Nuacht Litir 21/1/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

(21/1/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha

Dé Domhnaigh – 10:00rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn

Cluan Droichead/Clondrohid

There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

Michael Murphy, Cúil Aodha
Mícheál Ó Lionáird  Gort na Scairte, Cuil Aodha, Baile Mhuirne, /Rinn Gharróíge.

A fuair bás an tráth seo bhliana

Timmy & Jane Healy, Baile Mhic Íre
Catherine & Jerome Cotter, Cúil Aodha &  Carriag an Ime
Anne Lucey, Kippagh, Baile Mhuirne
Tessie Lucey, Baile Mhic Íre
Peter Dineen, Cúm na Cloiche
Donal Shine, Baile Mhic Íre

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Mary Gould, Prohus
Gerry, Nora & Mary Lehane, Cúil a’ Bhuacaigh
Kevin O’ Sullivan, Cathair Dhónail Co Ciarraí
Bríd Ní Shuibnhe, Cnoc Sathairn, Cill na Martra
Maura Lucey, Cornea, Inse Geimhleagh

Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT        

Sliocht as an fáidh  Ióna                          3:1-5.10
Chreid muintir Nínivé i nDia agus thréig siad a ndrochiompar.

T
háinig Briathar an Tiarna go Ióna athuair:
Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé Nineveh repentsagus fógair ina haghaidh an t-oracal a thabharfaidh mé duit.
D’éirigh Ióna ach an uair seo as go brách leis go Nínivé faoi mar a d’ordaigh an Tiarna dó. Dar ndóigh, cathair as cuimse mór ba ea Nínivé; thógfadh sé trí lá ó dhuine í a thrasnú. Isteach le Ióna sa chathair agus is ar éigean a bhí turas aon lae amháin siúlta aige agus an t-oracal seo á fhógairt aige:
I gceann daichead lá eile scriosfar Nínivé,”
nuair a chreid muintir Nínivé i nDia. D’fhógair siad troscadh agus chuir siad go léir, idir uasal agus íseal sacéadach orthu féin.
Chonaic Dia cad a rinne siad agus conas mar a thréig siad a ndrochiompar. Mar sin de, tháinig aithreachas air i dtaobh na tubaiste a bhí sé tar éis a bhagairt orthu agus níor chuir sé i gcrích í.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

Salm le Freagra              Sm 24
Freagra                              Taispeáin do shlite dom, a Thiarna.

I. Taispeáin do shlite dom, a Thiarna. agus teagasc dom do rianta.
Treoraigh mé d’fhírinne agus teagasc mé, óir is tusa, a Dhia, mo Shlánaitheoir.          Freagra

2. Cuimhnigh ar do thrócaire, a Thiarna, agus ar do bhuanghrá atá ann ó na cianta.
De réir do bhuanghrá cuimhnigh orm, as ucht do mhaitheasa, a Thiarna.                     Freagra

3. Is maith is is díreach é an Tiarna. Uime sin múineann sé an tslí do na peacaigh.
Díríonn sé an fear umhal san fhíréantacht; múineann sé a shlí don fhear umhal.        Freagra

DARA LÉACHT                  

Sliocht as an chéad litir Naomh Pól chuig na  Coirintigh      7:29-31
Tá dreach an tsaoil seo ag síothlú.

fading awayIs é atáim a rá libh, a bhráithre, go bhfuil an uain dulta i ngiorracht;
dá chionn sin, iad seo a bhfuil bean acu, bídís ar chuma daoine nach mbeadh aon bhean acu;
bíodh lucht an ghoil faoi mar nach mbeidís ag gol, agus
bíodh lucht na lúcháire faoi mar nach mbeidís ag déanamh lúcháire.

Iad sin a bhíonn ag ceannach, bídís ar chuma daoine nach mbeadh dada ina seilbh acu;
agus iad siúd a bhíonn ag gabháil do ghnóthaí an tsaoil ná bídís gafa iontu, mar tá dreach an tsaoil seo ag síothlú.

Briathar an Tiarna                      Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                          Mc 1: 15
Alleluia, alleluia!
Tá ríocht Dé in achmaireacht. creidigí sa soiscéal.”
Alleluia!

SOISCÉAL                          

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Marcas         1:14-20
Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.

jesus calls peter and andyT
ar éis Eoin a bheith tugtha ar láimh, tháinig Íosa go dtí an Ghailíl ag fógairt soiscéal Dé agus ag rá:
Tá an tréimhse caite agus tá ríocht Dé in achmaireacht. Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.”

Bhí sé ag imeacht leis cois farraige na Gailíle nuair a chonaic sé Síomón agus Aindrias deartháir Shíomóin agus iad ag caitheamh eangaí san fharraige, mar iascairí a bhí iontu. Dúirt Íosa leo:
Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé díbh iascairí ar dhaoine.
D’fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é.

Bhuail sé ar aghaidh beagán eile agus chonaic sé Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir, iad ina mbádféin ag ceartú na líonta, agus ghlaoigh sé iad láithreach. D’fhág siad a n-athair Zeibidé sa bhád, é féin agus an lucht pá, agus ghabh siad leis.

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment