Nuacht Litir 5/11/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An t-Aonú Domhnach Triochad Saor

(5/11/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Luain – 9.30rn : Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn

Nota Bene: Ón 28ú Deire Fomhair ar aghaidh beidh aifreann an tSathairn i mBaile Mhuirne ar 6:00 agus Réidh na nDoirí ar 7:30

From the 28/10/23 onwards Saturday Vigil masses in Baile Mhuirne @ 6:00 & Réidh na nDoirí @ 7:30


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás le Déanaí


 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana


CHÉAD LÉACHT 

 Sliocht as an fáidh Malachi        1:14-2:2. 8-10
D’imigh sibh ar fán ón mbealach ceart; bhí sibh in bhur gceap tuisle do mhórán daoine de dheasca bhur ndrochtheagaisc.

Óir, is Ardrí mise, a deir Tiarna na Slua, agus is uaimhneach m’ainm i measc na náisiún.

Anois, a shagarta, is in bhur n-aghaidhse an bhreith seo: Mura n-éisteann sibh liom agus féachaint chuige go dtabharfaidh sibh glóir do m’ainm, a deir na Slua, mallóidh mé sibh sa chaoi go ndéanfar mallacht de gach ceann de bhur mbeannachtaí. Is ea, táim tar éis iad a mhallú cheana féin toisc nach bhféachann sibh chuige sin chor ar bith. Ach i dtaca libhse de, d’imigh sibh ar fán ón mbealach ceart; bhí sibh in bhur gceap tuisle do mhórán daoine de dheasca bhur ndrochtheagaisc, agus chuir sibh ar neamhní an conradh a bhí déanta agamsa le Léiví, a deir Tiarna na Slua. Mar sin de, déanaimse, ar mo shealsa, ceap tarcaisne agus drochmheasa díbhse i lathair an phobail uile, sa mhéid nár lean sibh mo bhealaí, agus go ndearna sibh leatrom in bhur mbreithiúnais.”

Nach é an t-aon athair amháin atá againn go léir? Nach é an t-aon Dia amháin a chruthaigh sinn? Cén fáth, mar sin, a ndéanaimid feall ar a chéile trí chonradh ár sinsear a shárú?

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

 Salm le Freagra            Sm 130
Freagra                              Coinnigh m’anam faoi shíocháin i do láthair, a Thiarna.

1. Níl mo chroí ag borradh le mórtas, a Thiarna; níl mo shúile go huaibhreach.
Ní mó go bhfuil mo dhúil i nithe móra a théann thar m’acmhainn.                Freagra

2. Ach shocraigh mé m’anam go deimhin a thabhairt chun suaimhnis.
Mar naíonán i mbachlainn a mháthar atá m’anam istigh ionam.                   Freagra

3. A Isráél, bíodh do dhóchas sa Tiarna anois agus choíche.                            Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céadlitir Naomh.Pól chuig na Teasalónaigh       2:7-9. 13
Bhímis ag obair de lá is d’oíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh.

A bhráithre, bhíomar in bhur measc, le banaltra ag muirniú a páistí bhíomar chomh ceanúil sin oraibh go rabhamar sásta ní amháin an dea-scéal a roinnt oraibh ach ár n-anam féin a roinnt oraibh chomh maith, agus a ansa linn a bhí sibh. Is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an sclábhaíocht a rinneamar; mar a bhímis ag obair de lá is d’oíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh.

Agus tá cúis eile againn le bheith ag gabháil buíochais gan staonadh le Dia: de bhrí, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nach mar theachtaireacht dhaonna a ghlac sibh é ach mar bhriathar Dé, agus sin é go díreach an rud atá ann dáiríre, mar is é Dia atá ag obair ionaibhse a bhfuil an creideamh agaibh.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                 1Sam3:9, Eo 6:68
Alleluia, Alleluia!

Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht. Is agatsa atá briathra na beatha síoraí.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.                Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Matha      23:1-12         Glóir duit, a Thiarna.
Ní mar a chéile beart agus briathar acu.

San am sin labhair Íosa ansin leis na sluaite agus lena dheisceabail:
Tá na scríobhaithe agus na Fairisínigh ina suí i gcathaoir Mhaois, agus ó tá siad, déanaigí agus coinnígí a ndeir siad libh, ach ná déanaigí de réir a n-oibreacha, óir ní mar a chéile beart agus briathar acu. Ceanglaíonn siad suas ualaí troma do-iompair agus buaileann siad ar ghuaillí daoine iad, ach ní áil leo féin iad a bhogadh le barr méire. Déanann siad a n-oibreacha uile d’fhonn go mbeifí á dtabhairt faoi deara. Sin mar a chuireann siad leithead ina bhfiolaictéirí agus fad lena scothóga; is maith leo an chéad áit sna fleánna agus na príomhshuíocháin sna sionagóga, agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifí ag tabhairt ‘raibí’ orthu.

Ach ná bíodh ‘raibí’ á thabhairt oraibhse; óir níl ach an t-aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibhse uile. Agus ná glaoigí bhur ‘n-athair’ ar aon duine ar an talamh, óir níl agaibh ach an t-aon thair, an té atá ar neamh. Agus fós, ná bíodh ‘múinteoirí’ á thabhairt oraibh, óir níl agaibh ach an t-aon Mhúinteoir, an Críost. An té agaibh is uaisle, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh. Agus cibé duine a ardóidh é féin, ísleofar é agus cibé duine a ísleoidh é féin ardófar é.

Soiscéal an Tiarna.                Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Bailte Slachtmhara /Tidy Towns

Tá Féilire Baile Slachtmhaire Paróiste Bhaile Mhuire anois ar díol i Siopa Uí Luasa, Centra agus DairyGold ar €10.

Tá an brabús ar fad ag dul do chiste Bailte Slachtmhara chun díol as costaisí na bliana seo chughainn.

Gabhann an coiste BailteShlachtmhara a míle buíochas le cách as ucht a gcuid tacaíóchta i rith na bliana.

Baile Mhuirne TidyTowns parish calendar is now on sale in Siopa O Luasa, Centra and Dairygold. Price €10, all profits go to fund TidyTowns work for next year. Ballyvourney TidyTowns would like to take this opportunity to thank everyone for their support this year.

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.

 A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.

Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Céad Comaonie 2024

 

Leave a Comment