Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Deichiú Domhnach Saor
(9/6/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Geineasas 3:9-15
Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa.
Ghlaoigh an Tiarna Dia ar an bhfear: “Cá bhfuil tú?” ar sé leis.
D’fhreagair sé: “Chuala mé do ghuth sa ghairdín agus bhí eagla orm mar go raibh mé nocht, agus chuaigh mé i bhfolach.”
“Cé dúirt leat,” ar seisean, “go raibh tú nocht?
An ag ithe a bhí tú den chrann a d’aithin mé duit gan ithe de?”
“An bhean a thug tú dom mar chéile,” arsa an fear, “ise a thug toradh as an gcrann dom, agus d’ith mé é.”
Agus dúirt an Tiarna Dia leis an mbean: “Cad é seo atá déanta agat?”
D’fhreagair an bhean: “Mheall an nathair mé agus d’ith mé.”
Dúirt an Tiarna Dia leis an nathair:
“De bhrí go ndearna tú an rud seo go raibh mallacht ort thar an eallach go léir, thar na hainmhithe allta go léir;
beidh tú ag sní ar do bholg agus ag ithe cré, gach lá de do shaol. Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean,
idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 129
Freagra Is ag an Tiarna atá trócaire agus tá fuascailt aige go flúirseach
I. As na doimhní a éim ort, a Thiarna. A Thiarna, éist le mo ghuth!
Tugadh do chluasa aire do ghlór m’achainí. Freagra
2. Dá gcoinneofá cuimhne, a Thiarna, ar chionta, a Thiarna, cé thiocfadh slán?
Ach tugann tú maithiúnas sna peacaí: agus ar an ábhar sin móraimid thú. Freagra
3. Tá mo dhóchas sa Tiarna agam, cuireann m’anam a dhóchas ina bhriathar.
Is mó an feitheamh a dhéanann m’anam ar an Tiarna
ná feitheamh lucht faire ar an láchaint. Ná raibh feitheamh lucht faire ar an láchaint
níos mó ná feitheamh Isráél ar an Tiarna. Freagra
4. Óir is ag an Tiarna atá trócaire agus tá fuascailt aige go flúirseach;
agus fuasclóidh seisean Isráél óna urchóidí go léir. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an dara Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 4:13-5:1
A bhráithre, tá againne an spiorad céanna úd an chreidimh atá luaite sa scrioptúr: “Chreid mé agus labhair mé dá réir.” Creidimidne chomh maith agus labhraímid dá réir, mar go bhfuil a fhios againn, an té úd a thóg an Tiarna Íosa ó mhairbh, go dtógfaidh sé sinne mar aon le Íosa, agus go seolfaidh sé sinne agus sibhse araon ina láthair. Is ar mhaithe libhse é seo ar fad i dtreo, nuair a leathfaidh grásta Dé i measc breis daoine, go mbeidh breis buíochais chun glóire Dé.
Sin é an fáth nach loicimid choíche. Más ea féin go bhfuilimid ag meathlú ar an taobh amuigh, tá an taobh istigh á athnuachan ó lá go lá. An buaireamh beag gearrshaolach seo atá orainn, tá ualach as cuimse den ghlóir bhithbhuan á thuilleamh aige dúinn. Ní ar na nithe infheicthe atá ár n-aire againne ach ar na nithe dofheicthe, mar níl sna nithe infheicthe ach seal ach mairfidh na nithe dofheicthe go bráth.
Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 14:23
Alleluia, alleluia!
Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m’Athair dó,
agus tiocfaimid chuige,’ a deir an Tiarna.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas, 3:20-25 Glóir duit, a Thiarna.
Ní fhéadann Sátan seasamh
San am sin chuaigh Íosa isteach agus tháinig an slua le chéile arís sa chaoi nár fhéad siad fiú amháin béile a ithe. Agus nuair a fuair a mhuintir scéala air, ghabh siad amach d’fhonn breith air, mar bhí siad ag rá:
“As a mheabhair atá sé.”
Agus na scríobhaithe a bhí tar éis teacht anuas ó Iarúsailéim, deiridís:
“Béalzabúl atá ann,” agus “Is trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé na deamhain amach.”
Ghlaoigh sé chuige iad agus labhair sé i bparabail leo:
“Conas a fhéadann Sátan Sátan a chaitheamh amach? Má bhíonn ríocht ar deighilt ina haghaidh féin, ní fhéadann an ríocht sin seasamh. Agus má bhíonn teaghlach ar deighilt ina aghaidh féin, ní fhéadfaidh an teaghlach sin seasamh. Agus má tá Sátan éirithe amach ina aghaidh féin agus é ar deighilt, ní fhéadann sé seasamh. Ach ní fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a chreachadh gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús, agus ansin ní miste dó a theach a chreachadh. 
“Deirim libh go fírinneach, maithfear don chine daonna a gcuid peacaí agus cibé diamhaslaí a dhéanfaidh siad, ach duine ar bith a dhéanfaidh diamhasla in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bheidh maithiúnas le fáil aige go deo, ach tá sé ciontach i bpeaca síoraí,” – mar go ndúirt siad: “Tá spiorad míghlan ann.”
Ansin tháinig a mháthair agus a bhráithre, agus ina seasamh dóibh amuigh chuir siad scéala chuige ag glaoch air. Bhí slua ina suí timpeall air, agus dúirt siad leis:
“Tá do mháthair agus do bhráithre amuigh do d’iarraidh.”
Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Cé hiad mo mháthair agus mo bhráithre?”
Agus ag dearcadh dó ar a raibh ina suí timpeall air, dúirt:
“Seo iad mo mháthair agus mo bhráithre!
Óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil Dé, sin é mo bhráthair agus mo shiúr agus mo mháthair.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196