Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Naoú Domhnach Fichead tráth saor na bliana
(24/10/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9:30rn Adhradh 10-5
Dé Máirt 9:30rn
Dé hAoine 9:30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Dé Sathairn 11:00 Aifreann Stáisiúin an Fhomhair
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Sírach 35:12-14. 16-19
Gabhann guí an duine uirísil trí na néalta suas.
Is breitheamh é an Tiarna, agus is ionann íseal agus uasal aige.
Ní dhéanfaidh sé leathchuma ar an duine bocht, ach éistfidh sé le hachainí an té a ndearnadh éagóir air.
Ní thabharfaidh sé cluas bhodhar d’achainí an dílleachta,
ná don bhaintreach nuair a inseoidh sí a scéal dó.
An té a fhónann le dea-thoil, glacfar leis, agus bainfidh a achainí na néalta féin amach.
Gabhann guí an duine uirísil trí na néalta suas, agus ní bhfaighidh sé sólás go mbainfidh sí ceann sprice amach.
Ní stopfaidh sé choíche go dtabharfaidh an té is Airde aird air, agus go seasfaidh sé ceart don dream macánta agus go dtabharfaidh sé breithiúnas uaidh.
Ní dhéanfaidh an Tiarna aon mhoill, ná ní dhéanfaidh sé foighne ar a son.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 32:2-3. 17-19.23 R/v 7
Freagra Scread an t-ainniseoir is chuala an Tiarna é.
1. Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth, beidh a mheladh ar mé bhéal de shíor.
Déanann m’anam mórtas as an Tiarna: cluineadh lucht na huirísle is déanaidís lúcháir. Freagra
2.Bíonn gnúis an Tiarna iompaithe ó lucht déanta an oilc chun go scriosfadh sé a gcuimhne as an talamh.
Glaonn na fíréin ar chabhair, is éisteann an Tiarna leo agus saorann sé iad óna n-anacraí go léir. Freagra
3. Is gairid an Tiarna do lucht an chroí bhrúite, agus tarrthaíonn sé lucht an spioraid bhriste.
Saorann an Tiarna anamacha a sheirbhíseach, ní ghearrfar pionós ar aon dúine a thriallann chuige. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as dara Litir Naomh Pól chuig Timóteas 4:6-8. 16-18
Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta.
I dtaca liom féin de, táim do mo dhoirteadh amach cheana féin mar a bheadh deoch íobartha agus tá uair na scarúna buailte liom. Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam. Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.
Ag plé mo chúise dom don chéad uair ní raibh duine ar bith a sheas ceart dom; thréig an uile dhuine mé. Nár agraí Dia orthu é. Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n-éisteodh na gintlithe uile léi.
Saoradh mé ó bhéal an leoin agus saorfaidh an Tiarna mé ó gach olc agus tabharfaidh sé slán chun a ríochta ar neamh mé, moladh go deo leis. Amen.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Mt 11:25
Alleluia, alleluia!
Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún,
de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime
agus mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Lúcás 18:9-14 Glóir duit, a Thiarna
Chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd.
San am sin labhair Íosa an parabal seo chun daoine áirithe a bhí teann astu féin bheith fíréanta, gur bheag orthu cách eile:
“Chuaigh beirt fhear suas don Teampall ag guí; Fairisíneach duine acu agus poibleacánach an duine eile. Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin:
‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n-adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd. Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’
Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá:
‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’
Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd.
Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196