Nuacht Litir 31/12/2023

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

Féile an Taighligh Naofa

(31/12/2023)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Luain – 9.30rn : Adhradh óna 10.00rn go 5.00in
Dé Máirt—9.30rn
Dé hAoine —9.30rn
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn

Nativity Scene Vector Art, Icons, and Graphics for Free Download

An Nollaig 

Seachtain na Nodhlag
Déardaoin 28ú
Cluan Droichead 11.00rn
Dé  hAoine 29ú
Cluan Droichead -11.00rn
Dé Sathairn 30ú
Baile Mhuirne – 11.00rn

Nota Bene: Ón 28ú Deire Fomhair ar aghaidh beidh aifreann an tSathairn i mBaile Mhuirne ar 6:00 agus Réidh na nDoirí ar 7:30

From the 28/10/23 onwards Saturday Vigil masses in Baile Mhuirne @ 6:00 & Réidh na nDoirí @ 7:30


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás an tráth seo bhliana

Seán Ó Tuama Gort Uí Rathaille
Peigí Roche Cul na Cathrach
Nóra Bn Uí Luasa An Murnach Beag

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana


FÉILE AN TEAGHGLAIGH NAOFA

CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Sírach – 3:2-6, 12-14
An té ar bhfuil eagla an Tiarna, tugann sé onóir dá thuismitheoirí

Tugann an Tiarna onóir don athair trí bhíthin a chlainne,
agus déanann sé údarás na máthar ar a cuid clainne a dhaingniú.hands
An té a mbíonn urraim aige dá athair, déanann sé leorghníomh ina pheacaí.
An té a thugann onóir dá mháthair, is cosúil é le duine atá ag cnuasach stóir dó féin.

An té a mbíonn urraim aige dá athair, beidh a chlann féin ina n-ábhar áthais dó,
agus nuair a dhéanfaidh sé guí, éistfear leis.
An té a thugann onóir dá athair, beidh fad saoil aige,
agus an té a dhéanann rud ar an Tiarna, tabharfaidh sé sólás dá mháthair.

A mhic, glac cúram d’athar ort féin i ndeireadh a shaoil agus ná cuir brón air fad is beo dó.
Fiú amháin má thagann meath ar a mheabhair, bí foighneach leis;
ná bíodh drochmheas agat air, toisc, tú féin a bheith i mbarr do mhaítheasa.

Óir an charthanacht a dhéanann tú ar d’athair, ní dhéanfar dearmad uirthi choíche,
agus cuirfear síos duit é in aghaidh do pheacaí.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Diatiarna

Salm le Freagra         Sm   127 
Freagra                         Is aoibhinnaidh tú toradh do shaothair féin.
do chách lerb eagal an Tiarna agus a shiúlann ins shlite

1.  Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna
agus a shiúlann ins shlite.
Íosfaidh tú toradh do shaothair féin.
Beidh úgo sona séanmhar.                                 Freagra

2. Beidh do bhean amhail finiúin thorthach
i gcearlár di thí
beidh do clann mar bhuinneáin olóige
agus iad mórthimpeall do bhoird.                        Freagra

3.  Is amhlaidh a bheannófar an fear
ar a mbíonn eagla an Tiarna.
Go mbeannaí an tiarna thú as Sión amach
gach láde do shaol.                                                Freagra

DARA LÉACHT
Sliocht as  Litir Naomh Pól chuig na Colosaigh:      3:12-21
Saol an teaghlaigh i nDia

A bhraithre, ós sibhse an pobal tofa, pobal naofa muirneach Dé, cuirigí umaibh trua
croí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne.
Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a
bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an TiarnaJesus stars
daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna.
Agus mar bharr ar gach ní acu sin cuirigí umaibh an grá mar is é a chuirfidh bail agus críoch ar an iomlán. Agus bíodh síocháin Chríost i réim in bhur gcroí mar is chun síocháin a bheith agaibh a glaodh sibh le chéile in aon chorp amháin.

