Nuacht Litir 30/6/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Tríú Domhnach Déag Saor

(30/6/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishe

Baile Mhúirne
Dé Sathairn —11.00rn
6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn
Adhradh na Croise Naofa 10.00-5.00
Dé Máirt 9.30rn
Sochraid 2.00in
Dé hAoine 9.30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn —7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in :Adhradh óna 6.00in-7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
There will be no weekday mass during the next week in Clondrohid

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

Nellie Bn Uí Dhuinnín (Ní Loingsigh) Sráid Bhaile Mhic Íre.

A fuair bás an tráth seo bhliana

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 


CÉAD LÉACHT 

Sliocht as an céad LeabharhEagna       1:13-15; 2:23-24
Trí éad an diabháill tháinig an bás isteach sa saol.

Mar níorbh é Dia a rinne an bás,lifeanddeath
ná ní ábhar áthais dó bascadh na mbeo.
Is amhlaidh a chruthaigh sé gach rud
chun go mairfeadh sé go deo.
Is folláin iad dúile an domhain; níl aon nimh mharfach iontu,
ná níl aon tiarnas ag ifreann ar talamh. Is neamhbhásmhar í an fhíréantacht.

Ach chruthaigh Dia an duine chun nach bhfaigheadh sé bás go deo.
Ar dheilbh a nádúir féin a rinne sé é.
Trí éad an diabhail tháinig an bás isteach sa saol
agus is iad na daoine atá i bpairt leis-sean a bhlaisfidh é.

Briathar an Tiarna             Buíochas le Dia

Salm le Freagra  .          Sm 29
Freagra                             Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé.

1. Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé.
is nár thug tú do mo naimhde gairdeas a dhéanamh umam.
A Thiarna, threoraigh tú m’anam amach as ifreann,
is dhealaigh tú mé ón dream a théann síos san uaimh.  Freagra

2. A naomha, abraigí danta molta don Tiarna
is tugaigí buíochas dá ainm naofa.
Óir ní mhaireann a fhearg ach nóiméad,
ach maireann a chineáltas ó aois go bás.
Tig an gol um thráthnóna, is an gáire arís ar maidin.    Freagra

3. Éist liom, a Thiarna, is déan trócaire orm;
a Thiarna, bí mar chabhair dom.
Rinne tú rince de m’olagón;
a Thiarna, mo Dhia, molfaidh mé thú go brách.               Freagra

DARA LÉACHT            

Sliocht as an dara Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh      8:7. 9. 13-15
An fuileach atá anois agaibhse, coinneoidh sé riar a gcáis leis bráithre bochta.


A
bhráithre,
Agus ós rud é go bhfuil flúirse den uile shórt agaibh, flúirse den chreideamh, den líofacht, den eolas, den uile dhíograis agus den ghrá a d’fhoghlaim sibh uainne, bígí flaithiúil sa charthanacht seo chomh maith. Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d’fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan. mar ní gá daoibh sibh féin a chreachadh ag fóirithint ar dhaoine eile. Jesus generousNíl ann ach ceist cothroime: an fuílleach atá agaibhse i láthair na huaire, coinneoidh sé riar a gcáis leo siúd: agus an fuílleach a bheidh acu sin coinneoidh sé riar bhur gcáis libhse ar ball, agus sa tslí sin beidh cothrom ann de réir mar atá scríofa:
An té a chnuasaigh mórán, ní raibh an iomarca aige, agus an té a chnuasaigh beagán, ní raibh easnamh air.”

Briathar an Tiarna             Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa               Eo 6: 63
Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí

Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.             Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas    5:21-43                Glóir duit, a Thiarna.   
A chailín bhig, deirim leat, éirigh!

San am sin atheacht trasna do Íosa sa bhád go dtí an taobh eile, bhailigh slua mór ina thimpeall, agus bhí sé le hais na farraige. Tháinig duine de chinn urra na sionagóige, arbh ainm dó Iáras, agus ar a fheiceáil dó, chaith sé é féin ag a chosa agus rinne achainí go crua air ag rá:
Tá m’iníon bheag ar phointe an bháis. Tar agus cuir do lámha uirthi chun go mbeadh sí slán agus go mairfeadh.
D’imigh sé lena chois agus bhí slua mór á leanúint agus bhí siad ag plódú air.

Jesus and bleding womenAgus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag, agus a bhí tar éis mórán a fhulaingt óna lán lianna agus a raibh aici a chaitheamh, agus nárbh fhearrde í é, ach gur mhó a bhí sí ag dul in olcas, nuair a chuala sí scéala mar gheall ar Íosa, tháinig sí taobh thiar de sa slua agus bhain sí lena bhrat; mar dúirt sí:
Má bhainim lena chuid éadaigh fiú amháin, beidh mé slán.”
Agus stad an doirteadh fola aici láithreach, agus mhothaigh sí ina corp go raibh sí leigheasta óna gearán. Ach d’airigh Íosa ann féin go ndeachaigh brí amach uaidh, chas sé timpeall láithreach sa slua agus dúirt:
Cé bhain le mo chuid eádaigh?”
Dúirt a dheisceabail leis: “Feiceann tú an slua ag plódú ort, agus deir tú ‘Cé bhain liom?’”
Agus dhearc sé ina thimpeall féachaint cé rinne é. Ach ó thuig an bhean cad a bhí déanta inti, tháinig sí go critheaglach agus chaith í féin síos roimhe agus d’inis an fhírinne go léir dó. Dúirt sé léi:
A iníon, do chreideamh a shlánaigh thú. Imigh leat faoi shíocháin, agus bí slán ó do ghearán.”

little girlLe linn dó bheith ag caint tháinig daoine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá:
Tá d’iníon tar éis bháis; cén fáth a mbeifeá ag cur as don Mháistir níos mó?” Ba chlos d’Íosa an comhrá agus dúirt le ceann urra na sionagóige:
Ná bíodh eagla ort; ach amháin creid.”
Agus ní ligfeadh sé do dhuine ar bith dul leis ach Peadar agus Séamas agus Eoin deartháir Shéamais. Ar theacht dóibh go dtí teach cheann urra na sionagóige, chonaic sé an callán agus na daoine ag gol agus ag olagón go hard. Agus ar dhul isteach dó dúirt sé leo:
Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh calláin agus ag gol? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.
Agus bhí siad ag fonóid faoi. Ach chuir sé amach iad uile, agus rug sé leis athair agus máthair an linbh agus iad seo a bhí leis, agus chuaigh isteach mar a raibh an leanbh ina luí. Agus rug sé greim láimhe uirthi agus dúirt léi:
Talitá cúm” – focal a chiallaíonn: “A chailín bhig, deirim leat, éirigh!
D’éirigh an cailín agus shiúil sí thart, mar bhí sí dhá bhliain déag.

Agus bhí ionadh agus alltacht orthu. Ach chuir sé mar acht orthu go crua gan a fhios seo a bheith ag aon duine, agus dúirt rud le hithe a thabhairt di.

Soiscéal an Tiarna.                 Moladh duit, a Chriost

 

 

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196