Nuacht Litir 7/1/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

(7/1/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Luain – 9.30rn : Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha

Dé Sathairn “Nollaig na mBan – 10:00 rn

Dé Domhnaigh – 10:00rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn

 

Nota Bene: Ón 28ú Deire Fomhair ar aghaidh beidh aifreann an tSathairn i mBaile Mhuirne ar 6:00 agus Réidh na nDoirí ar 7:30

From the 28/10/23 onwards Saturday Vigil masses in Baile Mhuirne @ 6:00 & Réidh na nDoirí @ 7:30


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana


AN DOMHNACH TARÉS – FÉLE BHAISTE ÁR dTIARNA

CHÉAD LÉACHT

Sliocht as an fáidh Íseáia          55:1-11
Tagaigí faoi choinne uisce. Beidh bhur n-anam saolach

Hóigh, a lucht an íota, tagaigí faoi choinne uisce; fiú mura bhfuil airgead agaibh, tagaigí;
Ceannaigí cruithneacht agus ithigí gan díol as, agus fíon agus bainne gan íoc.
Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é, agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann?
Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.
Tugaigí cluas agus tagaigí chugam, éistigí agus beidh bhur n-anam saolach.

Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo,Come to the water
an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.
Is amhlaidh atá tú mar fhinné agam do na ciníocha,
i do cheannaire agus i do cheann comhairle ar na náisiúin.
Seo, glaofaidh tú ar chiníocha nárbh aithin duit
agus tiocfaidh ciníocha gan aithne ort chugat ina rith.
Toisc an Tiarna, do Dhia,
agus Neach Naofa Iosrael, ós é a chuir maise ort.
Lorgaigí an Tiarna, fad a chuireann sé é féin air fáil; glaoigí air, fad atá sé i ngar.
Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta.
Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.
Óir ní hiad mo bhearta bhur mbearta, ná ní hiad bhur mbealaíse mo bhealaíse, briathar an Tiarna.
Is ard iad na spéartha os cionn na talún, agus is comh-ard mo bhealaí os cionn bhur mbealaí
agus mo bhearta os cionn bhur mbearta.

Óir mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha agus nach bhfilleann
suas ar ais gan an talamh a fhliuchadh, gan fás agus eascar a chur ann, chun go dtuga sé
síol don síoladóir agus arán le hithe, is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní
fhilleann orm gan toradh, gan an rud a b’áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur i
gcrích.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Salm le Freagra             .       Sm 12:2-6 v6
Freagra                                    Agus beidh sibh ag tarraingt uisce go lúcháireach
as toibreacha an tslánaithe

1. An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaitheoir, tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó,
óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol; is é mo shlánú é.”
Agus beidh sibh ag tarraingt uisce go lúcháireach as toibreacha an tslánaithe.      Freagra

2. Déarfaidh sibh an lá sin: “Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí air ina ainm!
Fógraígí a éachtaí don phobal, meabhraígí gurb oirirc dá ainm.                                Freagra

3. Canaigí don Tiarna, óir tá iontais déanta aige; ní mór iad a fhoilsiú ar fud an domhain iomláin.
Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón,
óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”                                                 Freagra

DARA LÉACHT  

Sliocht as an dara litir Naomh Eoin                  5:1-9
Sé Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil agus leis an Spiorad.

Gach duine a chreideann gurb é Íosa an Críost is ó Dhia a gineadh é,
agus gach duine a thugann grá don té a ghin tugann grá fós don té a gineadh.
Is mar seo is feasachdúinn go dtugaimid grá do chlann Dé,water and spirit
nuair a thugaimid grá do Dhia agus nuair a chomhlíonaimid a aitheanta.
Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.
Óir gach a ghintear ó Dhia sáraíonn sé an saol agus is í an
chaithréim a sháraíonn an saol, ár gcreideamh.
Cé sháraíonn an saol murab é an té a chreideann gurb é Íosa Mac Dé?
Sé Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil agus leis an Spiorad.
Ní leis an uisce amháin ach leis an uisce agus leis an bhfuil;
agus tá an Spiorad ag tabhairt fianaise, mar gurb í an fhírinne an Spiorad.
Tá triúr ann a thugann fianaise (ar neamh, an tAthair, an Briathar, agus an Spiorad Naomh; agus is aon an Triúr.
Agus tá triúr a thugann fianaise ar talamh an Spiorad agus an t-uisce agus an fhuil, agus tá an triúr ar aon fhocal.
Má ghlacaimidne le fianaise dhaonna is treise arís fianaise Dé;  agus is é seo fianaise Dé
gur thug sé teastas gurb é a Mhac é.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                      Eoin 1:29
Alleluia, alleluia!

Chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.             Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh.Marcus             1:7-11          Glóir duit, a Thiarna.
Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.

B
híodh Eoin ag seanmóir á rá:
Tá ag teacht i mo dhiaidh an té atá níos treise ná mé, agus ní fiú mé cromadh síos Jesus baptistism iall a chuarán a scaoileadh. Bhaist mise le huisce sibh, ach baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh.”

Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh sa Iordáin ó Eoin.
Agus an túisce a tháinig sé aníos as an uisce, chonaic sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a bheadh colm ag teacht anuas air.
Agus tháinig glór ó na flaithis:
Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”

Soiscéal an Tiarna.              Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart

Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir.

Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment