Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
(4/2/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
Diarmuid Mac Suibhne Baile Mhuirne.
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an fáidh Iób 7:1-4. 6-7
Bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche.
Labhair Iób agus dúirt:
Nach bhfuil tréimhse dianseirbhíse ag an duine ar talamh?
Agus nach cosúil a laethanta le laethanta amhais?
Mar dhaor a shantaíonn an scáth, Agus mar amhas a iarrann luach a shaothair.
Is amhlaidh a dátaíodh dom míonna mairge gur gearradh amach dom oícheanta buartha.
I mo luí dom deirim: “Cá huair a thiocfaidh an lá?”
Ar m’éirí dom deirim arís: “Cá huair a thiocfaidh an oíche?”
Agus bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche.
Is luaithe mo laethanta ná fearsad fíodóra,
Agus tá siad arna gcríochnú gan dóchas.
Á, cuimhnigh nach bhfuil i mo bheatha ach puth anála;
Ní fheicfidh mo shúile sonas go deo arís.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 146
Freagra Molaigí an Tiarna a shlánaíonn lucht an chroí bhriste.
Malairt Freagra Alleluia!
I. Alleluia!
Molaigí an Tiarna óir is maith é;
canaigí salm dár nDia óir is grámhar é:
is dósan is cuí ár moladh. Freagra
2. Tá an Tiarna ag tógáil Iarúsailéim,
ta sé ag cruinniú dhíbeartaigh Isráél.
Slánaíonn sé lucht an chroí bhriste
agus déanann a gcréachtaí a cheangal.
Socraíonn sé líon na réaltaí;
ainmnífonn sé ina gceann agus ina gceann iad. Freagra
3. Is mór é ár nDia agus is mór é a neart;
níl teorainn ar bith lena eagna.
Ardaíonn an Tiarna na daoine ísle
agus leagann sé ar lár na héagráifigh. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an chéad leabhar chuig na Coirintigh 9:16-19. 22-23
Is domsa is mairg mura ndéanfaidh mé an dea-scéal a fhógairt.
A bhráithre, ní aon chúis mhaíte dom bheith ag fógairt an dea-scéil, mar is é mo dhualgas é, agus is domsa is mairg mura ndéanfaidh mé an dea-scéal a fhógairt.
Dá mba de mo dheoin féin a bheinn á dhéanamh sin bheadh tuarastal ag dul
dom; ach más de m’ainneoin é, is dualgas é atá curtha orm. Cén tuarastal atá ag duldom mar sin? Tá, go ndéanaim an dea-scéal a fhógairt saor in aisce gan feidhm ar bith a bhaint as an gceart is liom ón dea-scéal.
Bíodh nach bhfuil buannacht ag duine ar bith orm, rinne mé sclábha díom féin don uile dhuine d’fhonn breis a thabhairt liom. Bhí mé lag leis na laga d’fhonn na laga a thabhairt liom. Bhí mé i mo gach ní do gach duine d’fhonn cuid áirithe acu a shábháil ar chuma éigin. Is ar mhaithe leis an dea-scéal a dhéanaim gach ní ionas go mbeinn i bpáirt ann.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa E0 8: 12
Alleluia, alleluia!
Is mise solas an tsaoil, a deir an Tiarna;
an té a leanfaidh mise beidh solas na beatha aige.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 1:29-39
Leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair.
San am sin ar dhul amach as an tsionagóg d Íosa, chuaigh sé isteach gan mhoill i dteach Shíomóin agus Aindrias, in éineacht le Séamas agus Eoin. Bhí máthair chéile Shíomóin ina luí agus an fiabhras uirthi, agus ní dhearna siad aon mhoill gan labhairt leis mar gheall uirthi. Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. D’fhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu.
Nuair a bhí an tráthnóna ann, tar éis luí gréine, thug siad chuige cách a bhí tinn agus na daoine a raibh deamhain iontu. Bhí an chathair ar fad cruinnithe timpeall an dorais, agus leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair, agus chaith sé amach mórán deamhan, agus ní ligeadh sé do na deamhain labhairt, mar bhí a fhios acu cérbh é.
D’éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d’imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí. Chuaigh Síomón agus a chompánaigh ar a lorg, agus nuair a fuair siad é dúirt siad leis: “Tá cách do do chuardach.”
Dúirt sé leo: “Téanam go dtí áit éigin eile, isteach sna bailte móra atá ar cóngar, chun go mbeinn ag seanmóir iontu sin freisin, mar is chuige sin a ghabh mé amach.”
Agus tháinig sé ag seanmóir ina gcuid sionagóg ar fud na Gailíle go léir agus ag caitheamh na ndeamhan amach.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Cruinniú Cinn Bhliana Cliub Bláthanna is Gáirdíní MhagCromtha, Deardaoin 8/2/2024 @ 7:00 I Coolcower House. Tabharfaigh Betsy’s Florist cuir I láthair le Mionn-Taispeantas ag 8:00. Tá an ballríocht bliantúil le tabhairt suas ar an oiche. Fáilte roim baill nua. Tuille eolas ar fáil faoi ballríocht, cuairteanna gáirdíní, AOIFE, ranganna bláth-ealaíonn, agus saotharlainní trí 087 9821 708
Macroom Flower & Garden Club AGM at Coolcower House on Thursday 8th February 7.00p.m followed by Mini Floral Demonstration by Betsy’s Florist at 8.00p.m. Annual Membership due on the night. New Members Welcome Further information re Membership, Garden visits, AOIFA Floral Art Classes, Workshops, contact 087-9821708.
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196