fuath liom an tslí bhréagach. Freagra
4. Is iontach iad go dearfa d’fhorálacha: uime sin comhlíonann m’anam iad.
Túgann foilsiú do bhriathair solas dúinn agus teagasc do lucht aineolais. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 8:28-30
Cheap Dia sinn a bheith inár macasamhía dá Mhac
A bhráithre,tá a fhios againn chomh maith go gcomhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle. Mar na daoine a thogh sé roimh ré, cheap sé ó thús iad le bheith ina macasamhla dá Mhac féin sa tslí go mbeadh seisean ina chéadghin ar mhórán bráithre. Agus na daoine a bhí ceaptha ó thus aige is iad sin a ghlaoigh sé; agus na daoine a bhí glaoite aige is iad sin a d’fhíréanaigh sé, agus na daoine a bhí fíréanaithe aige, is iad sin a ghlóirigh sé.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 15: 15
Alleluia, Alleluia!
Sibhse mo chairde, a deir an Tiarna, óir gach a gcuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 13:44-52
Dhíol a raibh aige gur cheannaigh sé é.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
“Is cosúil ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a d’aimsigh é d’fholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin. 
“Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le ceannaí a bhí ag lorg péarlaí breátha. Tharla aon phéarla amháin leis a bhí róluachmhar, agus d’imigh agus dhíol a raibh aige gur cheannaigh sé é.
“Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh san fharraige agus a ghabh gach uile shórt. Ar bheith lán di, tharraing siad aníos ar an gcladach í, shuigh siad síos ansin ag cnuasach gach tairbhe i soithí agus ag caitheamh na dramhaíola uathu. Sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil: rachaidh na haingil amach agus scarfaidh siad na drochdhaoine ó na fíréin agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.
“Ar thuig sibh na nithe sin uile?” “Thuigeamar,” ar siad leis.
Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
________________
Soiscéal gearr
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 13:44-52
Dhíol a raibh aige gur cheannaigh sé é.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a d’aimsigh é d’fholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.
“Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le ceannaí a bhí ag lorg péarlaí breátha. Tharla aon phéarla amháin leis a bhí róluachmhar, agus d’imigh agus dhíol a raibh aige gur cheannaigh sé é.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.
A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.
Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196