Nuacht Litir 30/11/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

advent

An Chéad Domhnach den Aidbhint Bliain A

(30/11/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn    11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 9.30rn
Dé Luain           9:30rn   Adradh 10:00 – 5:00
Dé Máirt            9:30rn
Dé hAoine        9:30r.n
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 11:00rn  (RnaG – Éigse)

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead


 

An Chéad Domhnach den Aidbhint Bliain A

AN CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Íseáia, Fáidh       2:1-5
Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí.

Fís Íseáia mhic Ámóz i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim.

welcome-says-jesus Titfidh sé amach san am atá le teacht
go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air os cionn na sléibhte, agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é.
Tiocfaidh na ciníocha go léir ina sruth go dtí é; is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh:

Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna go teach Dhia Iacóib,
chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí.”
Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.

Beidh smacht aige ar na ciníocha  agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal, agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachta agus a sleánna ina gcorráin.
Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
A theaghlach Iacóib, tagaigí, agus siúlaimis i solas an Tiarna!

Briathar an Tiarna          Buíochas le Dia

Salm le Freagra         Sm 121: 1-2,4-5,6-9, Rv v.1
Freagra                         Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom. 
‘Téimis i dteach an Tiarna.’

1. Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom: ‘Téimis i dteach an Tiarna.’
Tá ár gcosa ina seasamh cheana féin i do dhoirse, a Iarúsailéim.      Freagra

2. Rinneadh cathair Iarúsailéim a go dlúth is go daingean.
Is chuici a ghabhann na treibheanna suas, treibheanna an Tiarna.   Freagra

3. Ar son mo bhráithre agus lucht mo pháirte:
‘Go raibh síocháin ionat!’ Ar son theach an Tiarna, ár nDia, iarraim do leas.     Freagra

AN DARA LEÁCT 

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh   13:11-14
Is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar.

A bhráithre, nuair a thuigeann sibh an uair atá ann, is mithid daoibh dúiseacht as bhur gcodladh, mar is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar leis an gcreideamh. Tá sé i bhfad amach san oíche agus ní fada uainn an lá. Caithimis oibreacha an dorchadais uainn, mar sin, agus cuirimis orainn cathéide an tsolais. Mairimis go béasach mar dhaoine atá faoi sholas an lae, gan ragairne gan meisce, gan striapachas gan drúise, gan achrann gan éad. Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn d’fhonn a hainmhianta a shásamh.

Briathar an Tiarna   Buíochas le Dia


Alleluia Versa

Alleluia, alleluia!
Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire, agus tabhair dúinn cúnamh do shlánaithe.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.                   Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha      24:37-44        Glóir duit, a Thiarna.
Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna.

stay-awakeSan am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
‘Amhail mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine. Óir, faoi mar a bhí siad sna laethanta úd roimh an díle, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc, agus gan a fhios acu aon ní gur tháinig an díle agus gur sciob léi iad uile; is mar sin freisin a bheidh téarnamh Mhac an Duine. Beidh beirt fhear sa ghort an uair sin: tógfar duine agus fágfar duine; beirt bhan ag meilt bhró: tógfar bean agus fágfar bean.

Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna. “Bíodh a fhios agaibh é seo, áfach: dá mb’eol don fhear tí cén t-am san oíche a dtiocfadh an bithiúnach, bheadh sé ag faire agus ní ligfeadh sé ballaí a thí a réabadh.

Sibhse freisin, mar sin, bígí ullamh, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.’

Soiscéal an Tiarna.            Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196