Nuacht Litir 15/10/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Naoú Domhnach Fichead Saor

(15/10/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Luain – 9.30rn : Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.30in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn

Nota Bene: Ón 28ú Deire Fomhair ar aghaidh beidh aifreann an tSathairn i mBaile Mhuirne ar 6:00 agus Réidh na nDoirí ar 7:30

From the 28/10/23 onwards Saturday Vigil masses in Baile Mhuirne @ 6:00 & Réidh na nDoirí @ 7:30


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás le Déanaí


 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

CHÉAD LÉACHT

 Sliocht as leabhar Íseáia  fáidh       25:6-10
Ullmhóidh Tiarna na Slua le haghaidh na gciníocha go léir cóisir saille, agus triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir.

banquetUllmhóidh Tiarna na Slua ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir
cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta, de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;
agus tógfaidh sé ar shiúl an chaille bhróin a bhí ag clúdach na gciníocha go léir,
agus an eisléine a bhí ag folach na náisiún uile; cuirfidh sé an bás ar ceal go deo.
Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir;
tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile; óir is é an Tiarna a dúirt é.
Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é, a raibh muid ag dréim le slánú uaidh;
is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis.
Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”; óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

Salm le Freagra             Sm 22,  rv 6
Freagra                             
I dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe.

I. Is é an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon ní dé dhíth orm.
Cuireann sé i mo luí mé i móinéar féaruaithne.
Seolann sé ar imeall an uisce mé, mar a bhfaighim suaimhneas.                   Freagra

good shep12. Seolann sé mé ár rianta díreacha mar gheall ar a ainm.
Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t-olc
agus tú faram Ie do shlat is do bhachall chun sólás a thabhairt dom.           Freagra

3. Cóiríonn tú bord chun béile dom i bhfianaise mo naimhde,
Ungann tú mo cheann le hola; tá mo chupán ag cur thar maoil.                    Freagra

4. Leanfaidh cineáltas is fabhar mé gach uile lá de mo shaol.
I dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe.                                  Freagra

DARA LÉACHT

 Sliocht as litir N.Pól chuig na Filipigh      4:12-14. 19-20
Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.

A bhráithre, tá eolas agam ar an gcaolchuid agus ar an bhflúirse. Tá seantaithí agam ar gach sórt: ar an mórdhóthain agus ar an ocras, ar an bhflúirse agus ar an ngannchuid. Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom. Mar sin féin ba mhaith an mhaise daoibhse teacht i gcabhair orm i mo chruachás. Agus déanfaidh mo Dhia riar go fial ar gach riachtanas daoibhse as a fhlúirse féin i nglóir in Íosa Críost.
Moladh le Dia, ár nAthair, le saol na saol. Amen.

Briathar an Tiarna                   Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                    Eo 1: 14. 12
Alleluia, Alleluia!
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc,an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh.
Alleluia!      

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha  22:1-14             Glóir duit, a Thiarna.

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Matha     22:1-14
Téigí sibhse i mbéal na mbóithre poiblí, agus cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh.

San am sin chuir Íosa chun labhartha i bparabail leis na príomhsagart agus le seanóir an phobail arís:
“Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag rí a rinne bainis dá mhac. Chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh ag glaoch orthu seo a fuair cuireadh chun na bainise, ach níorbh áil leo teacht. Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh agus dúirt leo a rá leo siúd a fuair an cuireadh:
‘Feach, tá an féasta ullamh agam, mo chuid mart agus méithe maraithe, agus gach aon ní i gcóir: tagaigí chun na bainise.’ Ach ba chuma leo é, ach imeacht, duine acu chun a fheirme agus duine eile i mbun cheannaíochta, agus an chuid eile acu rug siad ar a chuid seirbhíseach, thug siad easmailt dóibh agus mharaigh siad iad. Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.wedding call

Ansin dúirt sé leis na seirbhísigh:
Tá an bhainis réidh, ach an dream a fuair an cuireadh, níorbh fhiú iad é. Mar sin, téigí sibhse i mbéal na mbóithre poiblí, agus cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh.’ Chuaigh na seirbhísigh sin amach ar na bóithre agus bhailigh siad ar casadh orthu, olc agus maith, go raibh halla na bainise lán de chuideachta.

Ghabh an rí isteach ag féachaint ar an gcuideachta, agus chonaic sé fear ann nach raibh aon éadach bainise air. Dúirt sé leis: ‘Cad a thug isteach anseo thú, a chara, gan éadach bainise ort?’ Ach ní raibh focal as. Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: ‘Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caítear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’
Óir tá glaoite ar mhórán ach níl tofa ach beagán.”

Soiscéal an Tiarna.               Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.

 A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.

Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Céad Comaonie 2024

 

Leave a Comment