Nuacht Litir 27/8/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An tAonú Domhnach Fichead Saor

(27/8/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Domhnach 11.30rn
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 9.30rn
Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnach 11.30in
Cúil Aodha
Domhnach – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Adhradh Dé hAoine óna 6.00in-7.00in
Domhnach – 11:30rn


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí


Neilí Bn Uí Chéilleachair (Ní Mhurchú) Doirín Aluinn.
Sr. Perpetua Lynch, Clochar na Trócaire, Ceann Tuirc agus Baile Mhic Íre.
An cearthar óg a chaill a mbeatha i dtionóisc bóthair i gCluain Meala

A fuair bás an tráth seo bhliana
Tomás Ó Mulláin, Screathan
Hannah Uí thuama , Na Ceapacha
Fiachra O hAodha,  Cúil Aodha
Mary agus Jeremiah Uí Chéilleachair Doirín Aluinn
Joan Creedon, Óstán Ghobnatan
John agus Mary Weir, Máigh Reidh
Iar Scoláirí Choláiste Iosagán
Mary Uí Chróinín, Béal Átha an Ghaorthaigh
Margaret  (Peggy) Uí Ríordáin, Baile Mhic Ire

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar Íseáia 22:19-23
Leagaim eochair theach Dháiví ar a ghualainn.

Seo mar a deir Tiarna na Slua le Seabna, máistir an Key-To-The-Kingdom:
Brisfidh mé as do phost thú, as d’ionad stróicim thú anuas;
agus an lá céanna glaoim ar mo sheirbhíseach, Eiliácaím mac Hilciá.

Tá mé chun a ghléasadh i d’ionarsa, chun é a fheistiú le do shursaing,
agus tugaim do chumhacht isteach ina láimh,
agus beidh sé ina athair ag muintir Iarúsailéim, agus ag teaghlach Iúdá.
Tá mé ag leagan eochair theach Dháiví ar a ghualainn;
má osclaíonn sé, ní dhúnfar; má dhúnann, ní osclófar.

Cuirim i bhfostú é mar bheadh tairne in áit dhaingean:
déanfar cathaoir onóra de i gcomhair theaghlach a athar.

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

Salm le Freagra             Sm 137
Freagra                            A Thiarna, maireann do mhaitheas go síoraí; na tréig obair do lámh.

1. Gabhaim buíochas leat, a Thiarna, ó mo chroí go hiomlán mar gur éist tú le briathra mo bhéil.
I bhfianaisé na n-aingeal móraim thú; sléachtáim i dtreo do theampaill naofa.              Freagra

2. Gabhaim buíochas leat as ucht do mhaitheasa is do dhílsé, mar gur mó fós do gheallúint ná do chlú.
Nuair a ghlaoigh mé ort d’éist tú liom, agus thúg tú neart breisé do m’anam.                  Freagra

3. Dá airde é an Tiarna, is cúram dó an t-íséal; ach breathnaíonn sé an t-uaibhreach i bhfad uaidh.
A Thiarna, maireann do mhaitheas go síoraí; na tréig obairdo lámh.                                Freagra

DARA LÉACHT 

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 11:33-36
Is uaidh agus tríd agus dó gach uile ní dá bhfuil ann.god's eye

Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé!
Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!
“Cé a thuig aigne an Tiarna? Nó cé a bhí riamh ina chomhairleoir aige?”
Nó “Cé a thug rud riamh dó go bhfaighidh sé a chúiteamh?”
Mar is uaidhsean agus trídsean agus dósan gach uile ní dá bhfuil ann.
Glóir go deo leis. Amen.

Briathar an Tiarna            Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa             Mth 16: 18
Alleluia, Alleluia!
Deirimse leatsa gurtú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m’eaglais,
agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi.
Alleluia! 

SOISCÉAL

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha       16:13-20
Is tü Peadar, agus bhéarfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas.

peteSan am sin ar theacht isteach i gceantar Chéasaráia Philib dó, d’fhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal:
Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?
Dúirt siad: “Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.”
Dúirt sé leo: “Ach cé a deir sibhse mé?”
Dúirt Síomón Peadar á fhreagairt: Is tú an Críost, Mac Dé bheo.”
D’fhreagair Íosa agus dúirt sé leis:
Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d’fhoilsigh duit é ach m’Athair atá ar neamh. Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m’eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi. Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.”

Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost.

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.

 A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.

Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment