Nuacht Litir 23/6/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Dara Domhnach Déag Saor

(23/6/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes

Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —6.00in
Dé Domhnaigh 11.30in
Cúil Aodha

Dé Domhnaigh – 10:00n

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn

Cluan Droichead/Clondrohid

There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar Iób, Fáidh.       38:1. 8-11
Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais.

D’fhreagair an Tiarna Iób ansin as an anfa gaoithe agus dúirt:
 Cé a d’iaigh an mhuir isteach le comhlaí,God to job
Nuair a bhrúcht sí amach as an mbroinn?
Nuair a chuir mé an néal mar éide uirthi,
Agus an scamall dubh mar bhindealán uimpi.
Chuir mé teorainn léi,
Agus shocraigh mé barraí agus doirse di.
Agus dúirt mé:
An fad seo a thiocfaidh tú, ach gan teacht thairis seo;
Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais.”

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Salm le Freagra                     Sm 106
Freagra                                     Ceiliúraigí an Tiarna óir maireann a ghrá go síorai.
Malairt Freagra                   Alleluia!

I. An mhuintir a sheol an mhuir i longaa dhéanamh tráchtála ar an aigéan ollmhór,
chonaic siad oibreacha an Tiarna agus a iontais san fharraige.                                                          Freagra

2. Labhair seisean agus mhúscail gaoth na doininne, thóg tonnta na mara suas go hard.
D’éirigh siad chun na spéartha is thit chun an duibheagáin; bhí a n-anam á shnoí sa ghátar.     Freagra

3. Agus scread siad ar an Tiarna ina n-anacair, agus sheol sé as a dtrioblóidí amach iad.
Chiúnaigh sé an t-anfa go raibh ina leoithne, agus thit tonnta na mara ina dtost.                         Freagra

4. Bhí lúcháir orthu toisc iad a bheith ciúin; agus threoraigh sé iad chun cuain a méine.
Gabhaidís buíochas leis .an Tiarna as ucht a ghrá agus as ucht a iontas do chlann na ndaoine. Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Coirintigh     5:14-17
Tá gach rud cruthaithe as an nua.

new clothes in christ A bhráithre, tá grá do Chríost dár dtiomáint ón uair a d’aithníomar go bhfuair aon duine amháin bás ar son cách uile agus dá réir sin go bhfuil an uile dhuine tar éis bháis. Agus fuair sé bás ar son cách d’fhonn is nach ar mhaithe leo féin a mhairfeadh na beo feasta ach ar mhaithe leis an té sin a fuair bás ar a son agus a d’aiséirigh ó mhairbh.

As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh.

Mar, aon duine atá i gCríost, is duine é atá cruthaithe as an nua; tá an sean i léig, féach, agus tá an nua tagtha.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                     Lc 7: 16
Alleluia, alleluia!
Tá fáidh mór éirithe inar measc”; Rinne Dia a phobal a fhiosrú.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.         Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 4:35-41          Glóir duit, a Thiarna.
Cé hé an duine seo a rá go ndéanann gaoth agus farraigí rud air?

Nuair a bhí an tráthnóna ann an lá sin, dúirt Íosa lena dheisceabail :
Téimis trasna anonn.”
Agus ag fágáil an tslua ina ndiaidh, thug siad leo é sa bhád mar a bhí sé, agus bhí báid eile á thionlacan.

Christ and the StormGiorgio de Chirico, 1914  D’éirigh cuaifeach mór gaoithe, agus bhí na farraigí ag bualadh an bháid sa chaoi go raibh sí ag líonadh cheana féin. Bhí sé féin i ndeireadh an bháid ina chodladh agus a cheann ar an bpillín, agus mhúscail siad é agus dúirt leis:
A Mháistir, an ea nach cás leat go bhfuil an bás againn?”

Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus dúirt leis an bhfarraige:
Éist, bí socair!” Agus thit an ghaoth, agus bhí sé ina théigle mhór.

Dúirt sé leo:
Cén fáth a bhfuil an eagla seo oraibh?
An ea nach bhfuil creideamh agaibh?”

Bhí uamhan agus eagla orthu agus bhí siad á rá eatarthu féin:
“Cé hé an duine seo, más ea, a rá go ndéanann gaoth agus farraige rud air?”

Soiscéal an Tiarna.        Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196