Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An tAonú Domhnach Déag Saor
(16/6/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Paddy & Maureen Lyons , Na Cillini,
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Ezícéal , Fáidh. 17:22-24
Tógaim an crann íseal.
Seo mar a deir an Tiarna Dia:
Ó bharr an chéadrais,
ón ngéag is airde de
gearrfaidh mé maothán
agus cuirfidh é ar shliabh ard beannach;
ar bharr shliabh Iosrael a chuirfidh mé é.
Ginfidh sé géaga agus béarfaidh toradh,
agus beidh ina chéadras breá.
Cónóidh gach sórt éin faoi,
lonnóidh gach dúil sciathánach faoi scáth a ghéag.
Agus tuigfidh gach crann sa pháirc gur mise, an Tiarna,
a leagann an crann ard,
agus a thógann an ceann íseal,
a sheargann an crann glas
agus a bhláthaíonn an ceann críon.
Mise, an Tiarna; a labhair agus déanfaidh mé beart dá réir.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 91
Freagra Is maith an rud é thú a cheiliúradh, a Thiarna.
I. Is maith an rud é an Tiarna a cheiliúradh agus canadh do d’ainm ós tú an Té is Airde
chun do bhuanghrá a fhógairt ar maidin is do dhílse ó oíche go chéile. Freagra
2. Bláthóidh an fíréan amhail crann pailme, fásfaidh sé amhail céadras na Liobáine. Freagra
3. An dream a plandaíodh i dteach an Tiarna, beidh siad faoi mhaise i gcúirteanna Dé.
Bhéarfaidh siad toradh fiú agus iad sean, beidh siad glas agus lán de shú,
chun a fhoilsiú a dhírí atá an Tiarna. Mo charraig é, nach bhfuil aon urchóid ann. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an dara Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 5:6-10
Bímis inár gcónaí leis an Tiarna nó ar deoraíocht uaidh, níl d’aidhm againn ach é a shásamh.
A bhráithre, bímid lán de mhisneach i gcónaí dá bhrí sin, cé go bhfuil a fhios againn fad atá ár gcónaí sa chorp go bhfuilimid ar deoraíocht ón Tiarna. Mar is le creideamh a shiúlaimid bóthar an tsaoil seo agus ní le radharc na súl é. Mar sin féin táimid lán de mhisneach cé go mb’fhearr linn go mór an corp a bheith fágtha againn agus bheith inár gcónaí leis an Tiarna. Ach cibé acu sa bhaile leis a bhímid nó as baile uaidh, níl d’aidhm againn ach é a shásamh. Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 15: 15.
Alleluia, alleluia!
Sibhse mo chairde, a deir an Tiarna, óir gach a gcuala ó m’Athair,
chuir mé in iúl daoibh é.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 4:26-34 Glóir duit, a Thiarna.
Ta sé ar an ngráinnIn sí1 is lú ar bith de na síolta, ach fásann sé suas agus bíonn ar an gceann is mó de na glasraí go léir.
San am sin dúirt Íosa leis na sluaite:
“Is amhlaidh atá ríocht Dé, mar a scaipfeadh duine síol ar an talamh, agus go gcodlódh sé féin agus go n-éireodh, oíche agus lá, agus go mbeadh an síol ag eascar agus ag fás gan fhios dó. Tugann an talamh toradh uaidh féin, an geamhar ar dtús, an dias ansin, ansin an gráinne iomlán sa dias. Nuair a bhíonn an barr aibí, tugann sé an
corrán dó gan mhoill de bhrí go mbíonn an fómhar ar fáil.”
Agus dúirt:
“Cad leis a gcuirfimid ríocht Dé i gcomparáid, nó cén parabal a luafaimid léi? Tá sí mar a bheadh gráinne de shíol mustaird, atá ar an ngráinnín síl is lú ar bith de na síolta go léir nuair a bhíonn sé á chur sa talamh, ach nuair a bhíonn sé curtha, fásann sé suas agus bíonn ar an gceann is mó de na glasraí go léir agus cuireann sé craobhacha móra amach sa chaoi go bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh faoina scáth.”
Is trí mhórchuid parabal den sórt sin a bhíodh sé ag labhairt an bhriathair leo, de réir mar a d’fhéad siad éisteacht leis. Ní labhraíodh sé leo gan pharabal, ach go míníodh sé gach aon ní dá dheisceabail féin os íseal.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196