Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Naoiú Domhnach Fichead tráth saor na bliana
(17/10/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9:30rn Adhradh 10-5
Dé Máirt 9:30rn
Dé hAoine 9:30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Dé hAoine 10:30
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Exodús 17:8-13
Fad a choinnigh Maois a lámh in airde, bhí an lá le hIosrael.
Tháinig Amailéic agus d’ionsaigh sé Iosrael i Reifídím.
Agus dúirt Maois le Iósua:
“Togh buíon fear dúinn agus téigh amach chun troda le hAmailéic ar maidin amárach. Seasfaidh mise ar mhullach an chnoic agus slat Dé i mo láimh.”
Rinne Iósua rud ar Mhaois agus throid le hAmailéic ach chuaigh Maois agus Árón agus Húr go mullach an chnoic. Fad a choinnigh Maois a lámh in airde, bhí an lá le hIosrael, ach nuair a ligeadh sé anuas í, bhíodh le hAmailéic.
Ach bhuail tuirse lámha Mhaois agus fuaireadar cloch agus chuireadar faoi í. Shuigh sé uirthi agus Árón agus Húr ag coinneáil a lámh in airde, duine ar gach taobh de, agus bhí a lámha gan cor astu go fuineadh gréine. Threascair Iósua Amailéic agus a mhuintir chun láir le faobhar claímh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 120: C/f v.2
Freagra Is ón Tiarna féin atá mo chúnamh eisean
a rinne neamh agus talamh.
1. Tógaim mo shúile chun na sléibhte: cad as do mo chúnamh?
Is ón Tiarna féin atá mo chúnamh- eisean a rinne neamh agus talamh. Freagra
2. Nár lige sé duit tuisliú go deo, nár dhéana do gharda codladh.
Féach! ní thitfidh sámhchodladh ná suan ar gharda Isráél. Freagra
3. Is é an Tiarna do gharda is do dhídean agus é ar do dheis.
Ní bhuailfidh an ghrian thú i rith an lae ná an ghealaeh istoíche. Freagra
4. Coimeádfaidh an Tiarna ón uile olc thú, coimeádfaidh sé d’anam.
Coimeádfaidh an Tiarna thú ag imeacht is ag teacht duit anois agus choíche. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an dara Litir Naomh Pól chuig Timóteas 3:14-4:2
Seo í an Slí chun daoine go mbeadh óglach Dé lánoilte ar a cheird agus ullamh i gcomhair gach cineál dea-oibre.
A bhráithre ionúin, cloígh-se, áfach, leis an teagasc a fuair tú, teagasc a bhfuil tú suite go daingean
de. Tuigeann tú cé uathu a fuair tú an teagasc sin, agus tuigeann tú chomh maith go raibh eolas agat ó aois na hóige ar na scríbhinní naofa a bhfuil de chumas acu tú a dhéanamh eagnaí agus tú a sheoladh chun do shlánaithe trí chreideamh i gCríost Íosa. Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhreagnú, chun daoine a cheartú agus iad a mhúineadh chun fíréantachta ar shlí go mbeadh óglach Dé lánoilte ar a cheird agus ullamh i gcomhair gach cineál dea-oibre.
I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a ríocht an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eabh 4: 12
Alleluia, alleluia!
Tá briathar Dé beoúil bríomhar; tugann sé breith
ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 18:1-8 Glóir duit, a Thiarna.
Déanfaidh Dé ceart go dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d’oíche.
San am sin dúirt Íosa parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche:
“Bhí, i gcathair áirithe, breitheamh nach raibh eagla Dé air ná beann ar dhuine aige. Bhí baintreach sa chathair sin freisin agus bhíodh sí ag teacht chuige, ag rá:
‘Déan ceart dom in aghaidh fhear mo chúisithe,’ ach níorbh áil leis é seal aimsire; ach sa deireadh dúirt sé ina aigne:
más ea féin nach bhfuil eagla Dé orm ná beann ar dhuine agam, ina dhiaidh sin, de chionn go mbíonn an bhaintreach seo do mo bhuaireamh, déanfaidh mé ceart di, le heagla go mbeadh sí ag teacht go deo ag crá mo chinn.’”
Agus dúirt an Tiarna:
“Éistigí leis an mbreitheamh éagórach, a ndeir sé! Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d’oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?
Deirim libh, déanfaidh sé ceart go grod. Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine, an bhfaighidh sé creideamh ar an talamh?”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196