Nuacht Litir 28/09/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Séú Domhnach Fichead tráth saor na bliana

(28/9/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn 6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain           11:00rn
Dé hAoine    11:00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT

Sliocht as  Leabhar Amós, Fáidh.       6:1. 4-7
Beidh siad, ar an gcéad dream ar deoraíocht; agus an mhuintir sínte ar tholga beidh deireadh lena ragairne.

Seo mar a deir an Tiarna uilechumhachtach:

AMOSIs mairg don mhuintir atá sócúil i Síón,
agus a mhothaíonn slán sábháilte ar shliabh na Samáire,
Is mairg dá luíonn ar leapacha eabhair, a shíneann iad féin ar tholga;
a chothaíonn iad féin ar uain an tréada, agus ar na gamhna as na stalla;
a chanann baothamhráin le fuaim na cruite,
a chumann (ar nós Dháiví) nuaghléasanna ceoil;
a ólann fíon i gcoirn agus a ungann iad féin leis na holaí is tofa;
ach gur cuma leo faoi thurnamh Iósaef.

Beidh siad, dá bhrí sin, ar an gcéad dream ar deoraíocht;
agus an mhuintir sínte ar tholga beidh deireadh lena ragairne.

Briathar an Tiarna              Buíochas le Dia

Salm le Freagra               Sm 145:6-10, R/v 2
Freagra                              Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.
Malairt Freagra              Alleluia!

1. Is é an Tiarna a sheasann lena bhriathar de shíor agus a dhéanann ceart don drong atá, faoi chois.
Is é a thugann bia don ocrach. Is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.                                  Freagra

2. Osclaíonn sé súile na ndall, tógann sé suas an dream atá crom.
Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch, déanann tacaíocht don dílleachta is don bhaintreach.    Freagra

3. Tugann an Tiarna grá don fhíréan, ach cuireann sé sir na bpeacach trí chéile.
Beidh an Tiarna i réim go brách, ina Dhia, a Síón, ó glúin go glúin.                                                      Freagra


DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Timóteas  6:11-16
Achtaím ort, an aithne seo a choimeád gan cháim gan locht go dtí taibhsiú ár dTiarna Íosa Críost.

Ós óglach Dé tusa, seachain na nithe sin. Bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an bhfoighne agus ar an láchas. Fear cath an chreidimh go calma agus bain amach an bheatha shíoraí, mar is chun na beatha sin a fuair tú an glaoch nuair a rinne tú an dea-admháil chreidimh i láthair mórán finnéithe. I láthair Dé a thugann beatha don uile ní, agus i láthair Chríost Íosa a rinne a dhea-admháil féin chreidimh os comhair Phoint Pióláit, achtaím ort, an aithne seo a choimeád gan cháim gan locht go dtí taibhsiú ár dTiarna Íosa Críost.

Taispeánfaidh Dia dúinn é ina mhithidí féin:
An Dia beannaithe atá ina aon cheannasaí,
atá ina rí ar na ríthe agus ina thiarna ar na tiarnaí;
an tAon atá buan gan bás, agus a chónaíonn sa solas doshroichte.
Aon duine riamh ní fhaca é ná ní féidir dó é a fheiceáil.
Glóir dó agus cumhacht shíoraí. Amen.

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa            Eo 10: 27
Alleluia,
Alleluia!
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, a deir the Tiarna,
agus aithním iad, agus leanann siad mé.

Alleluia!

SOISCÉAL    

Go raibh an Tiarna libh.          Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás    16:19-31            Glóir duit, a Thiarna.
Fuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe.
Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá.

San am sin dúirt Íosa leis na Fairisínigh:
“Bhí fear saibhir ann a mbíodh corcra agus sról rómhín mar éadach air, agus é go taibhseach gach lá ag bord aoibhinn. Agus bhíodh duine bocht darbh ainm Lazaras ina luí le hais a gheata agus screamh othras air agus arbh é ba mhian leis a shá a fháil den sprúilleach a thiteadh ó bhord an fhir shaibhir; agus fós, bhíodh na gadhair féin ag teacht ag lí na n-othras aige. Ach ansin fuair an duine bocht bás, agus iompraíodh ag na haingil é go hucht Abrahám. Fuair an fear saibhir bás freisin agus adhlacadh é.

Agus in ifreann dó, d’ardaigh sé a shúile agus é i bpiolóidí, agus chonaic Abrahám i bhfad uaidh agus Lazaras ina ucht.
Agus ghlaoigh sé amach: ‘A Athair Abrahám,’ ar sé, ‘bíodh trua agat  dom, agus cuir Lazaras go dtomfadh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaródh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.’
Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá. Agus ina éagmais sin uile, tá duibheagán mór suite daingean idir sinne agus sibh, ionas nach féidir leo seo arb áil leo é dul anonn chugaibh agus nach ngabhtar anall trasna chugainne.’lazarus

Dúirt seisean: ‘Iarraim ort más ea, a athair, é chur go dtí teach m’athar – tá cúigear dearthár agam – chun go dtabharfadh sé fios an scéil dóibh d’eagla go dtiocfaidís sin freisin san áit seo na bpiolóidí.’
Dúirt Abrahám: ‘Tá Maois acu agus na fáithe; éistidís leo sin.’
Dúirt sé: ‘Ní hea, a athair Abrahám, ach má théann duine ó na mairbh chucu déanfaidh siad aithrí.’
Ach dúirt sé leis:
Mura n-éisteann siad le Maois agus leis na fáithe, ní mó a ghéillfidh siad má éiríonn duine ó mhairbh.’”

Soiscéal an Tiarna.            Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment