Nuacht Litir 7/7/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Ceathrú Domhnach Déag Saor

(7/7/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishe

Baile Mhúirne
Dé Sathairn —11.00rn
Dé Domhnaigh 11.00rn
Dé Máirt 9.30rn
Cúil Aodha
Níl Aifreann
Réidh na nDoirí
Níl Aifreann
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 12:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

Paddy & Máirín Lyons Na Cillíní, Baile Mhic Íre

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 


CÉAD LÉACHT 

Sliocht as Leabhar Ezícéal, Fáidh.     2:2-5
Is sotalach ceanndána an pobal fad; tabharfarle fios dóibh go raibh fáidh ma measc.

a new prophetTháinig an spiorad ionam agus chuir i mo sheasamh mé, agus chuala mé é ag caint liom.
A mhic an duine,” ar sé, “seolaim thú chuig muintir Iosrael, chuig [na ceannaircigh] a d’éirigh amach i m’aghaidh. Pheacaigh siadsan agus a n-aithreacha i m’aghaidh go dtí an lá inniu féin. Is sotalach ceanndána an pobal iad fosta; seolaim chucu thú agus déarfaidh tú leo:

‘Mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia.’
‘Éistidís nó ná héistidís, tabharfar le fios don dream ceannairceach seo go raibh fáidh ina measc.’

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Salm le Freagra                  Sm 122
Freagra                                  Faireann ár súile an Tiarna nó go ndéana sé trócaire.

1. Is chugatsa a thógaim mo shúile, chugatsa a chónaíonn ar neamh,
mar shúile na ndaor ag faire ar lámh a a dtiarnaí.                                       Freagra

2. Mar shúile na mbanseirbhíseach ag faire ar lámha a máistreása
faireann ár shúile an Tiarna ár nDia nó go ndéana sé trócaire.                Freagra

3. Déan trócaire, a Thiarna, déan trócaire, óir fuaireamar ár sáith den dímheas.
De dhímheas lucht díomais agus saibhris is dóthanach ár nanam.         Freagra

DARA LÉACHT         

Sliocht as an dara Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh    12:7-10
Maífidh mé go fonnmhar as mo laigí, ionas go lonnódh cumhacht Chríost orm.

plant in concreteA
bhráithre, sula gcuirfeadh na foilsithe iontacha sin an iomarca éirí in airde orm, cuireadh bior sa bheo ionam, teachtaire ó Shátan chun mé a ghreadadh ar shlí nach dtiocfadh aon éirí in airde orm. D’agair mé an Tiarna faoi thrí é a chur díom, ach is é a dúirt sé liom:
Is leor duit mo ghrásta, mar is tríd an laige a thagann an neart chun foirfeachta.”

Is móide is fonn liom dá bhrí sin a bheith ag maíomh as mo laigí le hionchas go luífeadh cumhacht Chríost orm. Sin é fáth go bhfuilim sásta le mo laigí, leis na tarcaisní, na hangair, na géarleanúintí agus na cúngrachtaí a bhíonn le fulaingt agam ar son Chríost. Mar nuair a bhím lag, sin í an uair a bhím láidir.

Briathar an Tiarna                Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                  Eo 1: 14. 12
Alleluia, alleluia!
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc,an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh
Alleluia!

SOISCÉAL  

Go raibh an Tiarna libh.                  Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas         6:1-6      Glóir duit, a Thiarna.
Ní bhlonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin.

San am sin tháinig Íosa ina dhúiche féin, agus lean a chuid deisceabal é. Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc sa tsionagóg, agus ghabh iontas mórán dár chuala é; agus deiridís:
Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha? Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?”
Agus ghlac siad scannal ann.

Ach dúirt Íosa leo:
Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin agus i measc a ghaolta féin agus ina theaghlach féin.

Agus ní fhéadfadh sé míorúilt ar bith a dhéanamh ansiúd ach amháin a lámha a chur ar bheagán othar agus iad a leigheas, agus rinne sé ionadh dá ndíchreideamh.

Soiscéal an Tiarna.          Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196