Nuacht Litir 13/8/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Naoú Domhnach Déag Saor

(13/8/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Domhnach 11.30rn
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 9.30rn
Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnach 11.30in
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Adhradh Dé hAoine óna 6.00in-7.00in
Domhnach – 11:30rn


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí


Con Ally Ó Loinsigh  Sliabh Riabhach, Baile Mhuirne

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Céad Leabhar na Rithe          19:9. 11-13
Gabh amach agus seas ar an sliabh os comhair an Tiarna.Elijah2

Nuair shroich Éilias Horaeb, sliabh Dé.chuaigh Agus chuaigh sé isteach san uaimh ansiúd agus chaith an oíche ann. Ansin fuair sé an focal: Gabh amach agus seas ar an sliabh os comhair an Tiarna.” Chuaigh an Tiarna féin thar bráid ansin. Tháinig gaoth láidir, chomh tréan sin gur réab sí na sléibhte agus go ndearna smionagar de na carraigeacha roimh an Tiarna. Ach ní raibh an Tiarna sa ghaoth. I ndiaidh na gaoithe tháinig crith talún. Ach ní raibh an Tiarna sa chrith talún. I ndiaidh an chrith talún, tháinig tine. Ach ní raibh an Tiarna sa tine. I ndiaidh na tine, tháinig fuaim chogair bhig. Nuair a chuala Éilias é sin, chlúdaigh sé a aghaidh lena chlóca; chuaigh sé amach agus sheas sé i mbéal na huaimhe.

Briathar an Tiarna             Buíochas le Dia

Salm le Freagra             Sm 84
Freagra                            Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire, agus tabhair dúinn do shlánú.

I.  Éistfidh mé leis an ní a déarfaidh an Tiarna Dia; déarfaidh sé go deimhin lena phobal: ‘Síocháin daoibh.’
Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe chun go gcónóidh an ghlóir inár dtír.                                 Freagra

2. Casadh ar a chéile an trócaire is an dílseacht, phóg an fhíréantácht is an tsíocháin a chéile.
Eascróidh an dílseacht as an tálamh agus breathnóidh an fhíréantacht anuas ó neamh.             Freagra

3. Tábharíaidh an Tiarna fós an mhaith, agus tabharfaidh an tálamh a thoradh uaidh.
Rachaidh an fhíréantacht roimhe amach agus an tsíocáin i lorg a choiscéiméanna.                       Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na  Rómhánaigh           9:1-5
Níor mhiste liom bheith faoi mhallacht agus dealaithe ó Chríost ar son bhráithre.

A bhráithre, táim ag insint na fírinne i gCríost, agus tá mo choinsias á dhearbhú dom sa Spiorad Naomh, nach aon bhréag dom a rá go bhfuil dólás mór orm agus arraing gan staonadh i mo chroí.  Níor mhiste liom bheith faoi mhallacht agus dealaithe ó Chríost ar son bhráithre mo chine féin, de réir na colainne.  Iosraelaigh is ea iad; is leosan bheith ina gclann Dé; is leo an ghlóir, na conarthaí, an reacht, an liotúirge agus na gealltanais; is leo na patrarcaí, agus is díobh an Críost de réir na colainne – an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Amen.

Briathar Dé.          

Alleluia Véarsa               Lc 19: 38
Alleluia, alleluia!
Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna!
Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar neimhe.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Matha  14:22-33               Glóir duit, a Thiarna
Ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce.

jesus saves peterSan am sin chuir Íosa d’fhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh. Agus tar éis a scaoilte dó, chuaigh sé an sliabh suas ar leithligh chun guí, agus nuair a bhí an tráthnóna ann bhí sé ansiúd ina aonar. Bhí an bád faoin am sin mórán staideanna amach ón talamh, á bocadh ag na farraigí, mar bhí an ghaoth contrártha.

Sa cheathrú faire den oíche, tháinig sé chucu ag siúl ar an bhfarraige. Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: Taibhse atá ann!” ar siad, agus scread siad amach le barr eagla. Ach labhair Íosa leo láithreach: Bíodh misneach agaibh!” ar seisean, “mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.”
D’fhreagair Peadar é: “A Thiarna,” ar seisean, “más tú atá ann, ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce.” Dúirt Íosa: “Tar!” Agus tháinig Peadar amach as an mbád agus shiúil ar bharr an uisce ag déanamh ar Íosa. Ach nuair a d’airigh sé chomh borb agus a bhí an ghaoth, rug an eagla air; thosaigh ag dul faoi uisce agus scread sé amach: “A Thiarna, saor mé!” ar seisean.

Shín Íosa amach a lámh láithreach, agus ag breith greama air dúirt: “A fhir an bheagán creidimh, cén fáth ar tháinig amhras ort?” Ar dhul isteach sa bhád dóibh, thit an ghaoth.
Agus iad seo a bhí sa bhád, d’umhlaigh siad síos ina láthair ag rá: Go dearfa, is tú Mac Dé.”

Soiscéal an Tiarna.                  Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.

 A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.

Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

 

Leave a Comment