Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An tAonú Domhnach Fichead Saor
(25/8/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Luain :Adhradh 10-5
Dé Máirt 9.30rn
Dé hAoine 9:30rn
Dé Sathairn —11.00rn
6:00
Dé Domhnaigh 11:30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh 10:00
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Deardaoin 11:30
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
N.B Aifreann Dé Domhnaigh 1/9/2024 i gCuil aodha ar 9:30 agus Baile Mhuirne 11:00 (RnaG)
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Nuala Ní Loingsigh, Doire na Sagart agus Corcaigh
Sr. Perpetua Lynch
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Iósua 24:1-2. 15-18
Déanfaimidne mar an gcéanna fónamh don Tiarna óir is é ár nDia é.”
Ch
uir Iósua tionól ar threibheanna uile Iosrael go Seicim, agus ghair sé chuige seanóirí agus taoisigh agus breithiúna agus feidhmeannaigh Iosrael, agus tháinig siad i láthair Dé.
Ansin dúirt Iósua leis an bpobal uile:
“Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Bhí cónaí ar bhur n-aithreacha taobh thall den Abhainn anallód – Tearach, is é sin, athair Abrahám agus Náchór – agus rinneadar fónamh do dhéithe eile. Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n-aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.”
Dúirt an pobal ansin á fhreagairt:
“Nár lige Dia go dtréigfimís an Tiarna chun fónamh do dhéithe eile! Nach é an Tiarna ár nDia a thug sinne agus ár sinsir aníos as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse agus a rinne na héachtaí sin inár bhfianaise, agus a chumhdaigh sinn san uile shlí a ndeachamar, agus i measc na gciníocha go léir trínar ghabhamar? Agus rud eile dhe, is é an Tiarna a thiomáin romhainn na ciníocha sin go léir, mar aon leis na hAmóraigh a raibh cónaí orthu sa tír. Uime sin a dhéanfaimidne mar an gcéanna fónamh don Tiarna óir is é ár nDia é.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm33
Freagra Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna.
I. Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth, beidh a mholadh ar mo bhéal de shíor.
Déanann m’anam mórtas as an Tiarna: cluineadh lucht na huirísle is déanaidís lúcháir. Freagra
2. Bíonn súile an Tiarna ag féachaint ar na fíréin agus éisteann a chluasa lena n-éamh.
Bíonn gnúis an Tiarna iompaithe ó lucht déanta an oilc chun go scriosfadh sé a gcuimhne as an talamh. Freagra
3. Glaonn na fíréin ar chabhair, is éisteann an Tiarna leo agus saorann sé iad óna n-anaeraí go léir.
Is gairid an Tiarna do lucht an chroí bhrúite, agus tarrthaíonn sé lucht an spioraid bhriste. Freagra
4. Is iomaí sin buairt ar an bfíréin ach fuasclaíonn an Tiarna é uathu go léir.
Cosnaíonn sé a chnámha uile: ní bhrisfear díobh oiread is ceann amháin. Freagra
5. Tiomáinfidh an t-olc an t-éagraifeach chun a bháis, agus daorfar lucht fuatha an fíréin.
Saorann an Tiarna anamacha a sheirbhíseach, ní gearrfar pionós ar aon duine a thriallann chuige. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh 5:21-32
Is mór an rúndiamhair í seo, ach is á tagairt atáimse do Chríost agus don Eaglais.
A bhráithre, bígí géilliúil dá chéile le hómós do Chríost. Bíodh na mná umhal dá gcuid fear mar a bheidís don Tiarna, mar tá an fear ina cheann ar a bhean ar nós mar atá Críost ina cheann ar an Eaglais agus ina shlánaitheoir ar an gcorp. Faoi mar atá an Eaglais faoi smacht Chríost, ar an dála céanná bíodh na mná faoi smacht a gcuid fear I ngach ní.
A fheara, bíodh grá agaibhse do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais agus thug suas é féin ar a son d’fhonn í a choisreacan do Dhia . Rinne sé í a íonglanadh le briathar i bhfothragadh an uisce d’fhonn í réiteach dó féin ina hEaglais niamhrach, gan smál ná roc uirthi ná aon ní dá shórt ach í naofa gan cháim.
Go deimhin, tá d’fhiacha ar na fir a mná a ghráú mar a ghráíonn siad a gcolainn féin, mar an té a thugann grá dá bhean is dó féin a thugann sé grá. Ní raibh aon duine riamh a thug fuath dá cholainn féin; is amhlaidh a dhéanann sé í a chothú agus a chumhdach faoi mar a dhéanann Críost don Eaglais, de bhrí gur baill dá chorp sinne. “Mar sin de, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith dlúth i bpáirt lena bhean agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.”
Is mór an rúndiamhair í seo, ach is á tagairt atáimse do Chríost agus don Eaglais.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 6:60-69 Glóir duit, a Thiarna.
A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí.
San am sin dúirt a lán de dheisceabail Íosa:
“Is crua an chaint í seo, agus cé a d’fhéadfadh éisteacht léi?”
Bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo:
“An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh?
Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé cheana?
Is é an spiorad a dhéanann beoú, ní dhéanann an fheoil aon tairbhe.
Na focail atá ráite agam libh, is spiorad agus is beatha iad.
Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.” Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid agus cé a bhí ar tí é a bhrath. Lean sé air:
“Uime sin is ea a dúirt mé libh nach féidir d’aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m’Athair.”
Ansin tharraing a lán dá dheisceabail siar agus ní théidís timpeall lena chois a thuilleadh.
Dúirt Í osa dá bhrí sin leis an dáréag:
“Cad mar gheall oraibhse, an mian libhse freisin imeacht?”
D’fhreagair Síomón Peadar é: “A Thiarna, cé chuige a rachamaid?
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí, agus chreideamar agus tá a fhios againn gur tusa Neach Naofa Dé.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196