Nuacht Litir 15/9/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Ceathrú Domhnach Fichead Saor

(15/9/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn —11.00rn
6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn
Dé Máirt 9.30rn
Dé hAoine 9.30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n
Dé hAoine 10:30

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

Betsy Ní Shuibhne, Cúil Aodha
Hannah agus Padraig Mac Shuibhne, Cúil Aodha Mary and Traoloach Mac Shhuihne, Cuil Aodha

Timothy & Ciaran Creedon, Barr an tSeana Chnoic

Julia Agnes Twomey, Na Ceapacha
Matty agus Frances Twomey Boston
Jack agus Maud Brennan, Baile Atha an

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

Nell Kelleher,  Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT 

Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh       50:5-9
Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte

An Tiarna Dia, is é a d’oscail mo chluas.
Maidir liom féin, níor chuir mé ina choinne, níor theann mé ar gcúl.
Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte agus mo ghruanna leo siúd a bhí
ag piocadh na féasóige asam; níor cheil mé mo ghnúis ar mhasla ná ar sheile.

living in JesusTá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm,
is é sin an fáth nach mothaím an masla.
Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas,
bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.

An té a shaorfaidh mé ar chion, tá sé i ngar.
An bhfuil aon duine a chuirfeadh cúis orm?
Tagaimis beirt i láthair, má tá.
An bhfuil aon duine ag éileamh ceart orm?
Seasadh sé chugam amach!

Tá an Tiarna Dia ag cuidiú liom, cé a thabharfadh ciontach mé?

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Salm le Freagra                      Sm 114
Freagra                                      Siúlfaidh mé i bhfianaise an Tiarna i ndúiche na mbeo.
Malairt Freagra                    Alleluia!

I.  Alleluia!
Ta grá agam don Tiarna toisc gur chuala sé glór mo ghuí
agus toisc gur chlaon sé chugam a chluas an lá ar ghlaoigh mé air.                Freagra

2. Chrioslaigh téada an bháis mé agus tháinig líonta ifrinn anuas orm
gur thit mé in angar is in anacra. Ghlaoigh mé ar ainm an Tiarna.
A Thiarna, tarrthaigh m’anam!               Freagra

3. Is ceansa an Tiarna is is cóir, is trócaireach é ár nDia.
Cosnaíonn an Tiarna lucht na simplíochta.
Bhí mé go hainnis agus shábháil sé mé.  Freagra

4. Sciob sé m’anam ón mbás, mo shúile ó dheora, mo chosa ó thuisleadh.
Siúlfaidh mé i bhfianaise an Tiarna i ndúiche na mbeo.                                     Freagra

DARA LÉACHT     

Sliocht as Litir Naomh Séamus               2:14-18
Tá sé marbh leis féin gan dea-oibreacha.

good samaritain todayCén tairbhe é, a bhráithre liom, má deir duine go bhfuil creideamh aige, ach é gan dea-oibreacha? An féidir don chreideamh é a shábháil? Má tá deartháir nó deirfiúr gan éadach agus gan cuid an lae de bhia acu, agus go ndeir duine agaibhse leo:
Imígí faoi shíocháin; faighigí goradh agus ithigí bhur sáith,” agus nach dtugann sibh riachtanais na beatha dóibh, cén tairbhe é?
Sé a fhearacht sin ag an gcreideamh é. Tá sé marbh leis féin gan dea-oibreacha.

Ach déarfaidh duine éigin:
Tá creideamh agatsa agus tá dea-oibreacha agamsa.”
Taispeáin dom do chreideamh in éagmais do dhea-oibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duitse trí mo dhea-oibreacha.

Briathar an Tiarna          Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa            Eo 14:5,
Alleluia, alleluia!

‘Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha,’ a deir an Tiarna:
‘Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.’
Alleluia!         

SOISCÉAL               

Go raibh an Tiarna libh.               Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas     8:27-35           Glóir duit, a Thiarna.
Is tú an Críost.

Peters confession of FaithSan am sin d’imigh Íosa agus a chuid deisceabal go dtí na bailte i gCéasaráia Philib, agus sa tslí dóibh d’fhiafraigh sé dá dheisceabail:
Cé hé a deir na daoine mise?
Dúirt siad leis: “Eoin Baiste, agus cuid eile acu Éilias, cuid eile duine de na fáithe.”

D’fhiafraigh sé díobh:
Ach cé hé a deir sibhse mé?”
Dúirt Peadar leis á fhreagairt: Is tú an Críost.”
Agus d’ordaigh sé dóibh go géar gan labhairt mar gheall air le haon duine.

Thosaigh sé á theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus óna scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá. Agus labhair sé an méid sin go hoscailte. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó. Ach d’iompaigh seisean thairis, agus ar fheiceáil a dheisceabal dó, thug sé casaoid do Pheadar agus dúirt:
Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain, mar ní hiad smaointe Dé atá i d’aigne ach smaointe daoine.”

Ghlaoigh sé chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus dúirt sé leo:
Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.
Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é;
ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa agus ar an soiscéal, saorfaidh sé é.”

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig an pharóiste: Dé Luain 10-1 (guthán amháin Dé Máirt 10-1)
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an Déardaoin

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196