Nuacht Litir 23/11/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

SOLLUNTAS CHRIOST RI NA nUILE

(23/11/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain           9:30rn   Adradh 10:00 – 5:00
Dé Máirt            9:30rn
Dé hAoine        9:30r.n
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead


 

(AN DOMHNACH SAOR DEIREANACH)

SOLLUNTAS CHRIOST RI NA nUILE

CÉAD LÉACHT

Sliocht as an dara leabhar Samuél        5:1-3
Rinne siad DáivI a ungadh ma rI ar Isráél.

Tháinig treibheanna Iosrael go léir chuig Dáiví ansin i Heabrón.David anointed
“Féach,” ar siad, “sinne do mhuintir ó dhúchas feola agus smeara. San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn, is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir;
agus dúirt an Tiarna leat:
Is tusa a bheidh i d’aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar Iosrael.’”
Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón, agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael.

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia

Salm le Freagra         Sm 121: 1-5, R/v 2
Freagra                         Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom: ‘Téimis i dteach an Tiarna.’

I. Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom:  ‘Téimis i dteach an Tiarna.’
Tá ár gcosa ina seasamh cheana féin i do dhoirse, a Iarúsailéim.                       Freagra

2. Rinneadh cathair larúsailéim a thógáil go dlúth is go daingean.
Is chuici a ghabhann na treibheanna suas, treibheanna an Tiarna.                  Freagra

3. D’fhonn buíochas a ghabháil le hainm an Tiarna de réir dhlí chlann Israáél.
Is ansiúd atá cathaoir bhreithiúnais theaghlach Dháiví.                                      Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as litir Naomh Pól chuig Colosaigh       1:12-20
Chruthaigh Sé áit dúinn  i ríocht a mhic mhuirnigh.


A bhráithre, gabhaimid buíochais go lúcháireach leis an Athair a dheonaigh daoibh a bheith páirteach in oidhreacht an phobail naofa sa solas agus a d’fhuascail sinn ó chumhacht an dorchadais agus chruthaigh Sé áit dúinn i ríocht a mhic mhuirnigh. Is tríd an Mac sin atá ár bhfuascailt le fáil, is é sin, maithiúnas na bpeacaí.

Is íomhá den Dia dofheicthe é agus céadghin gach dúile cruthaithe
mar is trídsean a cruthaíodh a bhfuil ar neamh agus ar Jesus is Lord
bídís sofheicthe nó dofheicthe, idir Thróin agus Thiarnais
idir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí.
Is trídsean agus dósan a cruthaíodh an t-iomlán.

Tá tosach aige orthu uile agus is ann a choinnítear ar bun iad.
Is é ceann an choirp é, ceann na hEaglaise.
Is é an tús é, an chéadghin ó mhairbh i dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.

Mar is ann ab áil le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,
agus is trídsean ab áil leis gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh
a thabhairt chun athmhuintearais leis féin,agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa            Mc 11: 10
Alleluia, alleluia!
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!
Is beannaithe ag teacht í, Ríocht ár nAthar, Daivi!

Alleluia!

SOISCÉAL 
Go raibh an Tiarna libh.          Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás   23:35-43
A Thiarna, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do riochta.

San am sin d’fhan an pobal ansiúd ag breathnú ar Íosa. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire:
Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.
Agus rinne na saighdiúirí freisin fonóid faoi; ag teacht ag tabhairt fínéagair chuige deiridís: “Más tú Rí na nGiúdach, saor thú féin!”
Agus fós, bhí scríbhinn os a chionn i nGréigis, i Laidin, agus in Eabhrais:  “Rí na nGiúdach é seo.”

Duine de na coirpigh a bhí arna gcrochadh, bhí sé á dhiamhaslú á rá:
Nach tú an Críost? Saor tú féin agus sinne.”
Ach thug an duine eile casaoid dó agus dúirt:
An ea nach bhfuil eagla Dé ort, agus tusa faoin daorbhreith chéanna? Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin á thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.”
Agus dúirt: “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!”
Agus dúirt seisean leis: Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bparthas.”

Soiscéal an Tiarna.             Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196