Nuacht Litir 12/10/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An tOchtú Domhnach Fichead tráth saor na bliana

(12/10/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain           9:30rn  Adhradh 10-5
Dé Máirt            9:30rn
Dé hAoine    9:30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Dé hAoine    10:30
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00

 

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an dara Leabhar Ríthe         5:14-17
Ní ofrálfaidh do shearbhónta íobairt dhóite ná eile d’aon dia ach don Tiarna.

Chuaigh Náman síos agus thum é féin seacht n-uaire sa Iordáin de réir chomhairle ghiolla Dé. Agus leigheasadh a chneas mar a bheadh cneas naíonáin ann agus bhí sé glan. Ansin d’fhill sé ar an ngiolla Dé, é féin agus a chuideachta, agus sheas sé os a chomhair.
“Anois a aithním,” ar seisean, “nach bhfuil Dia ar bith sa domhan ar fad ach amháin in Iosrael.
Anois dá bhrí sin tóg bronntanas ó do shearbhónta, le do thoil.”Elisha&Naaman

Ach d’fhreagair seisean: Dar an Tiarna beo dá ndéanaim seirbhís, ní thógfaidh mé aon ní.”

A
gus bhí Námán ag tathant air ach ní dhéanfadh.Ansin dúirt Námán:
Ós rud é nach dtógfaidh tú, tugtar, le do thoil, ualach dhá mhiúil de chré do do shearbhónta; mar as seo amach ní ofrálfaidh do shearbhónta íobairt dhóite ná eile d’aon dia ach don Tiarna.

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia

Salm le Freagra            Sm  97: 1-4, r/v 2
Freagra                           D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú do na náisiúin.

I. Canaigí amhrán nua don Tiarna óir rinne sé éachtaí
Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa rug sé bua dó féin.                                            Freagra

2. D’fhoilsigh an Tiarna a shlánú Nocht sé fhíréantacht do na náisiúin.
Ba chuimhin leis a fhírinne is a ghrá do theaghlach Isráél.                                                Freagra

3. Chonaic críocha uile na cruinne slánú ár nDé Gairdígí sa Tiarna, a chríocha uile,
agus nochtaigí bhur n-áthas dó.                                                                                               Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Timóteas       2:8-13
Má fuaireamar bás in éineacht leis beimid beo in éineacht leis chomh maith.

  A bhráithre ionúin, cuimhnigh ar Íosa Críost a rugadh de shliocht Dháivi, agus a tógadh ó mhairbh de réir an dea-scéil a bhímse a fhógairt. Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáimse ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach. Dá chionn sin cuirimse suas le gach sórt ar mhaithe leis an muintir thofa le hionchas go mbainfidís sin amach chomh maith an slánú agus an ghlóir shíoraí i gCríost Íosa.Is fíor an ráiteas é:
Má fuaireamar bás in éineacht leis beimid beo in éineacht leis chomh maith.
Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith.
Má shéanaimid é,séanfaidh seisean sinn.

Ach má bhímid mídhílis féin, fanfaidh seisean dílis fós, mar nach féidir dó é féin a shéanadh.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa           Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!

Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.               Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh  Lúcás        17:11-19              Glóir duit, a Thiarna.
An ea nach raibh aon duine le fáil a thiocfadh ar ais ag tabhairt glóire do Dhia ach an coimhthíoch seo amháin?”

Jesus and the leperSan am sin sa tslí dó go Iarúsailéim, ghabh sé feadh na teorann idir an tSamáir agus an Ghailíl; agus le linn dó bheith ag dul isteach i mbaile áirithe, tháinig faoina dhéin deichniúr lobhar.
Stad siad tamall uaidh, agus labhair siad go hard á rá:
“A Íosa, a Mháistir, bíodh trua agat dúinn!

A
r a fheiceáil sin dó, dúirt sé leo: Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt.” Agus ag dul ann dóibh, glanadh iad. Ach ar a fheiceáil do dhuine acu go raibh sé leigheasta, tháinig sé ar ais agus é ag tabhairt glóire do Dhia de ghlór ard, agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean.
Labhair Íosa agus dúirt:
Nár glanadh an deichniúr? Agus an naonúr eile, cá bhfuil siad?
An ea nach raibh aon duine le fáil a thiocfadh ar ais ag tabhairt glóire do Dhia ach an coimhthíoch seo amháin?”

Agus dúirt sé leis: Éirigh agus imigh leat; shlánaigh do chreideamh tú.”

Soiscéal an Tiarna.                    Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196