Nuacht Litir 20/10/2024

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Naoú Domhnach Fichead Saor

(20/10/2024)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged


Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn
Dé Máirt 9.30rn

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead

 


CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh Íseáia        53:10-11
Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol.

carrying the crossBa thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht.
Má thugann sé a anam in éiric an pheaca,
feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol,
agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.

Tar éis saothar a anama, feicfidh sé an solas agus beidh sásamh air.
Lena phianta déanfaidh mo ghiolla fíréin de na sluaite,
á luchtú féin le hualach a gcionta.

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia.

Salm le Freagra         Sm 32
Freagra                         Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
de réir an dóchais a chuirimid ionat.

1. Is dílis é briathar an Tiarna, agus is iontaofa a obair uile.
Is ionúin leis an chóir is an ceart; tá an talamh lán de bhuanghrá an Tiarna.                          Freagra

2. Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe, orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,
chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbas is go gcothódh sé iad in am an ghorta.          Freagra

3. Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna: is é sin ár gcabhair is ár sciath.
Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat.                        Freagra

DARA LÉACHT   

Sliocht as an litir chuig na Eabhraig       4;14-16
Druidimis go muiníneach le ríchathaoir an ghrásta.

Jesus deep in thoughtA bhráithre, ós rud é, mar sin, go bhfuil ardsagart againn atá gafa tríd na flaithis, Íosa, Mac Dé, coinnímis greim docht ar ár gcreideamh. Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.

Dá bhrí sin, druidimis go muiníneach le ríchathaoir an ghrásta le súil go ndéanfar trócaire orainn agus go bhfaighimis grásta a chabhróidh linn in am an ghátair.

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa          Marcas 10:45  
Alleluia, alleluia!
Tháinig Mac an Duine chun go ndéanfadh sé féin freastal,
agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.
Alleluia!

SOISCÉAL           

Go raibh an Tiarna libh.         Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas        10: 42-45       Glóir duit, a Thiarna.
Tháinig Mac an Duine chun a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.

San am sin tháinig Séamas agus Eoin, clann Zeibidé; chuig Íosa á rá leis:
A Mhaistir, is mian linn go ndéanfá dúinn cibé ní a iarrfaimid ort.”
Dúirt seisean leo:
“Cad ab áil libh a dhéanfainn daoibh?”
Agus dúirt siadsan leis:
Tabhair dúinn go suífimis, duine againn ar do dheis, agus duine againn ar do chlé, i do ghlóir.”
Dúirt Íosa leo:
“Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh. An bhféadann sibh an cupa a ól atá á ól agamsa,
agus sibh do bhur mbaisteadh leis an mbaisteadh lena bhfuilimse do mo bhaisteadh?”

Dúirt siad leis: “Féadaimid.”
Dúirt Íosa leo:
“An cupa atáim a ól, ólfaidh sibh, agus leis an mbaisteadh lena bhfuilim do mo bhaisteadh, baistfear sibh;
ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agamsa atá sin le tabhairt, ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán.”

Ar a chloisteáil sin don deichniúr thosaigh siad ar a bheith míchéadfach i dtaobh Shéamais agus Eoin.

Jesus servesAgus ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo:
“Tá fhios agaibh go mbíonn an mhuintir, a shamhlaíonn a bheith ag rialú na ngintlithe, ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu. Ach ní mar sin atá an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis a bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh, agus an duine ar mian leis a bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábhaí ag cách.

Óir níor tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air, ach chun go ndéanfadh sé féin freastal, agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”

Soiscéal an Tiarna.              Moladh duit, a Chriost _________________

SOISCÉAL Gearr 

Go raibh an Tiarna libh.      Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas        10: 42-45       Glóir duit, a Thiarna.
Tháinig Mac an Duine chun a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.

Agus ghlaoigh Íosa orthe  agus dúirt sé leo:Jesus serves
“Tá fhios agaibh go mbíonn an mhuintir, a shamhlaíonn a bheith ag rialú na ngintlithe, ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu. Ach ní mar sin atá an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis a bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh, agus an duine ar mian leis a bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábhaí ag cách.

Óir níor tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air, ach chun go ndéanfadh sé féin freastal, agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”

Soiscéal an Tiarna.        Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Oifig an pharóiste: Dé Luain 10-1 (guthán amháin Dé Máirt 10-1)
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an Déardaoin

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196