Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Dara Domhnach Fichead Saor
(3/9/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
An tAthair Frainc Ó Brádaigh ar dualgas don seachtain seo chughainn/An tAthair Frainc Ó Brádaigh will be saying all masses next weekend.
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Domhnach 12.30rn
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 9.30rn
Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnach 11.30in
Cúil Aodha
Domhnach – 11:00rn (RnaG)
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Adhradh Dé hAoine óna 6.00in-7.00in
Domhnach – 11:30rn
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an dara Leabhar Ezícéal, Fáidh 20:7-9
Tá briathar an Tiarna tar éis éirí ina mhasla domsa.
Mheall tú mé, a Thiarna, agus cheadaigh mé mo mhealladh;
rug tú bua orm; ba thú ba threise.
Níl lá nach mbíonn siad ag gáire fúm, is ceap magaidh mé ag gach aon duine.
Níl uair dá labhraim an briathar nach mbíonn orm
a fhógairt in ard mo chinn: “Éigean agus díobháil!”
Tá briathar an Tiarna tar éis éirí ina mhasla domsa
agus ina ábhar magaidh ar feadh an lae.
Deirinn: “Ní smaoineoidh mé air, ní labhróidh mise níos mó ina ainm.”
Ansin chonacthas dom go raibh tine loiscneach i mo chroí,
í dúnta istigh i mo chnámha.
Tá mé tuirseach ó bheith ag iarraidh í a chosc. Ní fhéadaim é a fhulaingt.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 62
Freagra Tá iotá tarta ar m’anam chugat, a Thiarna, a Dhia liom.
1. A Dhia, mo Dhia thú; iarraim thú go dícheallach.
Tá íota tarta ar m’anam chugat, santaíonn mo cholainn 
amhail tálamh atá tirim is spalptha cheal uisce. Freagra
2. Is mar sin a bhím ag breathnú ort sa sanctóir
chun go bhfeicfinn do chumhacht is do ghlóir.
Óir is fearr do bhuanghái ná an bheatha.
Fógróidh mo bheola do mholadh. Freagra
3. Mar sin a bheannóidh mé thú le mo bheo; i d’ainmsé a thógfaidh mé mo lámha.
Líonfar m’anam mar le fleá, is molfaidh mo bhéal thú le beola lúcháireacha. Freagra
4. Óir tháinig tú i gcabhair orm, agus gairdím faoi scáth do sciathán.
Tá m’anam ag cloí leat go dlúth, coinníonn do dheaslámh suas mé.
Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 12:1-2
Déinaigí, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo .
A bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n-adhradh spioradálta. Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n-aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 10: 27
Alleluia, Alleluia!
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,a deir the Tiarna agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 16:21-27
Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin
San am sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó: “Go bhfóire Dia ort, a Thiarna,” ar seisean, “agus i bhfad uait sin!” Ach d’iompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i d’aigne ach smaointe daoine.”
Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é. Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d’fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne. Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina ríocht.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.
A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.
Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196