Nuacht Litir 11/2/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

(11/2/2024)

Lá Gobnatan

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha

Dé Domhnaigh – 10:00rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn

Cluan Droichead/Clondrohid

There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 


CÉAD LÉACHT  

Sliocht as an leabhar Léivític               13:1-2. 45-46
Aireadh an lobhar ar leithrigh; bíodh cónaí air lasmuigh den champa.

Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón:
Leper in OT    “Nuair a bhíonn at nó gearb nó spota ar chneas duine, ní mór a bheith in amhras faoi lobhra chnis. Ní foláir an duine a bhreith chun Árón an sagart, nó go duine dá chlann mhac is sagart.

An duine ar a bhfuil galar na lobhra, bíodh a chuid éadaigh ina ngeiríocha, agus a chuid gruaige ina mothall gan slacht; ní foláir dó a bhéal uachtair a fholach agus glao a chur as: ‘Neamhghlan! Neamhghlan!’ Fad a mhaireann an galar, bíodh sé neamhghlan; ós neamhghlan é, maireadh sé ar leithrigh; bíodh cónaí air lasmuigh den champa.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

Salm le Freagra              Sm 31
Freagra                               Is tú m’áit folaigh, a Thiarna. Cuireann tú gártha tarrthála i mo thimpeall.

1. Is beannaithe dár maitheadh a choir,
dár folaíodh a pheaca:
an té nach gcuireann an Tiarna
cion ina leith,
is nach bhfuil cealg ina chroí.        Freagra

2. Ach d’admhaigh mé mo pheaca duit cheana
is níor cheil mé m’urchóid.
Dúirt me: ‘Admhóidh mé anois
mo choir don Tiarna.’
Agus thug tú maithiúnas dom, a Thiarna,
mhaith tú mo pheaca.                    Freagra

3. Déanaigí lúcháir agus gairdeas sa Tiarna,
a fhíréana go léir!
Déanaigí aoibhneas agus áthas,
a lucht an chroí dhírigh.                 Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as an chéad litir Naomh Pól chuig na Coirintigh     10:31-11:1
Déanaigíse aithrisormsa mar a dhéanaimse aithris ar Chríost.


Jesus as model A
bhráithre, cibé acu dhéanann sibh ithe nó ól nó ní ar bith eile, déanaigí an t-iomlán chun glóire Dé. Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná d’eaglais Dé. Sin é mo dhála-sa: bím ag iarraidh gach duine a shásamh i ngach slí gan aon tóir agam ar mo leas féin ach ar leas an tslua le hionchas go slánofaí iad.
Déanaigíse aithris ormsa mar a dhéanaimse aithris ar Chríost.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia  

Alleluia Véarsa                Lc 19: 38
Alleluia, alleluia!
Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna!
Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar neimhe.”
Alleluia!

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh  Marcas,  1:40-45                Glóir duit, a Thiarna.
D’fhág an lobhra é láithreach agus glanadh é.

San am sin tháinig lobhar chuig Íosa ag achainí air agus é ar a dhá ghlúin:
Más áil leat é,” ar seisean, “is féidir duit mé a ghlanadh.”
Jesus heals leper Íosa trua dó, shín amach a lámh agus bhain leis:
Is áil,” ar seisean leis, “glantar thú!

D’fhág an lobhra é láithreach agus glanadh é. Labhair Íosa go corraiceach leis agus chuir chun siúil é gan mhoill ag rá leis: “Ná habair focal le haon duine, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin agus déan, de chionn do ghlanta, an ofráil a d’ordaigh Maois mar fhianaise dóibh.”

Ní túisce a d’fhág an duine an láthair, áfach, ná bhí guth ard aige ag leathadh an scéil, ionas nach bhféadfadh Íosa dul isteach go hoscailte i gcathair feasta, ach fanacht lasmuigh sna háiteanna uaigneacha agus bhítí ag triall air as gach aird.

Soiscéal an Tiarna.                  Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart

 


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Freastalaí Altóra—Altar Servers

Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Coiste Bailte Slachtmhara Baile Mhuirne:  Cruinniú 7:30 Dé Máirt 12/2/2024 in Óstán Ghobnatan. Beidhmíd ag díriú ar tógrái is pleananna nua don bhliain seo ag tacht. Fáílte roim smaointe uile.

Ballyvourney TidyTowns meeting 7.30pm in the Abbey on Tuesday 13th February,  where we will be focusing on projects for the coming year. All ideas welcome😄

Féile Ghobnatan 2024

Leave a Comment