Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Fichiú Domhnach Fichead Saor
(22/10/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Luain – 9.30rn : Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Nota Bene: Ón 28ú Deire Fomhair ar aghaidh beidh aifreann an tSathairn i mBaile Mhuirne ar 6:00 agus Réidh na nDoirí ar 7:30
From the 28/10/23 onwards Saturday Vigil masses in Baile Mhuirne @ 6:00 & Réidh na nDoirí @ 7:30
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás le Déanaí
Seán (Bob) Ó Muimhneacháin Cuil Aodha agus Gleann Maghair
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CHÉAD LÉACHT
Sliocht as an fáidh Íseáia 45:1. 4-6
Cíoras, an té ar rug sé ar láimh dheis air,chun na ciníocha a leagan ina fhianaise
Seo a labhraíonn an Tiarna lena ungthach, Cíoras, an té ar rug sé ar láimh dheis air
chun na ciníocha a leagan ina fhianaise agus claíomhchrios na ríthe a scaoileadh ó chéile;
chun na comhlaí a bhriseadh roimhe isteach ionas nach mbeidh na doirse dúnta níos mó.

Is ar mhaithe le mo ghiolla Iacób agus le hIosrael, mo rogha, a ghlaoigh mé i d’ainm ort, ag tabhairt gradaim duit agus gan aithne agat orm.
Is mise an Tiarna; níl m’athrach eile ann; ach mise amháin, níl aon dia ann.
Gan aithne agat orm, tá tú i mbun airm agam ionas go mbeidh a fhios ó éirí go luí na gréine gur neamhní an uile rud ach mise amháin.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 95
Freagra Luaigí leis an Tiarna clú agus cumhacht.
1. Canaigí amhrán nua don Tiarna; canaigí don Tiarna, a thalamh go léir.
Insígí a ghlóir i measc na gciníocha agus a éachtaí do na náisiúin uile. Freagra
2. Is mór é an Tiarna is is díol molta é, is díol eagla thar na déithe go léir é;
ní dada iad déithe na gciníocha. Is é an Tiarna a rinne na flaithis. Freagra
3. Luaigí leis an Tiarna, a chlanna na gciníocha, luaigí leis an Tiarna clú agus cumhacht,
luaigí leis an Tiarna glóir a ainm. Tugaigí bhur dtabhartais isteach ina chúirteanna. Freagra
4. Tugaigí adhradh don Tiarna ina theampall. Bí ar crith ina láthair, a thalamh.
Fógraígí do na ciníocha: ‘Tá an Tiarna ina Rí.’
Tabharfaidh sé breith chóir chothrom ar na daoine. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as litir Naomh Pól chuig na Teasalónaigh 1:1-5
Ní stadaimid ag cuimhneamh oraibh inár n-urnaithe a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ngrá agus ndóchas.
Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú d’eaglais na dTeasalónach, i nDia an tAthair agus sa Tiarna Íosa Críost. Grásta chugaibh agus síocháin.
Ní stadaimid ach ag gabháil buíochais le Dia mar gheall oraibh uile agus ag
cuimhneamh oraibh gan staonadh inár n-urnaithe.
Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar a sheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost.
A bhráithre, a bhfuil gnaoi Dé oraibh, tá a fhios agaibh mar a roghnaigh sé sibh;
mar ní le briathra béil amháin a tháinig ár ndea-scéal chugaibh ach le cumhacht agus le lándeimhniú an Spioraid Naoimh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 17: 17
Alleluia, Alleluia!
Is fírinne do bhriathar A Thiarna, déan sinn a naomhú san fhírinne.
Alleluia!
SOISCÉAL (Domhnach 29 Saor , Blian A)
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Matha 22:15-21
Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.
San am sin d’imigh na Fairisínigh ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís I ngaiste Íosa sa chaint, agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis:
“A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé san fhírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachain do phearsa seachas a chéile. Abair linn do bharúil, mar sin: An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach?”
Ach bhí a fhios ag Íosa an mhallaitheacht a bhí iontu agus dúirt:
“Cad ab áil libh ag baint trialach asam, a bhréagchráifeacha?
Taispeánaigí bonn na cánach dom,” agus shín siad déanar chuige.
Dúirt sé leo: “Cé hé arb í seo a íomhá agus a inscríbhinn?”
“Céasar,” ar siad leis.
“Maith go leor,” ar seisean leo, “íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
***********************************
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
nó
SOISCÉAL (An missúin)
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 17:11, 17-23 Glóir duit, a Thiarna.
Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.
Nílim ar an saol feasta ach tá siadsan ar an saol agus táim ag dul ag triall ortsa.
Déan iad a naomhú san fhírinne. Is fírinne do bhriathar.
Faoi mar a chuir tusa mise uait isteach sa saol, chuir mise iadsan isteach sa saol.
Naomhaím mé féin ar a son, ionas go mbeidh siadsan, chomh maith,
naomhaithe san fhírinne.
Ní ar a son-san amháin atáim ag guí,
ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine
a chreidfidh ionam trína mbriathar;
ionas go mba aon iad go léir,
faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa;
go mbeidís seo ina n-aon ionainn
i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.
Agus an ghlóir a thug tú dom, thug mise dóibhsean é,
ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne;
mise iontu-san, agus tusa ionam-sa,
ionas go mba aon iad go foirfe, agus go mbeadh a fhios ag an saol gur chuir tú uait mé,
agus gur thug tú grá dóibh seo faoi mar a thug tú grá domsa.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.
A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.
Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196
Céad Comaonie 2024