Agus bígí buíoch. Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí. Agus gach ní dá ndéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t-iomlán in ainm an Tiarna
Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd.
Saol an Teaghlaigh

A mhná, bígí faoi smacht bhur bhfear céile mar is dual sa Tiarna. A fheara, bíodh grá agaibh do bhur mná agus gan bheith garg leo. A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí i ngach ní mar is taitneamhach sin leis an Tiarna.

A aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chrá le heagla go gcuirfí drochmhisneach orthu.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Diatiarna

Alleluia Véarsa           Col 3   :15-16
Alleluia, alleluia
Bíodh síocháin Chríost i réim in bhur gcroí;
bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc.
Alleluia

SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás              2:22-40
Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael.

Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, mar a thug an t-aingeal air sular gabhadh sa bhroinn é. Agus nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug siad go Iarúsailéim é le toirbhirt don Tiarna – mar atá scríofa i ndlí an Tiarna: “Gach fíreannach atá ina chéadghin, is rud coisricthe don Tiarna é” – agus chun go n-ofrálfaidís mar íobairt, de réir a bhfuil ráite i ndlí an Tiarna, “péire colm nó dhá ghearrcach colúir.”

Bhí fear in Iarúsailéim   Presentation of Jesusdarbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air. Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna. Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa Teampall; agus le linn dá thuismitheoirí bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí, ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol Dia agus dúirt:

“Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a
Thiarna, de réir d’fhocail, faoi shíocháin,
mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil
atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile:
solas chun na náisiúin a shoilsiú agus glóir do phobail Iosrael.”
Agus bhí a athair agus a mhathair ag déanamh ionadh de na nithe a dúradh mar gheall air. Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar – agus gabhfaidh claíomh trí d’anam féin – chun go bhfoilseofaí smaointe as mórán croíthe.”

Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn I mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta. Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus d’oíche le troscadh agus le hurnaithe. Tháinig sí i láthair an uair sin féin, agus thug moladh agus buíochas do Dhia; agus labhair sí mar gheall air le cách a bhí ag súil le Iarúsailéim a fhuascailt.

Nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir dhlí an Tiarna, d’fhill siad ar an
nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat. Agus d’fhás an leanbh agus neartaigh,
é lán d’eagna; agus bhí grásta Dé ina luí air.

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

__________________

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Crann Cuimhneacháin na Mairbh Cúil Aodha
Más mian le éinne cara/gaol leo do bheith do bheith tabhartha chun cuimhne ar an gCrann Cuimneacháin i gCúil Aodha, ní mór dóibh a bpictiúir siúd do chur isteach sa bhosca ar an harmonium sa séipéal. Tabharfaighmídne aire don curam. Iarrtar ar dhaoine gan pictiúr a chrocha ar an gcrannn iad féin.

Memorial Tree Cúil Aodha
Anyone who wishes to have a loved one remembered on the Cuil Aodha Memorial Tree is asked to place photo’s in the box on the harmonium. Please do not place any pics on tree.

Bailte Slachtmhara /Tidy Towns

Tá Féilire Baile Slachtmhaire Paróiste Bhaile Mhuire anois ar díol i Siopa Uí Luasa, Centra agus DairyGold ar €10.

Tá an brabús ar fad ag dul do chiste Bailte Slachtmhara chun díol as costaisí na bliana seo chughainn.

Gabhann an coiste BailteShlachtmhara a míle buíochas le cách as ucht a gcuid tacaíóchta i rith na bliana.

Baile Mhuirne TidyTowns parish calendar is now on sale in Siopa O Luasa, Centra and Dairygold. Price €10, all profits go to fund TidyTowns work for next year. Ballyvourney TidyTowns would like to take this opportunity to thank everyone for their support this year.

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir.

Achmhainne Gairmeacha i rith na blianaThinking of Vocations throughout the year

  • Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
  • Scripture Prayers for Vocations
  • Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
  • Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
  • Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

 

 

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment