Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Triochadú Domhnach tráth saor na bliana
(9/11/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 11:00rn
Dé Máirt 9:30rn
Dé hAoine 9:30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CHÉAD LÉACHT
Sliocht as an fáidh Ezícéal 47:1-2. 8-9. 12
Bhí uisce ag sceitheadh soir amach faoi bhun thairseach an Teampaill.
Rug an t-aingeal ar ais mé go doras an Teampaill; agus féach, bhí uisce ag sceitheadh soir amach faoi bhun thairseach an Teampaill – bhí an Teampall féin ag féachaint soir. Sceith an t-uisce amach faoi bhun an taoibh theas de thairseach an Teampaill, ó dheas ón altóir. Rug sé ansin mé amach an geata thuaidh agus thug orm dul timpeall amuigh fad leis an ngeata seachtrach thoir, áit a raibh an t-uisce ag sceitheadh soir.
Dúirt sé:
“Sileann an t-uisce seo soir agus téann síos isteach san Arabá; agus ar dhul isteach dó in uisce marbh na farraige déanann sé an fharraige úr. Aon áit a sileann an abhainn mairfidh gach dúil bheo a chorraíonn inti agus beidh flúirse éisc ann; de bhrí go mbíonn sláinte aon áit a dtéann an t-uisce agus go mbíonn an t-anam i ngach dúil aon áit a sileann an abhainn. Ar bhruach na habhann, ar an dá bhruach, fásfaidh gach cineál crann toraidh, le duilleoga nach bhfeonn agus le toradh nach dteipeann. Béarfaidh siad toradh úr gach mí de bhrí go sileann an t-uisce seo dóibh ón sanctóir. Beidh a dtoradh mar bhia agus a nduilleoga mar leigheas.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
**********************************
Malairt CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 3:9-11. 16-17
Foirgneamh Dé, is ea sibhse.
Foirgneamh Dé, is ea sibhse. De réir an ghrásta a thug Dia dom, leag mise an bhunsraith mar a dhéanfadh an t-ardsaor oilte agus fear eile atá ag tógáil uirthi. Faireadh gach duine a chuid tógála féin áfach, mar ní féidir d’aon duine bunsraith eile a leagan ach an ceann atá thíos cheana féin, agus is é Íosa Críost an bhunsraith sin.
Nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur teampall Dé sibh agus go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh. Duine ar bith a mhilleann teampall Dé, millfidh Dia eisean, mar is naofa é teampall Dé – agus is sibhse an teampall sin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
*********************************
Salm le Freagra Sm 45:45:2-3,5-6,8-9 R.v.5
Freagra Is ón Tiarna féin atá mo chúnamh eisean a rinne neamh agus talamh.
1. Is dídean dúinn Dia, agus is é ár neart é: is é ár gcúnamh go dearfa é le linn ár n-anacra.
Dá bhrí sin ní eagal linn má luascann an talamh agus go gcaitear na sléibhte i gceartlár mara . Freagra
2. Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé, ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde.
Tá Dia ina lár, ní féidir í a bhogadh; tiocfaidh Dia i gcabhair uirthi le fáinne an lae. Freagra
3. Tá Tiarna na Slua inár bhfochair, is daingean dúinn Dia Iacóib.
Téanam agus feiceam oibreacha an Tiarna, na héachtaí móra a rinne sé ar talamh. Freagra
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 2:13-22 Glóir duit, a Thiarna.
Ach ar theampall a choirp féin a bhí seisean ag labhairt.
Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim dá bhrí sin. Fuair sé sa sanctóir lucht ba agus caoirigh agus colmáin a dhíol, agus lucht airgead a mhalartú ina suí ann. Agus rinne sé sciúirse de théada agus thiomáin sé iad go léir amach as an sanctóir, na caoirigh agus na ba chomh maith; scaip sé airgead an lucht mhalartaithe agus leag sé na boird, agus dúirt sé le lucht na gcolmán a dhíol:
“Beirigí na nithe sin as seo agus ná déanaigí teach margaidh de theach m’Athar.”
Chuimhnigh a dheisceabail go bhfuil sé scríofa:
“Déanfaidh díograis do thí mé a ithe.”
D’fhreagair na Giúdaigh ansin:
“Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?”
D’fhreagair Íosa: “Leagaigí an Teampall seo,” ar sé leo, “agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é.”
Dúirt na Giúdaigh á fhreagairt:
“Sé bliana agus daichead atá an Teampall seo á thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?”
Ach ar theampall a choirp féin a bhí seisean ag labhairt. Nuair a d’aiséirigh sé ó mhairbh, dá bhrí sin, chuimhnigh a dheisceabail go ndúirt sé an chaint seo agus chreid siad sa scrioptúr agus sa chaint a dúirt Íosa.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196