Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Ochtú Domhnach Déag Saor
(6/8/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Domhnach 11.30rn
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 9.30rn
Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnach 11.30in
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Adhradh Dé hAoine óna 6.00in-7.00in
Domhnach – 11:30rn
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí
Maighréad (Marge) Bn Uí Éalaith, Baile Mhic Íre
Julia Uí Éalaithe, Barr na Stuaice
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Dainéil, Fáidh. 7:9-10. 13-14
Bhí a éide ar lí an tsneacht.
Bhí mé ag faire: Cuireadh cathaoireacha ríoga ina n-ionad agus shuigh Sinsear na Laethanta.
Bhí a éide ar lí an tsneachta, agus folt a chinn mar olann ghlan.
Ba lasair thintrí a chathaoir ríoga, agus ba thine spréacharnach a rothaí.
Ling sruth tine agus bhrúcht amach roimhe.
Bhí míle míle ag fónamh dó agus deich míle de dheich mílte ina seasamh os a chomhair.
Shuigh an chúirt i mbreithiúnas, agus osclaíodh na leabhair.
Chonaic mé i bhfíseanna oíche.
Féach! neach ag teacht ar néalta neimhe, amhail Mac an Duine.
Tháinig sé chun Sinsir na Laethanta, agus cuireadh os a chomhair é.
Dó siúd tugadh tiarnas, glóir is ardfhlaitheas, go bhfónfadh dó an uile phobal, chine agus theanga.
Tiarnas síoraí a thiarnas, nach rachaidh ar ceal, ná ní scriosfar a ríocht.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 96
Freagra Tá an Tiarna ina rí, in ardreim os cionn na cruinne.
I. Tá an Tiarna ina rí, déanadh an talamh gairdeas, bíodh lúchair ar na cladai go léir.
Tá néalta agus dorchacht ina thimpeall; ceart agus cóir is bonn lena ríchathaoir. Freagra
2. Léann na sleibhte marchéir i bhfianaise Thiarna na cruinne.
Fógraíonn na flaithis a fhíreéantacht; feiceann na náisiúin go léir a ghlóir. Freagra
3. Óir is tú an Tiarna go dearfa in ardr’eim os cionn na cruinne
agus os cionn na ndeithe uile. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Peader 1:16-19
Chualamar an guth sin a tháinig anuas ó na flaithis.
Ní ag aithris aon fhabhalscéalta a ceapadh go cliste a bhíomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht, agus ar theacht ár dTiarna Íosa Críost, mar chonaiceamar a mhórgacht lenár súile cinn. Fuair sé glóir agus onóir ó Dhia an tAthair nuair a seoladh a leithéid seo de ghuth anuas chuige ón Ghlóir Mhaorga: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.” Chualamar an guth sin a tháinig anuas ó na flaithis mar bhíomar in éineacht leis ar an sliabh naofa. Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go ngealfaidh an lá agus go n-éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Mth 17:5
Alleluia, Alleluia!
‘Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis.’
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 17:1-9
Shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine
San am sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d’éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis. Labhair Peadar: “A Thiarna,” ar seisean le hÍosa, “is maith mar tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bothanna san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d’Éilias.”
Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall:
“Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.” Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán d’uamhan. Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu:
“Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.” Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin. Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.
A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.
Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196