Nuacht Litir 28/7/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Seachtú Domhnach Déag Saor

(28/7/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

22/7/2024 – 28/7/2024

Baile Mhúirne
Dé Sathairn —11.00rn
– 6:00
Dé Luain  – Adhradh 10-5
Dé Máirt 9.30rn
Dé hAoine 9:30rn
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh 11:00
Réidh na nDoirí
=========
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 12:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 


CÉAD LÉACHT 
Sliocht as an dara Leabhar na Rithe    4:42-44
Íosfaidh siad agus beidh fuíoll fágtha acu.Elisha & Bread

Tháinig fear ó Bhál Seáiliseá agus thug leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr [sa dias].
Tabhair don phobal é le hithe,” arsa Eilíseá.

D’fhreagair a sheirbhíseach:
Conas is féidir liom é seo a roinnt ar chéad duine?
Tabhair don phobal é le hithe,” ar seisean go daingean, “óir seo mar a deir an Tiarna:
Íosfaidh siad agus beidh fuíoll fágtha acu.’”

Roinn sé orthu é. D’ith siad agus bhí fuíoll fágtha acu, mar a dúirt an Tiarna.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Salm le Freagra                    Sm144
Freagra                                     Osclaíonn tú do lámh a Thiarna agus sásaíonn tú sinn.

1. Ceiliúrfaidh d’oibreacha thú, a Thiarna,
agus beannóidh do dhaoine naofa thú.
Canfaidh siad glóir do ríochta,
agus foilseoidh siad do chumhacht.                Freagra

2. Bíonn súile cách ag feitheamh ort,
agus tugann tú bia dóibh in am tráth.
Osclaíonn tú do lámh
is sásaíonn tú a bhfuil beo le do chinéaltas    Freagra

3. Is fíréanta an Tiarna ina shlite uile
is is naofa é ina oibreacha go léir.
Is gairid an Tiarna dá ngaireann air,              Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na  hEifísigh    4:1-6
Aon chorp amháin, aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin agus aon bhaisteadh amháin.Faces_of_Christ

A bhráithre, táim ag impí oraibh, dá bhrí sin, agus mé i mo ghéibheannach ag an Tiarna, bhur saol a thabhairt go cuí de réir na gairme atá faighte agaibh agus sibh a bheith lán d’uirísle, de láchas agus d’fhoighne.

Cuirigí suas go carthanach le chéile agus déanaigí bhur ndícheall chun an aontacht a thagann ón Spiorad a choimeád faoi cheangal na síochána. Aon chorp amháin agus aon Spiorad amháin atá ionaibh faoi mar nach bhfuil ach aon dóchas amháin agaibh ó fuair sibh bhur ngairm ó Dhia. Níl ann ach aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin agus aon bhaisteadh amháin. Níl ann ach aon Dia amháin atá ina Athair ag cách: é os cionn cách agus ag gníomhú i gcách agus istigh i gcách uile.

Briathar an Tiarna                   Buíochas le Dia.  

Alleluia Véarsa                    Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!

Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.               Agus le do spiorad féin

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas     6:1-15            Glóir duit, a Thiarna.
Roinn Íosa oiread agus ab áil leo ar na daoine agus iad ina suí.

San am sin d’imigh Íosa anonn thar farraige na Gailíle, is é sin, farraige Thibirias. Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis. Ghabh Íosa an sliabh suas agus shuigh ansiúd in éineacht lena dheisceabail. Bhí féile na nGiúdach, an Cháisc, in achmaireacht.

Jesus feeding the 5000Nuair a d’ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib:
Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?”

Ag baint trialach as a dúirt sé é sin, mar bhí a fhios aige féin cad a bhí sé chun a dhéanamh.
D’fhreagair Pilib é:
Níor leor luach dhá chéad déanar d’arán chun go mbeadh greim an duine acu.”
Dúirt duine dá dheisceabail leis – ba é Aindrias é, deartháir Shíomóin Peadar:
Tá ógánach anseo a bhfuil cúig builíní eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar oiread daoine?
Dúirt Íosa:
Cuirigí na daoine ina suí” – bhí mórán féir san áit. Shuigh siad síos mar sin, timpeall cúig mhíle duine. Agus thóg Íosa na builíní, d’altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b’áil leo de na héisc.

Nuair a bhí siad sách, dúirt sé lena dheisceabail:
Bailígí an bruscar fuíligh chun nach rachadh aon ní amú.
Bhailigh siad ansin lán dhá chiseán déag de bhruscar as na cúig builíní eorna, a d’fhág na daoine a fuair an béile. Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa,
dúirt siad: “Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol.”
Agus ó bhí a fhios ag Íosa go raibh ar aigne acu teacht á fhuadach chun rí a dhéanamh de,
chuaigh sé i leataobh arís faoin sliabh ina aonar.

Soiscéal an Tiarna.                Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00

Parish Office open from 10am until 1pm.

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196