Nuacht Litir 13/10/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Ochtú Domhnach Fichead Saor

(13/10/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn
Dé Máirt 9.30rn

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an Leabharh Eagna      7:7-11
Igcóimheas lé Eagna, níl in ór an domhain ach beagán gainimh

Ghuigh mé, mar sin, agus tugadh bua na tuisceana dom; rinne mé achainí agus tháinig Spiorad na hEagna chugam.
ba í mo rogha í thar shlata agus thar chathaoireacha ríoga, agus ba neamhní liom an saibhreas lena hais.Wisdom of god 2
Níor chuir mé cloch lómhar ar aon chéim léi,
mar i gcóimheas léi níl in ór an domhain ach beagán gainimh
agus níl san airgead ach láib i gcomórtas léi.

B’ansa liom í ná an tsláinte nó an áilleacht
agus b’fhearr liom í ná an solas féin mar ní mheathfaidh a loinnir go deo.
Mar sin féin, tháinig gach maith chugam in éineacht léi
agus fuair mé saibhreas gan áireamh tríthi.

Briathar an Tiarna      Buíochas le Dia

Salm le Freagra                  Sm 89
Freagra                                  Tabhair dúinn ár sáith de do bhuanghrá is déanfaimid gairdeas.

1. Múin dúinn ár laethanta a áireamh chun go mbainfimis amach críonnacht chroí.
Fill, a Thiarna!-cá fhad? agus bí trócaireach le do sheirbhísigh.           Freagra

2. Tabhair dúinn go luath ár sáith de do bhuanghrá is déanfaimid gairdeas is lúcháir de shíor.
Cuir áthas orainn i ndíol na laethanta a bhuair tú sinn, i ndíol na mblianta ina bhfacamar an t-olc.  Freagra

3. Forlsigh do chuid oibre do do sheirbhísigh, taispeáin do chlú dá gclann.
Bíodh caoinchineáltas an Tiarna anuas orainn. Bí fabhrach d’obair ár lámh.                                           Freagra

DARA LÉACHT     

Sliocht as an céad Litir Naomh Pól chuig na Eabhraig        4:12-13
Tá briathar Dé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.

Word of God 5A bhráithre, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal;
téann sé isteach idir anam agus spiorad,
idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.
Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia


Alleluia Véarsa              
Mt 11:25 
Alleluia, alleluia!
Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún,
de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus
mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad.
Alleluia!

SOISCÉAL            

Go raibh an Tiarna libh.                     Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas       10:17-30       Glóir duit, a Thiarna.
Imigh leat, díol a bhfuil agat agus lean mise.

San am sin ag cur chun bóthair d’ Íosa rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúine ina láthair agus d’fhiafraigh sé de:
“A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”
Dúirt Íosa leis:
Cad chuige a ndeir tú maith liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin. Is eol duit na haitheanta.
‘Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Ná déan calaois.
Tabhair onóir do d’athair agus do do mháthair
.’”
Dúirt seisean leis:A Mháistir, choimeád mé iad sin uile ó m’óige.”

D
hearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis:
“Tá aon ní amháin in easnamh ort fós;imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é
agus beidh stór agat ar neamh; tar ansin agus lean mise.”
Chuir an chaint sin buaireamh air agus d’imigh sé leis go dubhach mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige.

Jesus above allBhreathnaigh Íosa ina thimpeall agus dúirt sé lena dheisceabail:
“Cad é chomh deacair is a bheidh sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!”
Chuir a bhriathra alltacht ar a dheisceabail, ach d’fhreagair Íosa agus dúirt leo arís:
A chlann liom, cad é chomh deacair is atá sé dóibh siúd a chuireann a muinín i saibhreas dul isteach i ríocht Dé! Óir is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.”
Ba mhó ná sin an t-ionadh a bhí orthu agus dúirt siad lena chéile:
Cé is féidir a shlánú, más ea?”
Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: “Tá sé seo dodhéanta ag daoine ach níl ag Dia; óir tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”

Chrom Peadar ar a rá leis: “Sinne, féach, d’fhágamar an uile ní agus leanamar thusa.
Dúirt Íosa:
Deirim libh go fírinneach nach bhfuil aon duine a d’fhág teach ná deartháireacha, ná deirfiúracha, ná máthair, ná athair, ná clann, ná tailte, mar gheall ormsa agus ar an soiscéal nach bhfaighidh níos mó faoi chéad san aimsir seo anois, tithe agus deartháireacha agus deirfiúracha agus máithreacha agus clann agus tailte, fara géarleanúintí, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.”

Soiscéal an Tiarna.    Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig an pharóiste: Dé Luain 10-1 (guthán amháin Dé Máirt 10-1)
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an Déardaoin

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196