Nuacht Litir 8/9/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Tríú Domhnach Fichead Saor

(8/9/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn —11.00rn
6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn
Adhradh na Croise Naofa 10.00-5.00
Dé Máirt 9.30rn
Deardaoin 7:30  Adhradh na Croise go dtí 11:00
Dé hAoine 9.30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n
Dé hAoine 10:30

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Deardaoin  11:30
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00

N.B Aifreann Dé Domhnaigh 1/9/2024 i gCuil aodha ar 9:30 agus Baile Mhuirne 11:00 (RnaG)


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 


CÉAD LÉACHT       

Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh          35:4-7
Réiteofar cluasa na mbodhar agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir.

Abraigí le lucht an chroí mhearaithe:
“Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh.
Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann,
tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh;
Dia atá ann ag agairt a chúitimh,
agus é ag teacht do bhur slánú.”

eyes of the blindDéanfar a súile do na daill an uair sin
agus réiteofar cluasa na mbodhar;
beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann
agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir.

Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásach
agus srutháin i bhfearann an triomaigh;
déanfar linn den talamh spallta
agus toibreacha uisce de thír an tarta.

Briathar an Tiarna       Buíochas le Dia.

Salm le Freagra        Sm 145
Freagra                        Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.
Malairt freagra       Alleluia!

1. Is é an Tiarna a sheasann lena bhriathar de shíor,
agus a dhéanann ceart don drong atá faoi chois;
is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.             Freagra

2. Osclaíonn sé súile na ndall,
tógann sé suas an dream atá crom.
Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch,
déanann tacaíocht don dílleachta is don bhaintreach  Freagra

3. Tugann an Tiarna grá don fhíréan,
ach cuireann sé slí na bpeacach trí chéile.
Beidh an Tiarna i réim go brách,
ina Dhia, a Síón, ó ghlúin go glúin.                                   Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir Naomh Séamus        2:1-5
Thogh Dia an mhuintir atá bocht le bheith ina n-oidhrí ar an ríoch.

Seachain an fabhar sibhse, a bhráithre, a bhfuil creideamh ár dTiarna Íosa Críost, Tiarna na glóire, agaibh.
Mar má thagthe poorann fear faoi fháinní óir agus é dea-ghléast isteach in bhur dtionól, agus má thagann fear eile isteach agus é bocht agus gan ach drochéadach air, agus má thugann sibhse ómós don té a bhfuil an t-éadach maith air agus a rá leis:
Bíodh an suíochán maith anseo agat,” agus a rá leis an bhfear bocht:
Seas ansiúd thall,”nó: “Suigh ar an urlár le hais stól mo chos,” nach bhfuil sibh ag déanamh leathchuma, agus nach bhfuil breithiúna déanta díbh, breithiúna na mbreitheanna éagóra?

Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n-oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?

Briathar an Tiarna   Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa         1Sam3:9, Eo 6:68.
Alleluia, alleluia!
Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí

Alleluia!

SOISCÉAL   

Go raibh an Tiarna libh.                     Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas                7:31-37         Glóir duit, a Thiarna.
Thug sé éisteacht do bhodhráin agus caint do bhalbháin.

Jesus and bartimeusSan am sin ar dhul amach dó arís as críocha na Tuíre, chuaigh Íosa tríd an tSíodón go farraige na Gailíle trí lár chríocha Dheacapoil. Agus thug siad chuige duine bodhar a raibh bascadh ar a chaint agus d’iarr siad air a lámh a chur air. Thug sé i leataobh ón slua é ar leithligh agus chuir a mhéara ina chluasa, le seile as a bhéal bhain sé lena theanga, agus, ag breathnú suas ar neamh dó, rinne sé osna agus dúirt leis:
Eafatá!” – focal a chiallaíonn: Osclaítear thú.
Agus osclaíodh a chluasa láithreach, agus scaoileadh an sreangán dá theanga agus labhair sé i gceart. Agus d’ordaigh sé dóibh gan a insint do dhuine ar bith, ach dá ghéire a d’ordaigh sé dóibh is ea ba mhó a bhí siad á fhógairt, agus bhí ionadh saoil orthu ag rá:
Rinne sé gach aon ní go maith: thug sé éisteacht do bhodhráin agus caint do bhalbháin.”

Soiscéalan Tiarna.         Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig an pharóiste: Dé Luain 10-1 (guthán amháin Dé Máirt 10-1)
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an Déardaoin

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196