Nuacht Litir 14/1/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

(14/1/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha

Dé Domhnaigh – 10:00rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás an tráth seo bhliana

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

Dan & Jane O’Brien, Curraleigh, Clondrohid


CÉAD LÉACHT         

Sliocht as an dara leabhar Samúéil                    3:3-10. 19
Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.”


B
Samúéil ina luí i dteampall an Tiarna mar a raibh áirc Dé. Ansin ghlaoigh an Tiarna: “A Shamúéil!” D’fhreagair seisean: “Seo anseo mé,” agus rith sé leis go dtí Éilí agus dúirt: Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.”
Ach dúirt seisean: “Níor ghlaoigh mé ort; luigh síos arís.” D’imigh sé mar sin, agus luigh síos.speak Lord

Ghlaoigh an Tiarna arís. “A Shamúéil!” D’éirigh Samúéil agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé mar ghlaoigh tú orm.
Agus d’fhreagair seisean: “Níor ghlaoigh mé ort, a mhic; luigh síos arís.”
Ní raibh aon aithne fós ag Samúéil ar an Tiarna, ná níor foilsíodh briathar an Tiarna dó fós. Ghlaoigh an Tiarna ar Shamúéil den tríú huair. D’éirigh seisean agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.”
Thuig Éilí ansin gurbh é an Tiarna a bhí ag glaoch ar an ngasúr.
Dúirt sé le Samúéil: “Imigh agus luigh síos, agus má ghlaonn aon duine ort abair: ‘Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.’”
D’imigh Samúéil mar sin agus luigh sé síos ina áit féin.

Tháinig an Tiarna ansin agus sheas ansiúd agus ghlaoigh mar a rinne roimhe sin: “A Shamúéil! A Shamúéil!
D’fhreagair Samúéil: “Labhair, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.”

D’fhás Samúéil agus bhí an Tiarna maille leis agus níor lig sé d’aon fhocal dá chuid titim ar lár.

Briathar an Tiarna                     Buíochas le Dia

Salm le Freagra                      Sm 39
Freagra                                       Féach, táim ag teacht, a Thiarna, chun do thoil a dhéanamh.

1. Bhí dóchas agam, bhí dóchas agam sa Tiarna, agus chlaon sé a chluas chugam
agus d’éist le m’éamh.
Chuir sé amhrán nua i mo bhéal, amhrán molta dár nDia.                                               Freagra

2.Speal to me god Íobairt ná ofráil níor thoil leat,ach d’oscail tú cluasa dom.
Ioscadh níor theastaigh uait, ná íobairt in éiric an pheaca.
Ansin dúirt mé: ‘Féach, táim ag teacht.’         Freagra

3. ‘I rolla an leabhair tá scríofa I mo thaobh:  is áil liom do thoil a dhéanamh, a Dhia, agus tá do dlí go domhain i mo chroí’            Freagra

4. D’fhoilsigh mé d’fhíréantacht sa mhórdháil.Féach, níor chuir mé cosc le mo bheola: is eol duitse é, a Thiarna.                                                                              Freagra

DARA LÉACHT           

Sliocht as an céad litir NaomhPól chuig na Coirintigh             6:13-15. 17-20
Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill bheatha de Chríost bhur gcoirp?

Body of Ct 2A bhráithre, ní don drúis atá an corp ann, áfach, ach don Tiarna agus is don chorp atá an Tiarna ann. Mar ní amháin gur thóg Dia an Tiarna ó mhairbh ach tógfaidh sé sinne ó mhairbh lena chumhacht chomh maith. Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill bheatha de Chríost bhur gcoirp? Más ea, an bhfuilim chun baill bheatha Chríost a thógáil agus baill bheatha mheirdrí a dhéanamh díobh? Nár lige Dia sin! An té a bhíonn go dlúth i bpáirt leis an Tiarna áfach, bíonn sé d’aon spiorad leis.

Seachnaígí an drúis dá réir sin. Gach peaca eile dá ndéanann an duine, is lasmuigh dá chorp a bhíonn sé, ach is in aghaidh a choirp féin a pheacaíonn fear na drúise. Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall bhur gcorp ag an Spiorad Naomh atá istigh ionaibh mar bhronn Dia oraibh é? Ní libh féin sibh mar gur daor a ceannaíodh sibh. Más ea, tugaigí glóir do Dhia le bhur gcorp.

Briathar an Tiarna                Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                 Gnomh 16: 14
Alleluia, alleluia!
Oscail ár gcroí,A Thiarna, Cun aird a thabhairt ar bhraithra do Mhic
Alleluia!

SOISCÉAL                     

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Eoin           1:35-42
Tháinig siad agus d’fhan siad fairis an lá sin

jesus and disciplesSan am sin bhí Eoin ina sheasamh ansiúd agus beirt dá dheisceabail. Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé:
Seo é Uan Dé.” Chuala an bheirt deisceabal é ag rá na cainte agus lean siad Íosa. D’iompaigh Íosa, chonaic iad á leanúint agus dúirt sé leo:
Cad tá uaibh?”
D’fhreagair siad é: A raibí” –is é sin le rá “a mháistir” – “Cá bhfuil cónaí ort?”
Tagaigí agus feicigí,
” ar sé leo. Tháinig siad dá bhrí sin agus chonaic siad cá raibh cónaí air, agus d’fhan siad fairis an lá sin. Bhí sé timpeall an deichiú huair.

Duine den bheirt a chuala Eoin agus a lean Íosa a ba ea Aindrias, deartháir Shíomóin Peadar. Fuair seisean ar dtús a dheartháir féin Síomón agus dúirt sé leis: Fuaireamar an Meisias” – is é sín le rá an tUngthach. Thug sé leis é chun Íosa.
D’fhéach Íosa go grinn air agus dúirt: “Is tú Síomón mac Eoin. Tabharfar ort Céafas” – focal a chiallaíonn Carraig.

Soiscéal an Tiarna.              Moladh duit, a Chriost.

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment