Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
(28/1/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CÉAD LÉACHT
Sliocht as leabhar Deotranaimí 18:15-20
Ardóidh mé suas fáidh agus cuirfidh mé my bhriathra ma bhéal.
Labhair Maois leis an bpobal á rá:
An Tiarna do Dhia suas fáidh mar mise duit ó do lár, ó do bhráithre; tugaigí aird airsean.
Sin é a d’iarr tú féin ar an Tiarna do Dhia ag Horaeb, lá an Tionóil.
‘Ná lig dom guth an Tiarna mo Dhia a chlos arís,’ arsa tú, ‘ná an tine mhór seo a fheiceáil a thuilleadh, le heagla go bhfaighinn bás.’
Dúirt an Tiarna liom:
‘Is maith mar a dúradar a bhfuil ráite acu. Ardóidh mé suas fáidh mar thusa dóibh, ó lár a mbráithre; cuirfidh mé mo bhriathra ina bhéal agus inseoidh sé dóibh gach a n-ordaím dó.
An té nach dtabharfaidh aird ar na briathra a labhróidh sé i m’ainm, éileoidh mé díoltas air.
Ach an fáidh a leomhfaidh focal a labhairt i m’ainmse nár ordaigh mé dhó a labhairt, nó a labhróidh in ainm dé eile, gheobhaidh an fáidh sin bás.’
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 94
Freagra Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu: ‘Na calcaigí bhur gcroí.’
1. Tagaigí, déanaimis gairdeas don Tiarna,
tógaimis gártha áthais do Charraig ár slánaithe.
Tagaimis ina láthair le moltaí,
déanaimis gairdeas dó le laoithe. Freagra 
2. Tagaigí, adhraimis agus sléachtaimis,
facaimis ár nglúine don Tiarna a rinne sinn.
Óir is é ár nDia é, agus is sinne
pobal a aoireachta agus caoirigh a lámh. Freagra
3. Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu:
‘Na calcaigí bhur gcroí.’ mar a tharlai Meríba,
mar a tharla an lá úd ag Masa san fhásach
mar ar chuir bhur n-aithreacha cath orm,
mar ar thriail siad mé cé go bhfaca siad m’obair.’ Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an dara litir Coirintigh 7:32-35
Bíonn an bhean shingil buartha faoi chúrsa an Tiarna d’fhonn bheith naofa.
A bhráithre, Is amhlaidh ba mhaith liom sibh a bheith saor ó imní.
Bíonn an fear singil buartha faoi ghnóthaí an Tiarna ag iarraidh an Tiarna a shásamh; ach bíonn an fear pósta buartha faoi ghnóthaí an tsaoil ag iarraidh a bhean a shásamh, rud a fhágann é i ngalar na gcás.
Ar an gcuma chéanna bíonn an bhean singil nó an cailin óg buartha faoi chúrsaí an Tiarna d’fhonn a bheith naofa idir chorp agus anam; ach bíonn an bhean phósta buartha faoi chúrsaí an tsaoil ag iarraidh a fear a shásamh.
Is ar mhaithe libh a deirim an méid seo, agus ní ag iarraidh laincis a chur oraibh atáim, ach le go mbeadh gach ní ina cheart, agus go bhfónfadh sibh don Tiarna gan cur isteach ná amach oraibh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 14: 23
Alleluia, alleluia!
“Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis, “coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige.’
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 1:21-28 Glóir duit, a Thiarna
B
hI sé a dteagasc mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige.
San am sin chuaigh Íosa isteach i gCafarnáum. Agus lá na sabóide féin, ar dhul isteach satsionagóg dó, thosaigh sé ag teagasc.Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe.
Bhí, san am sin, duine sa tsionagóg a raibh smacht ag spiorad míghlan air, agus scread sé amach: “Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.”
Labhair Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus gabh amach as.” Bhain an spiorad míghlan rachtaí as an duine, ghlaoigh amach go hard agus d’imigh as. Agus bhí alltacht chomh mór sin ar chách go raibh siad ag fiafraí dá chéile: “Cad é an rud é seo?” deiridís: “teagasc nua á dhéanamh le húdarás;
na spioraid mhíghlana féin, fógraíonn sé orthu agus déanann siad rud air.”
Agus níorbh fhada gur leath a chlú go fada gearr ar fud cheantar uile na Gailíle.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196