Nuacht Litir 1/9/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Dara Domhnach Fichead Saor

(1/9/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Luain :Adhradh 10-5
Dé Máirt 9.30rn
Dé hAoine 9:30rn
Dé Sathairn —11.00rn
6:00
Dé Domhnaigh 11:00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh 9:30
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Deardaoin  11:30
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00

N.B Aifreann Dé Domhnaigh 1/9/2024 i gCuil aodha ar 9:30 agus Baile Mhuirne 11:00 (RnaG)


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 


CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Deotranaimí             4:1-2. 6-8
Ná cuirigí aon bhreis lena n-ordaím daoibh ach coimeádaigí aitheanta an Tiarna.

Moses and CommandsDúirt Maois leis an bpobal:
Más ea, a Iosrael, tabhair aird ar na dlíthe agus na reachtanna a mhúinim daoibh; comhlíonaigí iad i dtreo go mairfeadh sibh agus go rachadh sibh isteach agus seilbh a ghlacadh ar an bhfearann atá an Tiarna, Dia bhur n-aithreacha, á thabhairt daoibh. Ná cuirigí aon bhreis lena n-ordaím daoibh, agus ná bainigí uaidh, ach coimeádaigí aitheanta an Tiarna bhur nDia go beacht mar a ordaím daoibh iad. Coimeádaigí iad agus leanaigí iad, agus taispeánfaidh siad bhur n-eagna agus bhur dtuiscint don saol.

Nuair a chluinfidh siad faoi na dlíthe seo go léir, déarfaidh siad: ‘Nach eagnaí agus nach tuisceanach an dream an cine mór seo!’ Agus cén cine mór atá ann a bhfuil a ndéithe chomh gar dóibh agus atá an Tiarna ár nDia dúinne ach glaoch air? Agus cén cine mór a bhfuil comhfhíréan an dlí go léir, a chuir mé romhaibh inniu, de dhlíthe agus de reachtanna acu?

Briathar an Tiarna                Buíochas le Dia

Salm le Freagra                 Sm14
Freagra                                  A Thiarna, cé a dhéanfaidh cónaí i do phuball?

1. Cé a lonnóidh ar do Shliabh Naofa, a Thiarna? An té a shiúlann gan cháim; an té a dhéanann firéantacht,
a labhraíonn go díreach óna chroí agus nach ndéanann tromaíocht lena theanga. Freagra

2. An té nach ndéanann olc dá chomharsa is nach dtugann masla don duine thall;
an té ar beag aige an drochdhuine agus ar mór aige aos eagla an Tiarna.                  Freagra

3. An té nach ngabhann siar ar a bhriathar, bíodh gur mhionnaigh sé chun a dhíobhála féin;
an té nach gcuireann a chuid airgid ar úsaireacht is nach nglacann le breab in aghaidh an neamhchiontaigh.
An té sin a dhéanfaidh amhlaidh, ní bhainfear dá threoir é go brách.                      Freagra

DARA LÉACHT   

Sliocht as Litir Naomh Séamus             1:17-18. 21.27
Caithfidh sibh an briathar Dé a chur i ngníomh chomh maith.

follow-jesus2A clann ionúin, níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe. Ghin sé sinn dá dheoin féin trí bhriathar na fírinne ionas go mba céadtoradh ar shlí sinn ar ar chruthaigh sé.

Glacaigí go ceansa le briathar Dé a síoladh ionaibh, an briathar atá in ann bhur n-anam a shlánú. Ná cuirigí dallamullóg oraibh féin; ní hé amháin go gcaithfidh sibh éisteacht leis an mbriathar, caithfidh sibh é a chur i ngníomh chomh maith.

Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa          Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!

SOISCÉAL         

Go raibh an Tiarna libh.Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh  Marcas        7:1-8. 14-15. 21-23      Glóir duit, a Thiarna.
Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine.

San am sin na Fairisínigh agus cuid de na scríobhaithe a bhí tar éis teacht ó Iarúsailéim, chruinnigh siad le chéile chuige, agus nuair a chonaic siad go raibh cuid dá dheisceabail ag caitheamh a gcoda le lámha neamhghlana, is é sin, le lámha nach raibh nite – óir, na Fairisínigh agus na Giúdaigh uile, ní chaitheann siad a gcuid gan a lámha a ní, ag coinneáil traidisiún na sinsear; agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupaí a ní agus corcáin agus soithí práis – d’fhiafraigh na Fairisínigh agus na scríobhaithe de:
Cén fáth nach siúlann do dheisceabail de réir thraidisiún na sinsear
ach a gcuid bia a chaitheamh le lámha neamhghlana?”

Dúirt sé leo:
Is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibhse, bréagchráifigh, mar atá scríofa:~
‘ Tugann an pobal seo onóir dom ó bheolahypocrite ach is fada uaim atá a gcroí;
is díomhaoin dóibh bheith do m’adhradh óir níl sa teagasc a mhúineann siad
ach aitheanta daonna.’
Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine,

Ghlaoigh sé an slua chuige arís agus dúirt sé leo:
Éistigí sibh uile liom agus bainigí meabhair as an méid seo. Níl aon ní lasmuigh den duine a d’fhéadfadh, trí dhul isteach ann, é dhéanamh neamhghlan, ach is iad na nithe a thagann amach as an duine a dhéanann an duine neamhghlan. Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe, bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht.
Is ón taobh istigh a thagann na drochnithe sin uile, agus déanann siad neamhghlan an duine.”

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig an pharóiste: Dé Luain 10-1 (guthán amháin Dé Máirt 10-1)
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an Déardaoin

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196