Nuacht Litir 12/11/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Dara Domhnach Triochad Saor

(12/11/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Luain – 9.30rn : Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn

Nota Bene: Ón 28ú Deire Fomhair ar aghaidh beidh aifreann an tSathairn i mBaile Mhuirne ar 6:00 agus Réidh na nDoirí ar 7:30

From the 28/10/23 onwards Saturday Vigil masses in Baile Mhuirne @ 6:00 & Réidh na nDoirí @ 7:30


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás le Déanaí


 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana


CHÉAD LÉACHT

Sliocht as leabhar  hEagna      6:12-16
Gluaiseann Eagna faoina ndéin gach uair a smaoiníonn siad uirthi.


I
s niamhrach domhúchta í an eagna;na daoine a bhfuil grá acu di,
tugann siad faoi deara í gan dua; agus na daoine a bhíonn á lorg,
faigheann siad í go furasta.
Ligeann sí a haithne roimh ré leis na daoine a bhfuil dúil acu inti.
An té a éiríonn go moch ar a tóir ní bheidh a shaothar in aisce aige,
mar gheobhaidh sé í ina suí ag a gheataí.
Is é barr na tuisceana é machnamh uirthi; agus an té a dhéanann faire ar a son
is gairid go mbeidh sé saor ó imní.
Óir téann sí féin timpeall ag lorg a díol de dhaoine; agus le neart dea-mhéine
taispeánann sí í féin dóibh ar na bóithre, agus gluaiseann sí faoina ndéin
gach uair a smaoiníonn siad uirthi.

Briathar Dé.                   Buíochas le Dia

Salm le Freagra        Sm 62
Freagra                        Ta íota tarta ar m’anam chugat, a Thiarna, a Dhia liom.

1. A Dhia, mo Dhia thú; iarraim thú go dícheallach. Ta íota tarta ar m’anam chugat,
santaíonn mo cholainn thú amhail talamh atá tirim is spalptha cheal uisce.       Freagra

2. Is mar sin a bhím ag breathnú ort sa sanctóir chun go bhfeicfinn do chumhacht is do ghlóir.
Óir is fearr do bhuanghrá ná an bheatha. Fógróidh mo bheola do mholadh.       Freagra

3. Mar sin a bheannóidh mé thú le mo bheo, i d’ainmse a thógfaidh mé mo lámha.
Líonfar m’anam mar le fleá, is molfaidh mo bhéal thú le beola lúcháireacha.     Freagra

4. Cuimhním ort agus mé ar mo leaba; i bhfaireacháin na hoíche déanaim machnamh ort.
Óir tháinig tú i gcabhair orm, agus gairdím faoi scáth do sciathán.                        Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as litir Naomh Pól chuig na Teasalónaigh            4:13-18
Déanfaidh Dia and mhuintir a fuair bás i bpáirt le Críost a thabhairt leis chomh maith.

A bhráithre, níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh aineolach i dtaobh na marbh i dtreo nach mbeadh sibh dobrónach ar nós na ndaoine eile atá gan aon dóchas. Creidimid go bhfuair Íosa bás agus gur aiséirigh sé; ar an gcuma chéanna an mhuintir a fuair bás I bpáirt le Críost, tabharfaidh Dia iad siúd leis ón mbas chomh maith.

Agus tá an méid seo le rá againn libh ar fhocal an Tiarna féin: an méid a fhágfar beo dínn go dtí teacht an Tiarna, ní bheidh aon bhuntáiste againn orthu sin a bheidh tar éis bháis: mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna féin anuas ó neamh agus ar dtús éireoidh na mairbh i gCríost. Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in airicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo. Déanaigí a chéile a mhisniú, más ea, leis na briathra sin.

Briathar Dé.                   Buíochas le Dia

__________________________

Malairt  DARA LÉACHT

Sliocht as litir Naomh Pól chuig na Teasalónaigh            4:13-14
Déanfaidh Dia and mhuintir a fuair bás i bpáirt le Críost a thabhairt leis chomh maith.

A bhráithre, níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh aineolach i dtaobh na marbh i dtreo nach mbeadh sibh dobrónach ar nós na ndaoine eile atá gan aon dóchas. Creidimid go bhfuair Íosa bás agus gur aiséirigh sé; ar an gcuma chéanna an mhuintir a fuair bás I bpáirt le Críost, tabharfaidh Dia iad siúd leis ón mbas chomh maith.

Briathar Dé.                   Buíochas le Dia

_______________________________

Comhgháir/Alleluia             Mth 24: 42. 44
Alleluia, alleluia!

Bígí ag faire, dá bhrí sin agus bígí ullamh,
óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.          Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha,  25:1-13              Glóir duit, a Thiarna.
Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
“Is iad dála ríocht na bhflaitheas:
An uair sin mar a bhí ag deichniúr maighdean a chuaigh amach agus a lampaí acu in airicis an fhir nuaphósta.

Cúigear díobh seo, bhí siad gan tuiscint agus bhí an cúigear eile ciallmhar; mar, thug na mná gan tuiscint na lampaí leo agus gan aon ola acu, ach thug na mná ciallmhara ola ina bpróiciní leo chomh maith leis na lampaí.

Bhí an fear nuaphósta ag déanamh moille, agus tháinig sámhán orthu uile agus thitRelated image siad ina gcodladh. Ach glaodh i lár na hoíche: ‘Chugaibh an fear nuaphósta! Amach libh ina airicis!’ D’éirigh na maighdeana sin uile ina suí agus dheasaigh siad a lampaí. Ach dúirt na mná gan tuiscint leis na mná ciallmhara: ‘Tugaigí dúinn braon de bhur n-olasa, mar tá ár lampaíne in éag.’ D’fhreagair lucht na céille iad: ‘Le heagla,’ ar siad, ‘nach mbeadh ár ndóthain ann dúinn féin agus daoibhse, b’fhearr daoibhse dul go dtí lucht a díolta á ceannach daoibh féin.’

Bhí siad ag dul á ceannach nuair a tháinig an fear nuaphósta, agus iad seo a bhí ullamh, chuaigh siad isteach in éineacht leis chun na bainise, agus dúnadh an doras. Sa deireadh, tháinig na maighdeana eile freisin: ‘A thiarna, a thiarna,’ ar siad, ‘oscail dúinn!’ Ach d’fhreagair sé agus dúirt: ‘Deirim libh go fírinneach, níl aithne agam oraibh.’
Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair.’

Soiscéal an Tiarna.                   Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Bailte Slachtmhara /Tidy Towns

Tá Féilire Baile Slachtmhaire Paróiste Bhaile Mhuire anois ar díol i Siopa Uí Luasa, Centra agus DairyGold ar €10.

Tá an brabús ar fad ag dul do chiste Bailte Slachtmhara chun díol as costaisí na bliana seo chughainn.

Gabhann an coiste BailteShlachtmhara a míle buíochas le cách as ucht a gcuid tacaíóchta i rith na bliana.

Baile Mhuirne TidyTowns parish calendar is now on sale in Siopa O Luasa, Centra and Dairygold. Price €10, all profits go to fund TidyTowns work for next year. Ballyvourney TidyTowns would like to take this opportunity to thank everyone for their support this year.

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Míle buíochas leis na buachaillí agus na cailíní agus a dtuismitheoirí chabhraigh linn i rith na bliana ag freastal ar an Altóir. Beidh sos ann anois don samhradh ach béimid ag tosnú arís i Meán Fómhair.

 A sincere thank you to all the boys and girls who helped with Altar serving throughout the year, and thank you also to their parents. There will be a break from Altar serving for the summer.

Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Céad Comaonie 2024

 


Leave a Comment