Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Domhnach Cásca
(31/3/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
AN SEACHTAIN MÓR
An Déardaoin Naofa
Baile Bhuirne
6:00in Aifreann thráthnóna Shéire an Tiarna
Adhradh go dtí 11:00
Cluain Droichead 7.30in
Aifreann thráthnóna Shéire an Tiarna
Adhradh go dtí 10:00
Cill na Martra
8.00in Aifreann thráthnóna Shéire an Tiarna
Adhradh go dtí 10:00in
AOINE AN CHÉASTA
Réidh na nDoirí 11:00rn Turas na Croise
Baile Bhuirne 12.00in Turas na Croise
Cuil Aodha 3:00in Páis agus Bás ár dTiiarna (Radio na Gaeltachta)
Carraig an Ima 3:00in Páis agus Bás ár dTiarna
Cill na Martra 5:00in Páis agus Bás ár dTiarna
Cluain Droichead 7.30in Turas na Croise
An Satharn Naofa
Cluain Droichead Bigil na Cásca 7.00in
Baile Bhuirne Bigil na Cásca 8.00pm
Carraig an Ima Bigil na Cásca 9.00 pm
Domhnach Cásca
Aiséirí Ár dTiarna
Reidh na nDoirí 9:00rn
Cluain Droichead 9:30rn
Cuil Aodha 11:00rn (Radio na Gaeltachta)
Cill na Martra 11.30rn
Baile Bhuirne 12:30in
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
DOMHNACH CÁSCA AISÉIRÍ ÁR dTIARNA
CHÉAD LÉACHT
Sliocht as an céad Leabhar Gníomhartha na nAspal 10:34. 37-4
D‘itheamar agus d’ólamar ma chuideachta I ndiaidh a aiséirí ó mhairbh.
Ansin thosaigh Peadar ag labhairt:
“Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a d’fhógair Eoin, an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis. Agus is finnéithe sinn ar gach ní dá ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é á chrochadh ar chrann, ach thóg Dia ón mbás an treas lá é agus thug le feiceáil é, ní don phobal ar fad é, ach do na finnéithe a bhí réamhcheaptha ag Dia, is é sin le rá, dúinne. Chaitheamar bia agus deoch ina theannta tar éis a aiséirithe ó mhairbh agus d’ordaigh sé dúinn a fhógairt don phobal agus a dhearbhú gurb é atá ceaptha ag Dia ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh. Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!”
Briathar Dé. Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 117
Freagra Is é seo an lá a rinne an Tiarna: biodh áthas is gliondar orainn.
Malairt Freagra Alleluia!
I. Alleluia!
Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é: óir maireann a ghrá de shíor.
Bíodh teaghlach Isráél a rá: ‘Maireann a ghrá de shíor.’ Freagra
2. D’oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan: is í a dheaslámh a d’ardaigh me.
Ni éagfaidh me-mairfidh mé agus inseoidh mé a mhóréachtaí. Freagra
3. An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di.
Is é an Tiarna a rinne é seo, agus is éachtach linne é. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Noamh Pól chuig na Colosaigh 3:1-4
Lorgaígí na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost.
A bhráithre, ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé.Bíodh bhur n-aire ar na nithe atá thuas agus ní ar na nithe atá ar talamh.Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost. Is é Críost bhur mbeatha, agus nuair a nochtfaidh seisean chugainn nochtfaidh sibhse chomh maith faoi ghlóir in éineacht leis.
Briathar Dé. Buíochas le Dia
_________________________________
Malairt DARA LÉACHT
Sliocht as an céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintig 5:6-8
Glanaígi amach an tseanghabháil ionas go mbeidh sibh in bhur dtaosnua.
A bhráithre, ní healaí daoibh an mhórchúis; nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanann pinse gabháile an taos go léir a ghabháileadh. Glanaigí amach an tseanghabháile ionas go mbeadh sibh in bhur dtaos úrnua gan gabháile ar bith ionaibh – agus is mar sin atá sibh, mar tá Críost, ár n-uan Cásca, íobartha. Déanaimis an fhéile a cheiliúradh dá bhrí sin, agus ní leis an tseanghabháile é, le gabháile an oilc agus na hurchóide, ach le slimarán an ionracais agus na fírinne.
Briathar Dé. Buíochas le Dia
________________________________
Rosc
Moladh na Críostaithe
an tÍobartach Cásca,
an tUan mingheal
na caoirigh a shíorshlánaigh.
Críost is é gan pheaca
chuir sé ar ais na peacaigh
in athmhuintearas an Athar.
Bhí comhrac rathmhar
idir bas is beatha;
Rí na beatha marbh:
sin é ina Rí ina bheatha.
A Mháire, d’úinne abair
cad a chonaic tú sa bhealach?
Chonaic mé tuama Chriost bhi
is glóir a aiséirí,
finnéithe ainglí,
bréid is culaith.
D’aiséirigh Críost, mo dhóchas.
Rachaidh go Gailil romhaibh.
Is léir dúinn Críost, ár mbeatha,
éirithe 0 na mairbh.
A Rí, do thrócaire luaigh linn,
ós é go bhfuil an bua agat.
Amen. Alleluia
Comhgháir an tSoiscéil
Alleluia, Alleluia!
Tá Críost,ár n-uan Cásca, íobartha. Déanaimis an fhéile dá bhrí sin san Tiarna.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 20:1-9
Níorbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.
An chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama. Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa.
“Thog siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.”
Amach le Peadar agus leis an deisceabal eile ansin agus chuaigh siad chun an tuama. Chrom siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama. Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach. Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí agus an brat a bhí ar a cheann – ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin.
Ansin. an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé.
Óir níor thuig siad go fóill an scrioptúr nárbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196