Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
(28/4/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n
Dé Sathairn – An Céad Comaoine – 12:00
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Céad Comaoine
Comhgháirdeachas leis na leannaí iontacha go léir, ó Chúil Aodha a ghlac an CéádComaoine an deire seachtaine seo. Guímíd faoi bhrat Ghobnatan agus Lachtain iad uile.
We congratulate the children of the parish in Cúil Aodha who received their First Holy Communion this Saturday
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal 6:26-31
D’inis Barnabas do na haspail mar a chonaic Sól an Tiarna ar an tslí.
Ar theacht dó go Iarúsailéim rinne sé iarracht ar dhul i bpáirt leis na deisceabail ach bhí eagla orthu go léir roimhe mar ní chreidfidís gur dheisceabal é. Ansin thóg Barnabas faoina chúram é agus thug i láthair na n-aspal é, ag aithris dóibh conas mar a chonaic sé an Tiarna ar an mbóthar agus mar a rinne sé comhrá leis agus mar a labhair sé go teann in ainm Íosa i nDamaisc.
D’fhan Sól in éineacht leo in Iarúsailéim gan chosc gan cheangal air ach é ag labhairt go dána in ainm an Tiarna. Bhíodh sé ag caint agus ag conspóid leis na Giúdaigh Heilléanacha freisin. Rinne siadsan iarracht ar é a mharú ach nuair a fuair na bráithre amach é, thóg siad Sól leo go Céasaráia agus chuir as sin go Tarsas é. Mar sin bhí síocháin ag an Eaglais ar fud Iúdáia go léir agus na Gailíle agus na Samáire. Lean sí á tógáil féin agus ag dul chun cinn faoi eagla an Tiarna agus ag dul i méid le cabhair an Spioraid Naoimh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 21
Freagra Is tú mo mholadh sa mhórthionól, a Thiarna.
Malairt Freagra Alleluia!
I. Comhlíonfaidh mé mo mhóideanna i láthair na droinge ar a mbíonn a eagla.
Íosfaidh na bochtáin agus beidh a sáith acu. Molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna.
Go maire a gcroíthe go brách na breithe. Freagra
2. Cuimhneoidh an domhan uile agus casfaidh ar an Tiarna, agus adhrfaidh na ciníocha uile ina fhianaise.
Adhrfaidh maithe móra an talaimh ina fhianaise. Cromfaidh ina láthair a ngabhann síos sa luaithreach. Freagra
3. Mairfidh m’anam ar a shon; déanfaidh mo chlann fónamh dó. Tabharfaidh tuairisc an Tiarna do ghlúin atá le teacht.
Foilseoidh siad a dhílseacht do phobal nár saolaíodh fós: ‘Sin iad na nithe a rinne an Tiarna.’ Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an chéad Litir Naomh Eoin 3:18-24
Seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile.
A chlann liom, ná tugaimis grá briathair ná cainte amháin, ach grá gnímh agus fírinne. Is mar sin a aithneoimid gur de chlann na fírinne sinn, agus is mar sin a shuaimhneoimid ár gcoinsias ina láthairsean, má chiontaíonn ár gcroí sinn. Óir gur treise é Dia ná ár gcroí-ne agus is feasach dó an uile ní.
A chairde cléibh, mura gciontaíonn ár gcroí sinn táimid lánmhuiníneach as Dia. Agus cibé ní a agraímid air, gheobhaimid uaidh é, ó tharla go gcoinnímid a aitheanta agus go ndéanaimid beart de réir a thaitnimh. Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, de réir mar a d’ordaigh seisean dúinn. An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 15: 4-5
Alleluia, Alleluia!
‘Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh,’ a deir an Tiarna.
‘An té a fhanann ionamsa, tugann sé toradh mór uaidh.’
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 15:1-8 Glóir duit, a Thiarna.
An té a fhanann ionamsa, agu mise ann, tugann sé toradh mór uaidh
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
Mise an fhíniúin fhíor, agus is é m’Athair an saothraí.
Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í;
agus gach géag a thugann toradh, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.
Tá sibhse bearrtha de bharr an bhriathair a labhair mé libh.
Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag
toradh a thabhairt uaithi féin, mura bhfanann sí san fhíniúin,sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfanann sibh ionamsa.

Mise an fhíniúin, sibhse na géaga; an té a fhanann ionamsa, agus mise ann,
tugann seisean toradh mór uaidh; óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh.
Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé;
agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad.
Má fhanann sibh ionamsa agus má fhanann mo bhriathra ionaibh,
iarrfaidh sibh cibé ní is mian libh agus déanfar daoibh é.
Tugadh glóir do m’Athair sa mhéid go dtugann sibhse toradh mór uaibh,
agus go mbeidh sibh in bhur ndeisceabail agamsa.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Feachtas bailithe airigid do Scrín Ghobnatan
Is mian le Coiste Scrín Ghobnatan a mbuíochas do chur on iúil don bpobal agus gach uile duine a chabhraiigh leis an tionól Tractors agus Vintage Cars a bhí ar bun 7/4/2024. Do bailíodh €6500 ar fad agus tá sin immithe amnois isteach sa chiste ar mhaithe le cothabháil agus aire do reiligí, tobar agus scrín Ghobatan. Go raibh míle maith agaibh.
“St Gobnait’s Shrine Committee would like to sincerely thank the community and all who supported the recent Tractor/Vintage Car Run on Sun April 7th. In total, the event raised €6,500. All proceeds will go towards works and maintenance at St Gobnait’s Shrine, Well and Cemeteries.”
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Freastalaí Altóra—Altar Servers
Tá an tAthair Seán ag dul timpeall dosna scoileanna faoi láthair ag lorg buachaillí agus cailíní ó rang 3 go 6 chun freastal ar an altóir
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196