Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
(7/4/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CHÉAD LÉACHT Gníomhartha na nAspal 4:32-35
Ar aon chroí agus ar aon anam.
Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu. Bhí na haspail go lándícheallach ag tabhairt fianaise ar aiséirí Chríost agus bhí grásta Dé go fras orthu uile.
Agus ní raibh duine ar bith acu ar an ngannchuid: iad siúd a raibh talamh nó tithe acu, dhíolaidís amach iad agus thugaidís suas a luach do na haspail agus roinntí amach ar chách é de réir mar bhíodh sé ina ghá.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 117
Freagra Tugaigí buíochas den Tiarna teisc gur maith é:
óir maireann a ghrá de shíor.
Malairt freagra Alleluia
I. Bíodh teaghlach Isráél á rá: ‘Maireann a ghrá de shíor.’
Bíodh teaghlach Árón á rá:: ‘Maireann a ghrá de shíor.’
Abradh an dream lerb eagal an Tiarna: ‘Maireann a ghrá de shíor.’ Freagra
2. D’oibrigh deaslámh an tiarna go tréan: is í a dheaslámh a d’ardaig mé.
Ní éagfaidh mé- mairfidh mé agus inseoidh mé a mhóréachtaí.
Smachtaig an Tiarna go dian mé, ach níor dhaor sé chun báis mé. Freagra
3. An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di.
Is é an Tiarna a rinne é seo, agus is éachtach linne é.
Is é seo an lá a rinne an Tiarna: bíodh áthas is gliondar orainn. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an céad litir Eoin 5:1-6
Gach a ghintear ó Dhia sáraIonn sé an saol.
Gach duine a chreideann gurb é Íosa an Críost is ó Dhia a gineadh é, agus gach duine a thugann grá don té a ghin tugann grá fós don té a gineadh. Is mar seo is feasach dúinn go dtugaimid grá do chlann Dé, nuair a thugaimid grá do Dhia agus nuair a chomhlíonaimid a aitheanta. Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.
Óir gach a ghintear ó Dhia sáraíonn sé an saol 
agus is í an chaithréim a sháraíonn an saol, ár gcreideamh.
Cé sháraíonn an saol murab é an té a chreideann gurb é Íosa Mac Dé?
Sé Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil agus leis an Spiorad.
Ní leis an uisce amháin ach leis an uisce agus leis an bhfuil;
agus tá an Spiorad ag tabhairt fianaise, mar gurb í an fhírinne an Spiorad.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa
Alleluia, Alleluia!
‘De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú,’ a deir an Tiarna.
‘Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.’
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 20:19-31 Glóir duit, a Thiarna.
Ocht lá ma dhiaidh sin, tháinig Íosa.
Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!”
Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna.
Dúirt Íosa leo ansin arís:
“Síocháin daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin.”
Arna rá sin dó, d’análaigh sé orthu agus dúirt leo:“Glacaigí an Spiorad Naomh. Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh,beidh siad maite dóibh; na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí, beidh a bpeacaí coinnithe.”
Tomás, duine den dáréag ar a dtugtaí an Leathchúpla, ní raibh sé leo nuair a tháinig Íosa.
Dúirt na deisceabail eile leis: “Chonaiceamar an Tiarna.”
Ach dúirt seisean leo: “Mura bhfeicfidh mé rian na dtairní ar a dhearnana, agus mo mhéar a chur i bpoll na dtairní, agus mo lámh ina chliathán, ní chreidfidh mé.”
Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt: “Síocháin daoibh!”
Ansin dúirt sé le Tomás: “Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.”
D’fhreagair Tomás: “Mo Thiarna agus mo Dhia!”
Dúirt Íosa leis: “De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú. Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.”
Bhí go leor fearta eile fós a rinne Íosa os comhair a dheisceabal, agus níl aon chur síos orthu sa leabhar seo. Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196