Nuacht Litir 11/8/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Naoú Domhnach Déag Saor

(11/8/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishe
Baile Mhúirne
Dé Luain :Adhradh 10-5
Dé Máirt 9.30rn
Dé hAoine 9:30rn
Dé Sathairn —11.00rn
– 6:00
Dé Domhnaigh 11:30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh 10:00
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an céad Leabhar Ríthe               19:4-8
Neartaigh an bia chomh mór sin é gur shiúil sé daichead lá  gur shroich sé sliabh Dé.

Elijah and breadChuaigh Éilias ar aghaidh turas lae isteach san fhásach,
agus shuigh faoi thor aitinn agus d’iarr go bhfaigheadh bás.
A Thiarna,” ar sé, “tá mo sháith agam. Beir leat m’anam. Ní fearr mé ná mo shinsir.”

A
nsin luigh sé síos agus thit a chodladh air faoin tor aitinn. Ach, féach, chorraigh aingeal é agus dúirt: “Éirigh agus ith!
D’amharc sé thart agus siúd ag a cheann toirtín a bruitheadh ar leaca te agus crúiscín uisce. D’ith sé agus d’ól sé agus ansin luigh sé síos arís.

Tháinig aingeal an Tiarna ar ais chuige an dara huair, chorraigh é agus dúirt:
Éirigh agus ith nó beidh an t-aistear ró-fhada duit.
D’éirigh sé mar sin, agus d’ith sé agus d’ól sé, agus neartaigh an bia chomh mór sin é gur shiúil sé daichead lá agus daichead oíche nó gur shroich sé Horaeb, sliabh Dé.

Briathar an Tiarna   Buíochas le Dia

Salm le Freagra                   Sm 33
Freagra                                    Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna.

I. Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth, beidh a mholadh ar mo bhéal de shíor.
Déanann m’anam mórtas as an Tiarna: cluineadh lucht na huirísle is déanaidís lúcháir.     Freagra

2. Móraigí an Tiarna mar aon liom, agus adhraimis a ainm in éineacht.
Chuardaigh mé an Tiarna is d’fhreaíair sé mé, agus shaor mé ar gach uile eagla.                    Freagra

3. Féachaigí ina threo chun go mbeadh gliondar oraibh is nach mbeadh luisne náire ar bhur n-aghaidh.
Scread an t-ainniseoir is chuala an Tiarna é, agus shaor sé é óna anacraí go léir.                    Freagra

4. Cuireann aingeal an Tiarna campa thart timpeall lucht a eaglaithe, is fuasclaíonn iad.
Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna. Is aoibhinn don fhear a thriallann chuige. Freagra

DARA LÉACHT           

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh      4:30-5:2
Mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost siine.

Jesus compassionateA bhráithre, ná cuirigí brón ar Spiorad Naofa Dé a bhfuil a stampa buailte oraibh I gcomhair lá na fuascailte. Cuirigí uaibh ar fad an ghangaid, an ghoimh, an fhearg, an callán, an t-achasán mar aon le gach mioscais. Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost.

Déanaigí aithris ar Dhia mar gur sibh a chlann mhuirneach, agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia
  

Alleluia Véarsa                   Eo 6: 51
Alleluia, alleluia!

Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh.
Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo

Alleluia!

SOISCÉAL                        

Go raibh an Tiarna libh.                                                                         Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin     6:41-51           Glóir duit, a Thiarna.
Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh.

San am sin thosaigh na Giúdaigh ansin ag cnáimhseáil mar gheall air go ndúirt sé:
Is mise an t-arán a tháinig anuas ó neamh.”
“Nach é seo,” a deiridís, Íosa mac Iósaef a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair?
Cén chaoi is féidir leis a rá: ‘Tháinig mé anuas ó neamh’?”

D’fhreagair Íosa:
Ná bígí ag cnáimhseáil eadraibh féin,” ar sé.
Ní féidir d’aon duine teacht chugam, gan an tAthair a chuir uaidh mé á tharraingt,
agus tógfaidh mise suas é an lá deireanach.

Tá sé scríofa sna fáithe: ‘Beidh siad go léir á dteagasc ag Dia.’
An té a chluineann teagasc an Athar, agus a fhoghlaimíonn, tagann sé chugamsa.
Ní hé go bhfaca aon duine an tAthair;I am the bread of life3
ach an té atá tagtha ón Athair, chonaic seisean an tAthair.

Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann, tá an bheatha shíoraí aige.
Mise arán na beatha. D’ith bhur n-aithreacha manna san fhásach agus fuair siad bás.
Is é seo an t-arán a thagann anuas ó neamh,
i dtreo má itheann duine é nach bhfaighidh sé bás.
agus an t-arán a thabharfaidh mé uaim is é m’fheoil é [a thabharfar]
ar son bheatha an domhain.”
Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh. Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo.

Soiscéal an Tiarna.                  Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig an pharóiste: Dé Luain 10-1 (guthán amháin Dé Máirt 10-1)
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an Déardaoin

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196