Nuacht Litir 26/5/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

SOLLÚNTAS NA TRÍONÓIDE RÓNAOFA

(26/5/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha

Dé Domhnaigh – 10:00n

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn

Cluan Droichead/Clondrohid

There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine
Teddy Neville. Na Fearáin (Farnanes)
Margaret (Peig) Quish (Ní Thuama) Imleach, Tiobrad Áran agus Gort Ui Rathaile
Seán Ó Cróinín. Na Cillíní, Baile Mhic Íre

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 


CÉAD LÉACHT 

Sliocht as Leabhar Deotranaimí     4:32-34. 39-40
Is é an Tiarna is Dia dáiríre ar neamh thuas agus ar talamh thíos; níl ann ach é.

Trinity 1  Dúirt Maois leis an bpobal
Óir, cuir an cheist seo dá bhrí sin chun na n-aos a d’imigh tharainn agus a bhí romhat, ón lá a chruthaigh Dia an duine ar talamh: An raibh briathar riamh chomh maorga ó cheann ceann neimhe? Ar chualathas riamh a leithéid? Ar chuala aon chine riamh guth Dé [bheo] ag labhairt ó chroí na tine, mar a rinne tusa, agus iad a mhaireachtáil? Ar thug aon Dia riamh faoi chine a ghabháil chuige féin ó chrioslach cine eile, le profaí, le comharthaí, le hiontais, le cogadh, le láimh láidir agus le géag ar tinneall? – na nithe sin go léir a rinne an Tiarna daoibhse, os comhair bhur súl san Éigipt.

Tuig é seo inniu dá bhrí sin agus ding i do chroí é: Is é an Tiarna is Dia dáiríre ar neamh thuas agus ar talamh thíos; níl ann ach é. Coimeád a reachta agus a aitheanta dá bhrí sin mar a thugaim duit iad inniu i dtreo go mbeidh conách ort féin agus ar do shliocht, agus saol fada agat sa tír atá á thabhairt duit go brách ag an Tiarna do Dhia.”

Briathar an Tiarna                  Buíochas le Dia

 Salm le Freagra                 Sm 32
Freagra                                Is méanar don phobal a roghnaigh an Tiarna dó féin

1. Is dílis é briathar an Tiarna, agus is iontaofa a obair uile.
Is ionúin leis an chóir is an ceart; tá an talamh lan de bhuanghrá an Tiarna.                                    Freagra

2. Lena bhriathar a rinneadh na flaithis, Ie hanáil a bhéil na réaltaí go léir.
Labhair sé, agus tharla ann iad. D’ordaigh sé agus rinneadh amhlaidh.                                              Freagra

3. Feach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe, orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,
chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbás is go gcothódh sé iad in am an ghorta.                    Freagra

4. Bíonn ar n-anam ag feitheamh leis an Tiarna: is é sin árgcabhair is ár sciath.
Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat.                                 Freagra

DARA LÉACHT 

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Romanaigh        8:14-17holy spirit comes
Fuair sibh spiorad na clainne trína nglaoimid Abba nó Athair ar Dhia.

Mar an mhuintir a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann ag Dia iad. Óir, an spiorad a fuair sibh ní spiorad na daoirse é chun eagla a chur oraibh athuair ach spiorad na clainne trína nglaoimid “Abba! Athair.” Dearbhaíonn an Spiorad féin dár spioradna gur clann Dé sinn; agus, más clann sinn, is oidhrí sinn chomh maith, oidhrí Dé agus comhoidhrí le Críost, ós rud é go bhfuilimid páirteach leis ina pháis, le hionchas a bheith páirteach leis ina ghlóir chomh maith.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Holy-Trinity2SOISCÉAL    

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Matha      28:16-20
Sular cruthaíodh an domhan, rugadh an Eagna.

San am sin d’imigh an t-aon deisceabal déag leo go dtí an Ghailíl, go dtí an sliabh a cheap Íosa mar ionad coinne dóibh, agus ar a fheiceáil dóibh d’umhlaigh siad dó, ach go raibh amhras ar chuid acu. Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo:

“Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh. Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”

Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196