Nuacht Litir 2/6/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

Sollúntas Corp Chríost

(2/6/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Cúil Aodha

Dé Domhnaigh – 09:30 rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:00rn

Cluan Droichead/Clondrohid

There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

A fuair bás an tráth seo bhliana

Jim & May Lyons Cúil Iarthar

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 


CÉAD LÉACHT 

Sliocht as Leabhar Exodus  24:3-8
Seo fuil an Chonartha a rinne an Tiarna libh.

blood-covenantTháinig Maois agus d’aithris sé don phobal aitheanta uile an Tiarna agus a reachtanna uile. D’fhreagair an pobal go léir d’aonghuth:
Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh.”

Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d’éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael. Agus threoraigh sé ógánaigh de phobal Iosrael i mbun ofrálacha loiscthe agus síochána de dhaimh don Tiarna.

Agus thóg Maois leath na fola agus chuir i miasa í, agus dhoirt sé an leath eile ar an altóir. Ansin thóg sé leabhar an chonartha, agus léigh é i gcomhchlos an phobail, agus dúirt siad:
Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh, agus beimid umhal.”
Ansin thóg Maois an fhuil agus chroith ar an bpobal í, agus dúirt:
“Seo fuil an chonartha a rinne an Tiarna libh de réir na mbriathra seo go léir.” 

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Salm le Freagra                     Sm 115
Freagra                                    Glacfaidh mé cupán an tslánaithe; agus gairfidh mé ar ainm an Tiarna.
Malairt Freagra                  Alleluia!

1. Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarna ina ndearna sé dom?
Glacfaidh mé cupán an tslánaithe; agus gairfidh mé ar ainm an Tiarna.           Freagra

2. Is luachmhar i bhfianaise an Tiarna bás a chuid naomh.
A Thiarna, is mise do ghiolla; scaoil tú mo chuibhreacha díom.                          Freagra

3. Ofrálfaidh mé duit íobairt an mholta, gairfidh mé ar ainm an Tiarna.
Comhlíonfaidh mé ar mhóidigh mé don Tiarna i láthatr a phobail go léir.       Freagra

DARA LÉACHT   

Sliocht as Litir chuig na Eabhraig         9:11-15
Glanfaidh fuil Chríost ár n-anam ó pheacaí marfacha.

JesussavesusA bhráithre, tháinig Críost agus é ina ardsagart a bhféadfaí na maitheasaí uile a bhí [tagtha] a fháil tríd. Ghabh sé trí bhoth a bhí níos mó agus níos foirfe ná an seancheann; mar ní raibh sí lámhdhéanta, is é sin le rá, níor den saol seo í. Chuaigh sé isteach san Áit Rónaofa aon uair amháin ar fad agus ní le cabhair fuil ghabhar agus laonna é ach lena chuid fola dílis féin agus fuair sé slánú síoraí dúinn. Nuair a chroitear fuil ghabhar agus tharbh agus luaithreach bodóige dóite ar dhaoine atá neamhghlan mar gheall ar dheasghnátha an liotúirge, baintear an neamhghlaine dheasghnáthach seo díobh agus naomhaítear iad. Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d’ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.

Agus is é an fáth a bhfuil sé ina idirghabhálaí ar chonradh nua ná ionas go bhfaigheadh na daoine a bhfuil glaoite orthu an oidhreacht shíoraí atá geallta ag Dia dóibh. Is féidir é seo a tharlú anois ós rud é go bhfuair Críost bás in éiric na gcionta a rinneadh le linn an chéad chonartha.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

 

SOISCÉAL

 Go raibh an Tiarna libh.                        Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas,    14:12-16. 22-26                Glóir duit, a Thiarna.
Is é seo mo chorp. Is .í seo m’fhuil.

Ar an gcéad lá d’fhéile an tSlimaráin, nuair ba ghnách leo an cháisc a íobairt, dúirt a dheisceabail le h Íosa:
Cárbh áil leat go rachaimis agus ullmhú duit chun an cháisc a ithe?”
Chuir sé uaidh beirt dá dheisceabail agus dúirt sé leo:
Téigí isteach sa chathair, agus buailfidh fear libh agus próca uisce aige á bhreith leis. Leanaigí é agus cibé áit a dtéann sé isteach, abraigí le fear an tí ‘Deir an Máistir: Cá bhfuil mo sheomra aíochta go n-ithinn an cháisc in éineacht le mo dheisceabail?’ Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra mór in airde staighre, é feistithe ullamh. Déanaigí an réiteach ansiúd dúinn.”
D’imigh na deisceabail leo agus tháinig siad isteach sa chathair, agus fuair siad mar a dúirt sé leo, agus d’ullmhaigh siad an cháisc.

Last Supper

Le linn dóibh a bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris agus thug dóibh é agus dúirt:
Tógaigí; is é seo mo chorp.”
Agus thóg sé an cupa, agus ar altú dó, thug dóibh é, agus d’ól siad go léir as. Agus dúirt sé leo:
Is í seo m’fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son a lán. Deirim libh go fírinneach, nach n-ólfaidh mé den sú seo na fíniúna a thuilleadh go dtí an lá sin nuair a ólfaidh mé ina fhíon nua é i ríocht Dé.”

Soiscéal an Tiarna.               Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment