Nuacht Litir 22/9/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Cúigiú Domhnach Fichead Saor

(22/9/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn —11.00rn
6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn   –  Adhradh go dtí 5.00
Dé Máirt 9.30rn
Dé hAoine 9.30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabhar hEagna       2:12. 17-20
Daoraimis chun báis náirigh é.

Deir na héagráifigh leo féin:
spying on others
D
éanaimis luíochán roimh an bhfíréan mar cuireann sé as dúinn,
agus ní áil leis ár ngníomhartha; casann sé linn ár gcionta in aghaidh an dlí
agus cuireann sé cúl le cine inár leith.
Feicimis mar sin an fíor a ndeir sé: faighimis amach cén chríoch a bheidh air féin.
Más é fíormhac Dé é, déanfaidh Dia é a chosaint agus a shaoradh ó lámha a naimhde.
Cuirimis promhadh air le cruatan agus le céasadh
go bhfeicfimid an cheansacht atá ann agus go mbainfimid triail as a fhoighne.
Daoraimis chun báis náirigh émar beidh cabhair le fáil aige – is é féin a dúirt linn é.”

Briathar an Tiarna   Buíochas le Dia

Salm le Freagra                 Sm 53
Freagra                                 Tá an Tiarna ag cosaint mo bheatha.

1. Slánaigh mé, a Dhia, le d’ainm; déan mo chúis a agairt le do neart.
Éist, a Dhia, le m’urnaí; tabhair cluas do bhriathra mo bhéil.                  Freagra

2. Óir d’éirigh lucht an díomais i m’éadan;
ta daoine gan trua ar thóir m’anama; níl aird ar bith acu ar Dhia.          Freagra

3. Tá Dia ag teacht i gcabhair orm; tá an Tiarna ag cosaint mo bheatha.
Déanfaidh mé íobairt duit, a Thiarna, go fonnmhar,
agus molfaidh mé d’ainm toisc gur maith é.                                                Freagra

DARA LÉACHT 

Sliocht as Liter Séamus           3:16-4:3
Síolann lucht déanta na síochána an síol a thabharfaidh fómhar na fíréantachta, go síochánta.

A clann ionúin, mar a mbíonn éad agus uaillmhian dhoicheallach, bíonn corrthónacht agus gach sort drochbhirt. Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill. Síolann lucht déanta na síochána an síol a thabharfaidh fómhar na fíréantachta, go síochánta.shaking-hands

Cad faoi deara cogaí agus cathanna a bheith in bhur measc? Nach é seo, go bhfuil bhur n-ainmhianta ag troid le chéile in bhur mbaill bheatha? Santaíonn sibh rud éigin agus níl sé agaibh; maraíonn sibh agus lorgann sibh, ach ní féidir daoibh teacht air; fearann sibh cath agus cogadh, ach ní fhaigheann sibh seilbh mar nach n-iarrann sibh.

Iarrann sibh rud, ach ní fhaigheann sibh mar nach n-iarrann sibh go cuí, ach lena chaitheamh ar bhur n-ainmhianta.

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa             Eo 8:12
Alleluia, alleluia!
Is mise solas an tsaoil, a deir an Tiarna;
an té a leanfaidh mise beidh solas na beatha aige.

Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.       Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Marcas              9:30-37       Glóir duit, a Thiarna.
Tabharfar Mac an Duine. Más mian le haon duine a bheith ar tosach, ní foláir dó bheith ar deireadh cách agus ina sheirbhíseach ag cách.

San am sin ag imeacht as an áit sin dóibh, ghabh Íosa agus dá deisceabail tríd an nGailíl agus níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine, mar bhí sé ag teagasc a dheisceabal, a rá leo:
Tabharfar Mac an Duine ar lámh do dhaoine agus cuirfidh siad chun báis é,
agus tar éis a mharaithe, éireoidh sé tar éis trí lá.”
Ach níor thuig siad an focal, agus bhí eagla orthu ceist a churair.

Tháinig siad go dtí Cafarnáum, agus sa teach do d’fhiafraigh sé díobh:
“Cad a bhí áchur trí chéile agaibh sa tslí?”
Ach ní raibh focal astu, óir bhí siad ag díospóireacht le chéile, ar an tslí, féachaint cé acu ba mhó. Shuigh sé agus ghlaoigh chuige an dáréag agus dúirt leo:
“Más mian le haon duine a bheith ar tosach, ní foláir dó bheith ar deireadh cách agus ina sheirbhíseach ag cách.

Agus ag breith ar leanbh dó, chuir sé é ina sheasamh i lár baill eatarthu, agus, ag tabhairt barróige dó, dúirt sé leo:
Cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m’ainm, glacann sé mise, agus cibé a ghlacfaidh mise, ní mise, ach an té a chuir uaidh mé, a ghlacann sé.”

Soiscéal an Tiarna.      Moladh duit, a Chriost

 

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig an pharóiste: Dé Luain 10-1 (guthán amháin Dé Máirt 10-1)
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an Déardaoin

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196