Nuacht Litir 18/8/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Fichiú Domhnach  Saor

(18/8/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Luain :Adhradh 10-5
Dé Máirt 9.30rn
Dé Ceadaoin     6:00
Deardaoin    11:30
Dé hAoine 9:30rn
Dé Sathairn —11.00rn
6:00
Dé Domhnaigh 11:30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh 10:00
Deardaoin   10:00

Dé hAoine  10:30
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Deardaoin  11:30
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

Nuala Ní Loingsigh, Doire na Sagart agus Corcaigh

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 


CÉAD LÉACHT 

Sliocht as Leabhar tSeanfhocail      9:1-6
Téanaigí, ithigí mo chuid aráin, agus ólaigí an fíon atá ullamh agam.

Tá a teach tógtha ag an Eagna,come and eat agus a seacht gcolún curtha ina seasamh aici.
Tá sí tar éis a mairt a mharú a cuid fíona a ullmhú, agus a bord a chóiriú.
Tá a cuid banseirbhíseach curtha amach aici,
le glaoch amach ó arda na cathrach:
Cibé ar bith duine atá saonta, casadh sé isteach anseo!”
agus le lucht na díchéille deir sí:
Téanaigí, ithigí mo chuid aráin, agus ólaigí an fíon atá ullamh agam.
Tréigigí bhur mbaois agus mairfidh sibh; siúlaigí ar bhealach na tuisceana.

Briathar an Tiarna          Buíochas le Dia

Salm le Freagra           Sm 33
Freagra                           Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna.

I. Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth, beidh a mholadh ar mo bhéal de shíor.
Déanann m’anam mórtas as an Tiarna: cluineadh lucht na huirísle is déanaidls lúcháir.     Freagra

2. A mhuintir naofa an Tiarna, gabhadh a eagla sibh. Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga,
ach ní bhíonn easpa ar lucht iarrtha an Tiarna.                                                                               Freagra

3. Teanaigí, a chlann ó, éistigí liom, go múinfidh mé daoibh eagla an Tiarna.
Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha agus fad saoil faoi shéan agus shonas?                    Freagra

4. Coinnigh do theanga ón olc, agus do bhéal ó bhriathra bréagacha.
Seachain an t-ole agus déan an mhaith; bí ar lorg na síochána agus lean di.                            Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh           5:15-20
Tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna.

fill up on godA
bhráithre, bígí cúramach faoi bhur gcuid iompair,
dá bhrí sin, agus gan a bheith ar nós daoine gan chiall ach ar nós daoine ciallmhara ag cur na huaire chun sochair, mar is olc iad na saolta seo.
Ná bíodh aon mhearbhall oraibh, dá bhrí sin, ach tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna.

Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad, ag rá salm agus iomann agus laoithe spioradálta le chéile, ag cantain agus ag salmaireacht chun an Tiarna in bhur gcroí istigh, ag gabháil buíochais gan stad le Dia an tAthair ar son an uile ní in ainm ár dTiarna Íosa Críost.

Briathar an Tiarna                   Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                     Eo 6: 56 
Alleluia, alleluia!
An té a itheann m’fheoil agus a ólann m’fhuil, a deir an Tiarna
cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann. 

Alleluia! 

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.        Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin     6:51-58           Glóir duit, a Thiarna.
Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola.

S
an am sin dúirt Íosa leis na sluaite:
Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh. Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo,
agus an t-arán a thabharfaidh mé uaim is é m’fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.”

Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá:
Conas is féidir don duine seo a fheoila thabhairt dúinn le hithe?”

Dúirt Íosa leo:
Amen, Amen, a deirim libh mura n-íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine,
agus a chuid fola a ól,Jesus comes ní bheidh beatha agaibh ionaibh.
An té a itheann m’fheoil agus a olann m’fhuil, tá an bheatha shíoraí aige,
agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.
Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola.
An té a itheann m’fheoil agus a ólann m’fhuil cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.
Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh, agus mar is beo mise tríd an Athair, mar an gcéanna, an té a itheann mise, mairfidh sé tríom.

Is é seo an t-arán a tháinig anuas ó neamh.
Ní ionann is an manna ar ith bhur n-aithreacha é agus go bhfuil siad marbh;
an té a itheann an t-arán seo, mairfidh sé go deo.”

Soiscéal an Tiarna.           Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig an pharóiste: Dé Luain 10-1 (guthán amháin Dé Máirt 10-1)
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an Déardaoin

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196