Nuacht Litir 16/11/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An tríú Domhnach Triochad Domhnach tráth saor na bliana

(16/11/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain           10:00rn   Adradh 10:00 – 5:00

7:30 i.n. Aifreannn Cuimhenacháin na Mairbh
Dé Máirt            9:30rn
Dé hAoine        9:30r.n
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn

Dé Máirt 7:30 i.n. Aifreannn Cuimhenacháin na Mairbh

De hAoine    10:30

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in  Aifreannn Cuimhenacháin na Mairbh
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT

Slíocht as leabhar Malaci        3:19-20
Soilseoidh grian na ffréantachta oraibh.

hellfire Féach, tá an lá ag teacht, agus é ar dearglasadh mar fhoirnéis, a mbeidh na scigirí uile agus lucht déanta an oilc go léir mar choinleach,  agus ídeoidh an lá atá le teacht iad sa chaoi nach bhfágfaidh sé fréamh ná craobh acu, a deir Tiarna na Slua.

Ach, maidir libhse, a thugann ómós do m’ainm, éireoidh oraibh grian na fíréantachta, bhfuil íocshláinte ina gathanna aici.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia


Salm le Freagra         
Sm 95:5-9 R/v 9
Freagra                         Tá an Tiarna ag teacht  a rialú na náisiún go cothrom.

I. Canaigí sailm don Tiarna leis an gcruit agus le fuaim na cláirsí.
Tugaigí gárthale fuaim stoic is adhairce don Tiarna, ár Rí.                                              Freagra

2. Bíodh an fharraige agus a bhfuil inti ag búirthí an domhan agus a maireann ann.
Bíodh na haibhneacha ag bualadh a mbos; déanadh na sléibhte gairdeas
i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht a rialú na cruinne.                                                   Freagra

3. Déanfaidh sé an domhan a rialú go cóir agus na náisiúin go cothrom.                       Freagra

DARA LÉACHT 

Slíocht as dara litir Naomh P0l chuig na Teasalónaigh       3:7-12
An té nach bhfuil fonn oibre air, ná caitheadh sé bia ach oiread.

A bhráithre, tá a fhios agaibh féin cad atá agaibh le déanamh chun aithris a dhéanamh orainne.
Ní raibh aon díomhaointeas orainne fad a bhíomar in bhur measc, ná níor ghlacamar cothú in aisce ó dhuine ar bith. Is amhlaidh a bhímis ag obair le dua agus saothar, de lá is d’oíche, ar shlí nach mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh. Ní hé nach bhfuilimid i dteideal ár gcoda ach d’fhonn sampla a thabhairt daoibhse chun go leanfadh sibh ár lorg.

Go deimhin nuair a bhíomar in bhur measc, seo é an foláireamh a thugaimis daoibh:
An té nach bhfuil fonn oibre air, ná caitheadh sé bia ach oiread.
Tá sé á chloisteáil againn go bhfuil daoine áirithe oraibh a chaitheann a saol go díomhaoin, gan aon ní acu á dhéanamh ach a ladar a chur i ngnó daoine eile. Táimid ag tabhairt foláirimh dá leithéidí sin agus ag moladh dóibh in ainm an Tiarna Íosa Críost, bheith ag obair go ciúin dóibh féin agus a gcuid bia féin a ithe.

Briathar an Tiarna         Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa           Lc  21: 36
Alleluia, alleluia!
Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh sibh
ag seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”

Alleluia!

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.                 Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás       21:5-19        Glóir duit, a Thiarna.
Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur n-anamacha.

2nd comingSan am sin nuair a bhí daoine áirithe á rá mar gheall ar an Teampall go raibh sé maisithe le clocha breátha agus le tíolaicí dúthrachta, dúirt Íosa:
A bhfuil le feiceáil ansin agaibh – tiocfaidh na laethanta nach bhfágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.
D’fhiafraigh siad de ansin:
Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?”

Dúirt sé:
“Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i m’ainmse ag rá: Is mise é’; agus: Tá an t-am in achmaireacht.’
Ná téigí ina ndiaidh. Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin.” Dúirt sé leo ansin: “Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir.

Ach roimh an méid sin uile, leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar m’ainmse. Is é a thiocfaidh as sin daoibh, go bhféadfaidh sibh fianaise a thabhairt. Dá bhrí sin, bíodh sé de rún agaibh gan ullmhú roimh ré chun bhur gcosanta, óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú. Tabharfar ar láimh sibh ag bhur dtuismitheoirí féin, fiú amháin, ag bhur ndeartháireacha, ag bhur ngaolta, ag bhur gcairde, agus básófar cuid agaibh, agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m’ainmse; ach ribe de ghruaig bhur gcinn ní mhillfear.

‘Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur n-anamacha.’

Soiscéal an Tiarna.            Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196