Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
(5/5/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n
Dé Sathairn – An Céad Comaoine – 12:00
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
Antaine (Tony) Ó Ceilleachair Cuinín a’ Bhric, Sliabh Riabhach, Baile Mhuirne
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Maura Hoar, Claon Ráth
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal 10:25-26. 34-35. 44-48
Doirteadh grásta an Spioraid Naoimh amach ar na ciníocha fasta.
Nuair a bhí Peadar ar tí dul isteach tháinig Coirnéilias ina airicis agus d’umhlaigh go talamh ag déanamh ómóis dó.
Thóg Peadar suas é áfach, á rá: “Éirigh i do sheasamh. Níl ionamsa ach fear ar do dhála féin.”
Ansin thosaigh Peadar ag labhairt: “Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile ach cibé duine a thugann ómós dó agus a dhéanann an ceart, gur taitneamhach an duine sin dó is cuma cén cine ar díobh é.
Ní raibh an méid sin ráite ag Peadar nuair a tháinig an Spiorad Naomh anuas ar a raibh ag éisteacht lena theachtaireacht. Bhí alltacht ar na creidmhigh Ghiúdacha a bhí tagtha in éineacht le Peadar a fheiceáil gur doirteadh tabhartas an Spioraid Naoimh ar na págánaigh freisin, mar chuala siad ag caint iad i dteangacha agus ag móradh Dé.
Ansin labhair Peadar leo: “Cé a d’fhéadfadh uisce a mbaiste a dhiúltú do na daoine seo agus iad tar éis an Spiorad Naomh a fháil chomh maith linn féin?”
Agus d’ordaigh sé iad a bhaisteadh in ainm Íosa Críost. Ansin d’iarr siad air fanacht ina dteannta ar feadh roinnt laethanta.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 97
Freagra D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú do na náisiúin.
Malairt Freagra Alleluia!
I. Canaigí amhrán nua don Tiarna óir rinne sé éachtai.
Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa rug sé bua dó féin. Freagra
2. D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú Nocht sé a fhíréantacht do na náisiúin.
Ba chuimhin leis a fhírinne is a ghrá do theaghlach Isráél. Freagra
3. Chonaic críocha uile na cruinne shlánú ár nDé.
Gairdígí sa Tiarna, a chríocha uile, agus nocht bhur n-áthas dó. Freagra
AN DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Eoin 4:7-10
Is é Dia an Grá.
A clann ionúin, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia. An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, mar is é Dia an Grá. Mar seo a foilsíodh grá Dé inár measc gur sheol sé a aon Mhac sa saol le go mairimis-ne trídsean. Seo é an grá – ní gur thugamarna grá do Dhia ach gur thug seisean grá dúinne agus gur sheol uaidh a Mhac go mbeadh ina íobairt sásaimh ar ár bpeacaí.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 14:23
Alleluia, Alleluia!
Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige,’ a deir an Tiarna.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 15:9-17 Glóir duit, a Thiarna.
Níl grá ag aon duine níos mó ná seo go dtabharfadh duine a anam ar son a chairde.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
‘Faoi mar a thug an tAthair grá domsa, thug mise grá daoibhse chomh maith.
Fanaigí i mo ghrá. Má choinníonn sibh m’aitheanta,
fanfaidh sibh i mo ghrá, faoi mar a choinnigh mise aitheanta m’Athar, agus a fhanaim ina ghrá.
Dúirt mé na nithe seo libh chun go mbeadh mo lúcháir-sé ionaibh agus go mbeadh bhur lúcháir-sé iomlán. Is í seo m’aithne: sibh a thabhairt grá dá chéile, faoi mar a thug mé grá daoibh.
Níl grá ag aon duine níos mó ná seo go dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde. Sibhse mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.
Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir.
Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é. Ní sibhse a rinne mise a thoghadh,
ach mise a rinne sibhse a thoghadh, agus a cheapadh chun go n-imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a d’iarrfadh sibh ar an Athair i m’ainm,
go dtabharfadh sé daoibh é.
Is iad seo m’aitheanta daoibh:sibh a thabhairt grá dá chéile.’
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196