Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Séú Domhnach Déag Saor
(21/7/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishe
Baile Mhúirne
Dé Sathairn —11.00rn
Dé Domhnaigh 11:00rn.
Dé Luain : 9.30 Adhradh na Croise 10-5
Dé Máirt 9.30rn
Dé hAoine 9:30rn
Cúil Aodha
Níl Aifreann
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 12:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Irimia, Fáidh. 23:1-6
Cruinneoidh mé féin fuüleach ma thréada agus cuirfidh mé aoirí gcionn a bheathóidh iad.
“Is mairg do na haoirí a ligeann do chaoirigh m’innilte imeacht ar aimhleas agus ar fán” – an Tiarna a labhraíonn.
Dá bhrí sin, is é seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, I dtaobh na n-aoirí a bheathaíonn mo phobal: Lig sibh scaipeadh agus seachrán a theacht ar mo thréad agus níor thug aon aire dóibh. Féach, agróidh mise oraibhse olc bhur ngníomhartha – an Tiarna a labhraíonn. Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad. Cuirfidh mé aoirí os a gcionn a bheathóidh iad; ní bheidh eagla orthu níos mó, ná uamhan; ní bheidh easnamh arbith orthu – an Tiarna a labhraíonn.; 
‘Feach, tá na laethanta ag teacht – an Tiarna a labhraíonn –
agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta;
rialóidh sé ina rí go críonna,
agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.
Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas.
Is é seo an t-ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.’
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia.
Salm le Freagra Sm 22
Freagra Is é an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon ní de dhíth orm.
I. Is é an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon ní de dhíth orm.
Cuireann sé i mo luí mé i móinéar féaruaithne.
Seolann sé ar imeall an uisce mé,mar a bhfaighim suaimhneas. Freagra
2. Seolann sé mé ar rianta díreacha mar gheall ar a ainm.
Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t-olc
agus tú faram le do shlat is do bhachall chun sólás a thabhairt dom. Freagra
3. Cóiríonn tú bord chun béile dom i bhfianaise mo naimhde;
Ungann tú mo cheann le hola; tá mo chupán ag cur thar maoil. Freagra
4. Leanfaidh cineáltas is fabhar mé gach uile lá de mo shaol.
I dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh 2:13-18
Is eisean ár gceann réitigh: is é a rinne aon bhuíonon amháin den dá phobal.
A bhráithre, tá sibh i gCríost Íosa; sibhse a bhí tráth I bhfad i gcéin, tá sibh tagtha i ngaire de bharr fhuil Chríost. Mar is eisean ár síocháin; is é a rinne aon bhuíon amháin den dá phobal nuair a leag sé ar lár an balla deighilte, an naimhdeas ina cholainn, agus chuir ar ceal an dlí agus a chuid aitheanta agus forálacha d’fhonn aon duine nua amháin a dhéanamh den bheirt ann féin trí shíocháin a dhéanamh eatarthu, agus an dá bhuíon a thabhairt chun athmhuintearais le Dia in aon chorp amháin leis an gcrois ar ar chuir sé an naimhdeas chun báis.
Tháinig sé ag fógairt dea-scéal na síochána daoibhse a bhí i bhfad uaidh agus dóibh sin a bhí ina chóngar; mar is tríd atá teacht againn araon ar an Athair faoi luí an aon Spioraid.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia.
Alleluia Véarsa Eo 10: 27
Alleluia, alleluia!
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,a deir the Tiarna
agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas, 6:30-34 Glóir duit, a Thiarna.
Bhí siad mar a bheadh caoirigh gan aoire.
San am sin tháinig na haspail le chéile timpeall ar Íosa agus d’inis siad dó a raibh déanta acu agus a raibh de theagasc tugtha acu. Dúirt sé leo:
“Tagaigí sibhse go dtí áit uaigneach ar leithligh agus glacaigí bhur suaimhneas tamall” – óir bhí mórán daoine ag teacht agus ag imeacht agus ní raibh am chun bia féin acu.
D’imigh siad leo i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Agus chonaic mórán ag imeacht iad agus d’aithin siad iad, agus rith siad ann dá gcois as na cathracha uile agus bhain siad an áit amach rompu.
Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196