Nuacht Litir 4/8/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Ochtú Domhnach Déag Saor

(4/8/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishe
Baile Mhúirne
Dé Luain :Adhradh 10-5
Dé Máirt 9.30rn
Dé hAoine 9:30rn
Dé Sathairn —11.00rn
– 6:00
Dé Domhnaigh 12:30
Cúil Aodha
Dé hAoine (Céad Aoine) 10:30
Dé Domhnaigh 11:00
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Séamus Hoare  Na Cúil, Cill na Martra


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an céad Leabhar Exodus    16:2-4. 12-15
Fearfaidh mé arán anuas ó neamh daoibh.

Chrom comhthionól uile chlann Iosrael ar mhonabhar in aghaidh Mhaois agus Árón san fhásach, agus deiridís leo:
Uch gan sinn a fháil bháis ó láimh an Tiarna i gcríocha na hÉigipte agus sinn inár suí ag potaí na feola agus ag ithe aráin go lán boilg. Óir thug tú amach san fhásach seo sinn chun an comhthionól go léir a chur chun báis den ghorta.”

MANNA-FALLING-FROM-HEAVENAnsin dúirt an Tiarna le Maois:
Anois fearfaidh mé arán anuas ó neamh daoibh. Rachaidh an pobal amach gach lá chun cuid an lae sin a chnuasach, d’fhonn iad a phromhadh féachaint an siúlfaidh siad i mbealaí mo dhlí nó nach ndéanfaidh siad.

Chuala mé,” ar sé, “gearáin chlann Iosrael. Abair é seo leo:
Idir dhá sholas tráthnóna beidh feoil le hithe agaibh, agus ar maidin líonfar sibh le harán go smig; beidh a fhios agaibh ansin gur mise, an Tiarna, bhur nDia.’”

Agus is amhlaidh a bhí; an tráthnóna sin tháinig gearga aníos agus líonadar an campa go léir; agus ar maidin bhí brat drúchta timpeall an champa. Nuair a scaip an drúcht bhí an rud mín plurach, mion mar an sioc liath, ina luí ar dhromchla an fhásaigh. Nuair a chonaic clann Iosrael é dúradar lena chéile:
“Cad é seo (man hú)?” mar nárbh fhios dóibh cad é. “Sin é,” arsa Maois, “an t-arán a thug an Tiarna

Briathar an Tiarna                  Buíochas le Dia

Salm le Freagra                Sm 77
Freagra :                               Thug an Tiarna dóibh arán ó neamh.

I. Na nithe ba chlos dúinn is ab eol dúinn agus na nithe a d’inis ár n-aithreacha dúinn,
inseoimid iad don ghlúin atá le teacht: moltaí an Tiarna is a chumhacht.                                 Freagra

2. D’ordaigh sé do na néalta teacht anuas agus d’oscail sé doirse neimhe.
D’fhear sé anuas orthu manna le hithe agus thug dóibh arán ó neamh.                                      Freagra

3. D’ith an duine arán na n-aingeal. Chuir sé a sáith bia chucu.
Sheol sé isteach ina thalamh naofa féin iad, chun na séibhte a bhuaigh a dheaslámh dóibh. Freagra

DARA LÉACHT   

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh        4:17. 20-24
Ghabháil chugaibh, an nádúr a cruthaíodh in íomhá Dé.

living in Jesus
A bhráithre, is é a deirim libh,
mar sin, in ainm an Tiarna, gan bhur saol a chaitheamh ar nós na bpágánach a mbíonn a n-aird ar nithe baotha, Ní mar sin a chuir sibhse eolas ar Chríost, áfach, má éist sibh leis i gceart agus más í an fhírinne atá in Íosa a múineadh daoibh. Agus is é teagasc a fuair sibh bhur seansaol a chaitheamh uaibh, an sean-nadúr a bhíonn á thruailliú ag ainmhianta claona; athnuachan a dhéanamh ar bhur meon agus ar bhur n-aigne agus an nadúr úrnua a ghabháil chugaibh, an nádúr a cruthaíodh in íomhá Dé ar fhíréantacht agus ar naofacht fhíor.

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa            Mth 4:4
Alleluia, alleluia!

Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.
Alleluia!

SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh.        Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh  Eoin        6:24-35           Glóir duit, a Thiarna
A
n té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche:an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche.

S
an am sin nuair a chonaic an slua mar sin nach raibh Íosa ná a dheisceabail san áit, chuaigh siad ar bord na long agus tháinig siad go Cafarnáum ar lorg Íosa. Nuair a fuair siad é taobh thall den fharraige dúirt siad leis:
A raibí, cén uair a tháinig tú anseo?”

D’fhreagair Íosa:
Amen, Amen, a deirim libh, tá sibh ar mo lorg, agus ní de bhrí go bhfaca sibh comharthaí
ach de bhrí gur ith sibh na builíní agus go bhfuair sibh bhur sáith.
Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí,
é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”

Dúirt siad leis ansin:
Cad tá le déanamh againn ionas go ndéanfaimis oibreacha Dé?”
D’fhreagair Íosa:
Is í seo obair Dé,” ar sé leo, “go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh.
Dúirt siad leis: “Cén comhartha mar sin atá tú a dhéanamh ionas go bhfeicfimis é agus go gcreidfimis ionat?
Cad atá tú a dhéanamh? D’ith ár n-aithreacha manna san fhásach faoi mar atá scríofa:
Thug sé arán ó neamh dóibh le hithe.’”

Dúirt Íosa leo ansin:
Amen, Amen, a deirim libh, ní hé Maois a thug an t-arán ó neamh daoibh,
ach is é m’Athair a thugann an t-arán ó neamh daoibh,an t-arán fírinneach.
Óir is é arán Dé an té a thagann anuas ó neamh agus a thugann beatha don domhan.”

A dhuine uasail,” ar siad ansin leis, “tabhair dúinn an t-arán sin i gcónaí.

Dúirt Íosa leo:
Mise arán na beatha, an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche,
agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche.‘

Soiscéal Dé              Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig an pharóiste: Dé Luain 10-1 (guthán amháin Dé Máirt 10-1)
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an Déardaoin

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196